Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Apr 1986

Vol. 365 No. 2

Written Answers. - Íocaíocht Dheontas.

45. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais, cén fáth nár méadaíodh an méid airgid óna Roinn do Chomharchumann Íde Naofa Teo., Faing, Contae Luimnigh, agus don Choláiste, Baile an Bhuinneánaigh, Contae Chiarraí, ó 1984; cén fáth nár tugadh aon aitheantas airgid do na heagraíochtaí seo cé go bhfuil méadú mór ar a gcuid saothair thar ceann na ndaltaí; an mbeadh an tAire toilteanach cabhair níos fearr a thabhairt dóibh san obair fhiúntach thábhachtach chruthaitheach atá á déanamh acu ar son na Gaeilge agus an eiseodh sé ráiteas.

Tá scéim ag mo Roinn faoina íoctar deontaisí, ar choinníollacha áirithe, leis na comharchumainn agus coláistí a eagraíonn cúrsaí samhraidh sa Ghaeilge. Tá na rátaí deontais bunaithe ar fhaid an chúrsa agus líon na ndaltaí a bhíonn i láthair ag gach seisiún. Íocadh deontaisí faoin scéim le Comharchumann Íde Naofa agus le Coláiste Cónaithe, Baile an Bhuinneánaigh, ag na rátaí chuí.

Tugadh ardú 50p san ráta deontais i 1985 agus beidh an ráta céanna á íoc arís i mbliana.

Barr
Roinn