Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Apr 1986

Vol. 365 No. 2

Adjournment Debate. - Tourmakeady (Mayo) School Closure.

A Leas-Cheann Comhairle, thank you for allowing me to raise this very important question of the closure of Tourmakeady all-Irish secondary school in the west Mayo Gaeltacht. It is one more educational closure bombshell which has struck at the very heart of the Mayo Gaeltacht and at all those who have a love of the Irish language. Caithfidh mé a rá gur baineadh preab mór as mhuintir Mhaigh Eo agus muintir na tíre uile nuair a fuair siad an droch scéal maidin inné, nuair a fógraíodh é do na mná rialta nach mbeadh siad ábalta leanúint ar aghaidh leis on scoil i dTuar Mhic Eide.

This was a shock announcement to all concerned and interested in the Irish language throughout the country, but especially in the Gaeltachtaí in the west. It was incredible news to give to any teaching team at 11 o'clock in the morning, completely unexpected. One must think of the considerable sums of money put into that school for reconstruction in the past year or two. This made the closure all the more incredible.

It has to be stated also that the Minister for Education and, indeed, all who have an interest in the Irish language, have been shocked by this announcement. It is a thrust against the very heart of the language revival because of the great standards of Irish that have been attained in Tourmakeady secondary school and the magnificent tradition which has existed there for half a century or more, for the protection and development of the Irish language. There are many questions that one could ask, but we have to express our horror and shock at this terrible bombshell that has been dropped on the Tourmakeady district, the people of Mayo and, in particular, the students, parents and all those who, over the years, have willingly given their assistance and support to this school.

We would like to ask — and it is important for us to know this — when exactly did the Department of Education know of the closure that was to take place and what reaction did the Minister and his Department give to the authorities if and when they were informed of the closure? What exactly is the Department's interest at this time in the buildings and the institution known as the Tourmakeady all-Irish secondary school? What will the Minister for Education do to try to alter the decision announced yesterday by the Sisters of Mercy to the staff in so far as the closure and the phasing out of the school are concerned? Will he guarantee to seek what means are available to him to try to keep the college open? We make no apology at all for raising this matter and expressing our great disappointment and dismay that the Sisters of Mercy feel it necessary to curtail their activity in the school. We also wish to know what the Department of Education, as the real custodian of the school and of the protection of the Irish language propose to do to save the day for this very worthy educational institution.

A Leas-Cheann Comhairle, ba mhaith liom mo buíochas a ghabháil leat as ucht cead a thabhairt dúinn an t-ábhar seo a thabhairt os comhair na Dála anocht. Mar adúirt mo chara, An Teachta Flynn, anseo tugadh buille tubáisteach don Ghaeilge agus d'oideachas sa Ghaeilge nuair a rinneadh an fógra seo inné. Tá stair iontach ó thaobh múineadh na Gaeilge sa choláiste seo ó bunaíodh é i 1931 agus lean an coláiste ar aghaidh leis an obair iontach seo ar feadh na mblianta cé gur cuireadh deireadh leis mar choláiste ullmhucháin. Chuir sé sin isteach ar obair na Gaeilge a bhí ar siúl sa choláiste sin i gcaitheamh na mblianta.

Chuir sé iontas agus fearg ar phobal Thuar Mhic Éide go dtarlódh a leithéid agus fágann sé an Ghaeltacht ar fad, Gaeltacht Chonnachta, tig linn a rá, gan scoil a mbeidh an meán oideachas inti trí Ghaeilge. Ní thig linn glacadh leis sin agus sílim go bhfuil sé de dhualgas ar an Rialtas féachaint chuige go ndéanfar gach iarracht leis an gcoláiste seo a choinneáil ar siúl. Tá cheana i Contae Mhaigheo áit ar choinnigh an pobal iad féin coláiste ar siúl — i mbaile álainn — nuair a d'fhág na mná rialta an scoil ansin, agus sílim go dtig linn a rá i leith muintir Thuar Mhic Éide, an pobal Gaelach uilig, Gaeilgeoirí ar fud na tíre, iar-scoláirí, go dtiocfaidh siad le chéile le gach cabhair a thabhairt leis an gcoláiste iontach seo a choinneáil ar siúl agus ba mhaith linn go mbeadh an Rialtas agus an tAire, os rud é go dtagann sé ón nDáil-cheantar ina bhfuil an scoil seo dhá dúradh sásta lán-tacaíocht a thabhairt leis an gcoláiste seo a choimead ar oscailt. Sin é an méid a theastaíonn uainne. Tá éagóir á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí de bharr an coláiste seo a dhruid.

Tá an-díomá ormsa mar iar-scoláire de chuid an choláiste gur thog Siúracha na Trócaire an cinneadh seo. Ní chreidimse gur inné nó athrú inné a socraíodh an cinneadh seo a dhéanamh agus tá súil agam go bhfreagróidh an tAire Stáit na ceisteanna a chuir an Teachta Flynn air. Cuireann sé díomá orm thar aon rud eile gur iar-scoláire de chuid an choláiste an Mháthair-Abb atá ag na Siúracha Trócaire a thóg an cinneadh seo, mar cheap mé go mbeadh níos mo suime aici-se i gcursaí scolaiochta trí Ghaeilge ná go ndúnfadh sí an coláiste.

Cuireann sé isteach orm freisin mar, mar adúirt an Teachta Gallagher níl ach aon scoil amháin anois fágtha i gCeantar Chonnachta, Coláiste Chroí Mhuire gan Smál sa Spidéal, a chuireann oideachas trí Ghaeilge ar fáil agus tá ard-chaighdeán léinn curtha ar fáil ag Tuar Mhic Éide agus ag an bhfoireann teagaisc le blianta fada anuas agus ní hé ámháin go gcuirfidh an cinneadh seo isteach ar phobal na Gaeilge, ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal an iarthair ach cuirfidh sé isteach freisin ar na scoláirí atá ansin faoi láthair agus na scoláirí a bhí le dul isteach ar an gcéad lá de Mheán-Fhómhair seo chugainn. Cuirfidh sé isteach ar thuismitheoirí ar mhaith leo scolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil, gan a bheith i bhfad ó bhaile, dá gcuid páistí agus cuirfidh sé isteach freisin go mór ar an bhfoireann teagaisc sa choláiste a tharraingíonn go maith le chéile agus tá faitíos orm go gcaillfear an áis mhór léinn seo do phobal na tíre trí chéile.

Abairt amháin, a Cheann Chomhairle. Nuair a bhí mise ag gníomhú mar Aire Oideachais agus bhí caint faoi dhúnadh an choláiste seo, dúirt mise más rud é go bhfuil aon chaint faoi sin geallfaidh mé go gcoinneoidh mé oscailte an coláiste sin mar choláiste Stáit.

Caithfidh mé mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí a labhair ar an ábhar tábhachtach seo. Ar dtús, ní cinneadh Rialtais é seo. Is mó airgead atá faighte ag an gcoláiste seo trí dheontais leis na blianta anuas agus ní raibh brú ar bith ar an gcoláiste ón Roinn ná ar na Siúracha an cinneadh seo a dhéanamh. Is meán scoil príobháideach é Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éide atá faoi bhainistíocht Siúracha na Trócaire. Tá oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil sa scoil do chailíní—idir lae agus cónaithe. Is é 164 an líon dalta atá ag freastal ar an scoil i mbliana; tá 98 díobh siúd ina ndaltaí cónaithe. Tamall ó shin, i Mí Eanáir, chuir na Siúracha in iúl do mo Roinn-se—ní raibh mé féin sa Roinn mar Aire Stáit san am — go raibh siad tar éis an scéal a scrúdú agus go raibh siad den tuairim nach dtiocfadh leo leanúint leis an scoil a thuilleadh — go mórmhór toisc na deacrachtaí a bhain leis an scoil chónaithe. Shocraigh siad, mar sin, éirí as an múinteoireacht i dTuar Mhic Éide ach nach bhfógrófaí é seo roimh am na Cásca. Tá brón ormsa nach bhfuair mé féin scéal faoi seo go dtí oíche inné agus is ar an radio a chuala mé é sin. Ní raibh mé ag caint leis na Siúracha faoin chinneadh seo ar chor ar bith agus cuireann sé sin an-bhrón agus aiféala ormsa.

Is cúis aiféala nach bhfuil na mná rialta i riocht leanúint le meán oideachas i gColáiste Mhuire, scoil inar deineadh sárobair ar son na Gaeilge agus a raibh cáil ar de bharr an ard-léibhéal múinteoireachta agus oideachais a bhí ar fáil ann. Is mór mo mheas agus meas mo Roinne ar an sár-obair a rinne na Siúracha agus foireann na scoile i rith na mblianta. Is ceist iontach deacair dúinne go léir as seo amach é.

De réir mar a thuigimse an scéal, áfach, níl sé i gceist an scoil a dhúnadh go díreach ach de réir a chéile amach anseo. Mar adúirt mé, chuir na Siúracha in iúl don Roinn nach raibh siad ábalta an scoil chónaithe a choinneáil ar oscailt de bharr na deacrachtaí a bhain leis. Freisin, bhí na Siúracha den tuairim nach n-éireodh go maith le scoil lae amháin toisc an líon fíor-bheag daltaí a bheadh ag freastal uirthi. Glacaim leis gur mar sin atá an scéal.

Caithfidh mo Roinn deimhin a dhéanamh de anois go mbeidh oideachas, mar adúirt an Teachta Flynn, ar fáil do na daltaí lae atá ag freastal ar Choláiste Mhuire faoi láthair ón uair, mar adeirtear, go ndúnfar é. Ar an mbonn sin tá áthas orm a rá go mbeidh spás go leor ar fáil dóibh san phobalscoil nua atá á togáil i mBaile an Róba, más gá é sin. Tá sé beartaithe go n-osclófar an scoil seo i 1987.

Cuireann ceist fostaíochta na múinteoirí nuair a dhúnfar an scoil isteach go mór orm-sa agus ar na Siúracha, ar ndóigh agus, freisin, ar an Roinn. Cé gur léir go bhfuil na múinteoirí fostaithe ag lucht bainistíochta na scoile, bheadh mo Roinn-se toilteanach aon mholadh i dtaobh obair eile a chur ar fáil dóibh i scoileanna eile a scrúdú chomh báúil agus is féidir,

One concluding remark. This is a very serious matter. It is a bombshell for County Mayo and for Connacht in general. I am disappointed that I was not consulted about the intention about this decision, which was not a Government decision but was taken by the Sisters of Mercy. I am prepared to give full and genuine consideration to any proposal that might emerge regarding the continued operation of the school under different management.

Who owns the property? It is a private school.

Ag an am seo is scoil phríobhaideach i, mar is eol domsa. I am prepared to give a genuine hearing to any alternative options that might be open to us. I know the Deputies will be attending a public meeting in the area shortly when we shall have discussions with the Sisters to see whether together we can work out a strategy for this all-Irish school in Tourmakeady.

It should be taken over as a State school.

It should.

The Dáil adjourned at 9 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 10 April 1986.

Barr
Roinn