Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Mar 1986

Vol. 364 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Múineadh i gCultúr Gaelach.

20. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé ar eolas aige gur mian le tuismitheoirí go mbeadh caoi ag a bpáistí le ceol Gaelach, rincí Gaelacha agus ár gcultúr go hiomlán a chur os comhair a gclainne sa chóras oideachais, agus an inseoidh sé cén treoir atá dhá tabhairt aige leis an ghné seo dár ndúchas a thabhairt slán.

Tá a fhios agam go maith go bhfuil spéis ag a lán de na tuismitheoirí sa cheol agus sa Rince Gaelach, agus gur mian leo nach gceilfí ár gcultúr dúchasach ar a bpáistí. Tá mé lán-taobhach leis an dearcadh sin, agus creidim go bhfuil múinteoirí na tíre taobhach leis chomh maith.

Tugtar aire mhaith do na cúrsaí seo sna treoracha do mhúinteoirí atá ar fáil ins an leabhar ‘Curaclam na Bunscoile' agus do na slite inar féidir an dá ábhar Ceol agus Rince a cheangailt le téamaí bunaithe ar ár dteanga, ar ár mbéaloideas agus ar ár stair.

Mar is eol don Teachta téann na scoláirí ó na Coláistí Oideachais go dtí an Ghaeltacht mar chuid dá gcúrsa léinn le taithí breise a fháil ar an gcultúr Gaelach — an Ceol agus an Rince Gaelach ina measc.

Ag an dara leibhéal tá gnéithe de chultúr na tíre fite fuaite in a lán de na hábhair atá ar chlár na scoileanna. Tugtar treoir faoi na gnéithe sin den chultúr a chur os comhair na ndaltaí le linn dóibh a bheith ag gabháil d'ábhair mar an Ghaeilge féin, an Stair, an Tíreolaíocht, an Ceol, an Corpoideachas agus an Ealáin.

Tá socraithe agam a iarraidh ar an mBord Curaclaim agus Scrúdaithe, nuair a bheidh sé bunaithe go foirmiúil, féachaint le cúrsa sa tSaíocht Éireannach (Irish Studies) a thabhairt isteach i gcuraclam na scoileanna mar thacaíocht don Ghaeilge. Bheadh an oidhreacht chultúrtha ag croílár a leithéid de chúrsa.

Maidir leis an gceol féin tá sé mar chúram ar Bhrainse Foilseacháin na Roinne (An Gúm) ceol dúchais na hÉireann a fhoilsiú agus foilsíodh ceithre shaothar dá leithéid i gcaitheamh na bliana seo caite.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire as an freagra iomlán a thug sé ar an cheist. An bhfuil sé ar eolas aige go bhfuil deacrachtaí i gceantracha tuaithe — go mbíonn ar tuismitheoirí agus paistí íoc as ceol úirlise a fhoghlaim agus go bhfuil sé in am don Roinn féachaint chuige go gcuirfí daoine cáilithe isteach i ngach paróiste le ceol úirlise go mór mhór a mhúineadh sna scoileanna. Níl sé sásúil i láthair na huaire nuair a chaithfidh na tuismitheoirí íoc as na costais le haghaidh ceol úirlise a chur ar fáil sna scoileanna.

Labhróidh mé féin leis an Teachta Gallagher faoin méid atá ráite aige ansin. Is féidir liom a rá má bhíonn athrú ar bith ann, neartófar an cás; ní laghdófar é ar chuma ar bith. Labhróidh mé leis an Teachta faoi na deacrachtaí atá luaite aige.

Bhí scéim ag na coistí gairm oideachais le haghaidh ceol a mhúineadh agus íocaíocht a thabhairt do dhaoine cáilithe le ceol úirlise a mhúineadh. An mbeidh an tAire sásta an cheist sin a scrúdú arís i gcaoi go gcuirfear na seirbhísí sin ar fáil go mór mhór sna scoileanna ar fud na tuaithe. Tá sé ceart go leor sna bailte móra ach ar fud na tuaithe níl an deis ag paistí ceol úirlise a fhoghlaim gan íoc as.

Beidh mé sásta an cheist sin a scrudú agus beidh mé i dteangmháil leis an Teachta.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an mbeirt Airí. Tá mé ag súil go n-éireoidh go geal leo sna postanna nua atá acu. Is mian liom a iarraidh ar an Aire Stáit an ndéanfaidh sé ordú go mbeidh múineadh rince agus ceol Gaelach i gcuid de na bunscoileanna; agus an ndéanfaidh sé ordú eile chun am a chur ar gach clár sna bunscoileanna chun an múineadh seo a chur ar fáil.

Sílim nach raibh an Teachta ag éisteacht go cruinn liom. Mar a dúirt mé cheana, tugtar aire mhaith do na cúrsaí seo sna treoracha do mhúinteoirí atá ar fáil sa leabhar sin a chuirtear chun na bunscoileanna. Déantar plé go díreach leis an ceol agus an rince sa leabhar sin agus tá a fhios go maith ag na múinteoirí céard ba chóir dóibh a dhéanamh.

I wish to raise on the Adjournment the matter of the urgent need to have repairs carried out to houses at St. Grellan's housing estate, Ballinasloe, County Galway.

The Chair will communicate with the Deputy.

Barr
Roinn