den Aire Oideachais an bhfuil sé sásta leis an tacaíocht atá á fháil ag scoileanna Gaeilge i mBaile Átha Cliath; agus an bhfuil aon phleananna aige lena bhforbairt a spreagadh.
Written Answers. - Scoileanna Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
62. D'fhiafraigh
I bhfianaise chuinsí eacnamaíochta na tíre san am i láthair tá mé sásta leis an tacaíocht atá ar fáil ón Roinn ag na scoileanna Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Maidir le forbairt na scoileanna Gaeilge a spreagadh tá mo Roinnse sásta gach iarratas ar aitheantas mar scoil Ghaeilge a mheá go cúramach agus go báúil agus cinneadh dearfach a thabhairt má tá bonn slán leis an iarratas.
Íocann an Roinn deontais éagsúla le scoileanna lán-Ghaelacha, idir scoileanna náisiúnta agus meánscoileanna, chun cuidiú lena bhforbairt, mar shampla, deontais do scoileanna náisiúnta lán-Ghaelacha i leith costais suíomh, oide breise, liúntas speisialta do na hoidí, agus i gcás meánscoileanna, deontas i leith múineadh trí Ghaeilge.