Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 May 1986

Vol. 366 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Aersheirbhisí do Oileáin Ghaeltachta.

1. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard iad na hoileáin Ghaeltachta a bhfuil aerstráice agus clós héileacaptair curtha ar fáil iontu agus an inseoidh sé céard atá leagtha amach ag Roinn na Gaeltachta leis na seirbhísí sin a chur ar fáil.

Le cabhair ó Údarás na Gaeltachta tá seirbhís rialta á cur ar fáil ag Aer Árann go hOileáin Arann agus tá aerstráicí orthu sin ar ndóigh. Cuireadh seirbhís héileacaptair ar fáil le linn dúluachair na bliana chuig Toraigh, le dhá bhliain anuas, agus chuig Inis Bó Finne, Co. Dhún na nGall, le bliain anuas. Cé nach bhfuil áiteanna tuirlingthe curtha ar fáil ar na hoileáin Ghaeltachta, tig le héileacaptair teacht anuas orthu. Níl aersheirbhís go dtí aon oileán eile Gaeltachta beartaithe faoi láthair.

An bhfuil aon rud faoi leith beartaithe ag Roinn na Gaeltachta d'Oileán Cléire?

Tá sé ráite agam nach bhfuil aon aersheirbhís go dtí oileáin eile Ghaeltachta beartaithe faoi láthair.

An n-aontódh an tAire nach bhfuil na ceantair Ghaeltachta agus na hOileáin Ghaeltachta ag fáil a gcuid féin den Chiste Réigiúnach ó tharla go bhfuil sé á dháileadh ar an dtír ar fad agus go bhfuil an tír ar fad tógtha mar réigiún? An n-aontódh sé go bhfuil sé in am dearcadh ar an gcaoi a mbaintear úsáid as an gCiste Réigiúnach le teacht i gcabhair ar na hoileáin agus ar na Gaeltachtaí i gcoitinne?

Ní aontóinn leis sin. Mar is eol don Teachta, faighimid an t-airgead ó Chiste Réigiúnach an Chomhphobail in aon bhloc amháin agus is fúinne úsáid an airgid sin a scaipeadh ar an gclár caipitil poiblí. Má tá díospóireacht ann nó le bheith ann is ar an gclár caipitil i gcoitinne a chaithfimid an díospóireacht sin a bheith againn.

Ach nach n-aontódh an tAire gur le haghaidh na gceantar go bhfuil gá le forbairt a dhéanamh iontu is gá an t-airgead seo a chaitheamh agus nach bhfuil na ceanntair iargúlta, agus go mór mhór, na hoileáin ag fáil a scair féin den Chiste Réigiúnach? Tá sé á chaitheamh i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre uilig.

Ní mar sin atá — cé nach bhfuil baint díreach aige leis an gceist seo. Caithimid, mar adúirt mé, an cúnamh ón gCiste Réigiúnach in aon ghlac amháin agus is fúinne atá sé an t-airgead sin, chomh maith leis an airgead a chuirimid ar fáil muid féin a scaipeadh ar na rudaí atá ag teastáil ar fud na tíre. Dá mbeadh, mar shampla, tairiscint ann chun áis áirithe a chur ar fáil in áit ar bith faoin dtír, ach go mór mhór, sna Gaeltachtaí, ní dhéanfadh sé sin difríocht ar bith don mhéid a fhaighimid i mbliain ar bith as an gCiste Réigiúnach agus níl aon deacracht againn an t-airgead ar fad atá ag teacht chugainn ón gCiste Réigiúnach a úsáid.

Nach n-aontódh an tAire nach gcaitear an t-airgead seo sa tír seo mar a chaitear é — an Ciste Réigiúnach atá i gceist agam — in Albain in áit a bhfuil go leor airgid á chaitheamh ag an mbord ansin atá ag plé le cúrsaí na n-oileán agus cúrsaí iarthar na hAlban agus tá na milliúin faighte acu ón gCiste Réigiúnach agus is féidir linne a rá nach bhfuil tada fáite ag an Ghaeltacht ná ag na hoileáin Ghaeltachta as an gCiste Réigiúnach.

Ní féidir aon cheann de na rudaí sin a rá. Tá mé cinnte dhe go bhfuil níos mó milliún caite sa tír seo ón gCiste Réigiúnach ná mar atá caite, mar shampla, in Albain. Ní fíor, ach chomh beag, a rá go bhfuil rudaí áirithe in Albain go gcaitear airgead breise ón gCiste Réigiúnach orthu mar go bhfuil an córas céanna ar bun san mBreatain Mhór i gcoitinne.

An bhfuil an tAire agus Roinn na Gaeltachta sásta go bhfuil seirbhís fharantóireachta ar fáil d'Oileán Cléire cuma cén cinéal aimsire a bhíonn ann i rith an gheimhridh?

Mar is eol don Teachta, má bhíonn fadhb ar leith in Oileán Cléire nó ar oileán ar bith eile i rith an gheimhridh go mór mhór — agus is ansin atá an deacracht is mó — iarraimid i gcoitinne ar an aerchór teacht i gcabhair. Níl seirbhís rialta ann faoi mar is eol do gach aon duine, agus mar atá ráite agam cheana, níl aon bheartais againn seirbhísí nua a chur ar fáil ar aon cheann de na hoileáin.

An mbeadh an tAire sásta iarraidh ar Roinn na Gaeltachta féachaint chuige anois chomh fada is a bhaineann sé le hOileán Cléire go speisialta mar nach bhfuil aon aersheirbhís ann faoi láthair? An bhféadfaí lárnú a dhéanamh, cuir i gcás, ar sheirbhís héileacaptair i rith aimsire dona i dtreo nach mbeadh an fhadhb ann agus a bhíonn ann i gcónaí i rith aimsire dona go gcaithfear fanacht go bhfaightear cead ón Roinn Cosanta agus ó Roinn na Gaeltachta agus mar sin de, go mbeadh sé lárnaithe i dtreo go mbeadh a fhios ag an aerchór nuair a bheadh an aimsir go dona go gcaithfidís teacht i gcabhair ar mhuintir Cléire?

Níl a fhios agam an mbeadh sé indéanta lárnú den saghas sin a dhéanamh mar go mbíonn fadhbanna le réiteach agus bíonn cásanna eile ar fud na tíre go gcaithfidh an t-aerchór teacht i gcabhair orthu, ach chomh fada agus is féidir é a dhéanamh — agus tá an taithí againn é a dhéanamh — tagann an t-aerchór i gcabhair ar na fadhbanna sin chomh luath agus is féidir.

Ón taithí a bhí ag an Aire nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais agus ón taithí a bhí aige ar chaitheamh an Chiste Réigiúnaigh, dá mbeadh, cuir i gcás, plean cuimsitheach leagtha amach ag na ceantair Ghaeltachta agus ag na hOileáin Gaeltachta, an bhfeicfeadh an tAire go mbeadh deacracht ar bith airgead faoi leith a chur ar fáil le hagaidh scéimeanna faoi leith do na ceantair sin?

Bheadh deacracht áirithe ann. Mar aduirt mé cheana féin, níl sé de chóras againn airgead ar leith, is é sin, roint áirithe míle púnt, ar leith a chur ar fáil ón gCiste Réigiúnach do bheartais áirithe sa tír seo. Séard a tharlaíonn ná go gcuirimid go dtí an Bhruiséal líon áirithe beartas a chomhlíonann na coinníollacha atá ann maidir le cabhair ón gCiste Réigiúnach. Ní raibh riamh easnamh ar bith orainn i mbliain ar bith ach an t-airgead ar fad a bhí ag teacht chugainn faoi rialacháin an chiste a fháil. Dá mbeadh, mar shampla, beartas nua le cur ar aghaidh agus go rabhamar tar éis beartais a chur isteach chuig an Chiste Réigiúnach chun an t-iomlán a bhí le fáil againn a sholáthar ní dhéanann sé difríocht ar bith beartais nua a chur isteach mar nach mbeadh aon airgead breise le fáil as.

Barr
Roinn