Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Mar 1986

Vol. 364 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Múineadh Trí Ghaeilge.

14. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cé mhéad scoil den dara leibhéal ar fud na tíre ina bhfuil na hábhair ar fad dá múineadh trí Ghaeilge agus an inseoidh sé ar tháinig aon mhéadú ar uimhir na scoileanna sin le deich mbliana anuas.

Tá 27 scoileanna den dara leibhéal ar fud na tíre ina bhfuil na hábhair ar fad dá múineadh trí Ghaeilge. Níor tháinig aon mhéadú ar uimhir na scoileanna sin le deich mbliana anuas.

Ba mhaith liom comhgáirdeas a dhéanamh leis na hAirí anseo as na postanna úra atá acu. Tá súil agam go néireoidh go geal leo ina gcuid oibre. An bhfuil an tAire sásta faoi cheist na Gaeilge sna meánscoileanna? An bhfuil sé sásta go bhfuil go leor á dhéanamh sna meánscoileanna leis an Ghaeilge a choinneáil beo?

Táim sásta.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire faoin rud seo. Tá a fhios aige, dar ndóigh, go bhfuil iarratas istigh leis an Roinn chun scoil dara leibhéal a bhunú ar an thaobh thuaidh de chathair Bhaile Átha Cliath. An bhfuil sé toilteanach cead a thabhairt don scoil sin tosnú — scoil faoin VEC atá i gceist?

Sin ceist speisialta. Is ceist ghinearálta í an cheist ón Teachta Gallagher.

Barr
Roinn