Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 5 Jun 1986

Vol. 367 No. 6

Estimates, 1986. - Vote. 39: Roinn na Gaeltachta (Meastachán Athbhreithnithe).

Tairgim:

Go ndeonófar suim nach mó ná £14,496,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1986, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Tá breis is £19 milliún á chur ar fáil i mbliana do Roinn na Gaeltachta, d'Údarás na Gaeltachta agus do Bhord na Gaeilge lena chaitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Anuas ar an tsuim £14,496,000 atá i Leabhar na Meastachán, tá soláthar £4,850,000 á chur ar fáil ó fhoinsí eile: airleacan a íoctar díreach as an Státchiste leis an Údarás; £4,750,000 atá i gceist i mbliana; agus iasachtaí as Ciste na nIas-achtaí Áitiúla a cheadaíonn mo Roinnse do thithe sa Ghaeltacht; £100,000 atá údaraithe don bhliain reatha.

Is iad na príomhshuimeanna a bhfuil cur síos orthu i Leabhar na Meastachán ná: £1,625,000 do dheontais tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht); £1,800,000 do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht: áirítear £950,000 den tsuim sin mar chaiteachas caipitil d'fhonn bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt; £1,630,000 do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha ar a n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, nuachtán agus ìrìsí Gaeilge; £2,197,000 do Chiste na Gaeilge as a dtugtar deontais do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais dheonacha Gaeilge; £6,217,000 d'Údarás na Gaeltachta idir chaiteachas reatha agus chaiteachas caipitil ar dheontais: chomh maith leis an airleacan a luaigh mé tugann sé sin iomlán an chúnaimh ón Stát don Údarás go £10,967,000.

Is maith liom a bheith in ann a chur in iúl don Teach, d'ainneoin géar-chéim airgeadais an Státchiste, go bhfuill méadú, cé gur méadú beag é, sa soláthar don Roinn i mbliana i gcomparáid le meastachán agus caiteachas na bliana seo caite.

Is cúis sásaimh dom gur tháinig méadú arís anuraidh ar an bhfostaíocht lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/Údarás na Gaeltachta. Tá méadú leanúnach bainte amach le ceithre bliana anuas ar líon na ndaoine atá fostaithe i dtionscail faoi scáth an Údaráis. Ó 1982 go deireadh 1985 tháinig méadú breis is 16 faoin gcéad ar an bhfostaíocht sin agus ag deireadh 1985 bhí 4,656 dhuine fostaithe go lánaimseartha sna tionscail éagsúla i gcomparáid le 4,405 dhuine ag deireadh na bliana roimhe sin — meadú de 251 dhuine. Is dul chun cinn sásúil é sin ag féachaint do na deacrachtaí iomadúla a bhíonn le sárú ag an Údarás chun tionscail fhiúntacha a mhealladh chuig an nGaeltacht.

Ó thús 1986 tá tograí ceadaithe ag an Údarás a bhfuil timpeall 860 post nua sa bhreis iontu agus, cé nach bhfuil ach cúig mhí den bhliain imithe, sáraíonn an figiúr sin an sprioc de 600 post nua a sonraíodh don leathbhliain. Tá béim ar leith á cur ag an Údarás ar fhorbairt acmhainní nád-úrtha na Gaeltachta agus is comhartha maith ar an dul chun cinn atá bainte amach an líon mór tograí iascaireachta atá ag teacht ar aghaidh. Tá borradh suntasach tagtha ar shaothrú na mara sa Ghaeltacht de bharr obair thaighde agus cheannrodaíochta an Údaráis agus léiríonn líon na n-iarratas ar cheadúnais d'fheirmeoireacht éisc sa Ghaeltacht agus ar chósta an Iarthair i gcoitinne na féid-earthachtaí gnó a bhaineann leis an tionscal sin faoi láthair.

Tá thart ar £11 milliún á chur ar fáil ag an Rialtas i mbliana don Údarás le caitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge agus bíonn airgead de bhreis air sin le fáil acu ó fhoinsí eile. Agus é sin ráite, is eol dom go bhfuil deacrachtaí airgeadais ag an Údarás faoi láthair agus tá gach dícheall á dhéanamh agam chun an fhadhb sin a réiteach le cinntiú nach gcuirfear bac ar an obair thábhachtach atá ar siúl ag an eagraíocht chun fostaíocht bhreise a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tá súil agam go mbeidh réiteach ar an bhfadhb sin agam go han-luath. Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don tuarascáil ar an Údarás ón gComhchoiste den Oireachtas um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta Tráchtála a foilsíodh le déanaí agus a rá go bhfáiltím roimpi. Is tuarascáil chuimsitheadh í agus ní raibh deis agam go fóill í a scrúdú go hiomlán. Féadfar glacadh leis go mbreith-neófar na moltaí atá ann go cúramach.

Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh i gcónaí ar obairt thithíochta sa Ghaeltacht agus tá moladh mór dá réir tuillte ag muintir na Gaeltachta. Bhí an-áthas orm, dá bhrí sin, go raibh ar mo chumas méadú sa deontas do thithe nua a cheadú amhail ó 1 Bealtaine 1985. Méadú ó £2,000 go £3,000 a bhí i gceist agus méadú go £4,500 ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta. Ina theannta sin, bhíos in ann a fhógairt roimh Nollaig go raibh deontais fheabhsúcháin agus sláintíochta á méadú, agus deontais nua á gceadú chun seomraí breise a chur le tithe cónaithe, chun fuinneóga agus doirse fabhtacha a athnuachan agus go mbeadh deontas £5,500 le fáil chun mór-oibreacha riachtanacha feabhsúcháin agus athnuachana a dhéanamh ar thithe cónaithe a tógadh roimh an mbliain 1940. Is maith liom go bhfuil méadú mór tagtha ar líon na n-iarratas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) sa chéad chúig mhí den bhliain seo i gcomparáid leis an tréimhse céanna anuraidh. Tá soláthar £1,625,000 sa Mheastachán le haghaidh tithíochta i mbliana i gcomparáid le £980,000 anuraidh i.e. méadú 66 faoin gcéad.

Ó tharla raon níos leithne deontas ar fáil anois agus méadú mór i leibhéal na ndeontas tá súil agam go gcuirfear tuilleadh leis an mborradh atá le haireachtáil sa tionscal tógála sa Ghaeltacht.

Tá tionchar tábhachtach ar fhorbairt na Gaeltachta ag na Scéimeanna Feabhsúcháin atá á reachtáil ag mo Roinnse agus is cúis bhróid dom mar sin go bhfuil soláthar na bliana seo — £1.8 milliún — cuid mhaith níos airde ná an soláthar a bhí ar fáil in aon bhliain le trí bliana anuas. Cabhraíonn na scéimeanna seo le feabhas a chur ar bhunstruchtúr na Gaeltachta trí sholáthar uisce agus saor-áidí séarachais a chur ar fáil, saoráidí calaíochta a fheabhsú, bóithre a dheisiú agus mar sin de. Le cúpla bliain anuas ní raibh ar mo chumas, de bharr na géar-chéime airgeadais, ach suim bheag a chur ar fáil do bhóithre: is breá liom go bhfuil ar mo chumas i mbliana an tsuim sin a mhéadú go suntasach agus tá liosta, in ord tosaíochta, de bhóithre a bhfuil obair de dhíth go géar orthu á ullmhú ag mo Roinnse faoi láthair agus meastacháin chostais iarrtha ar na comhairlí contae cuí. Tá súil agam gur gearr anois go mbeidh an t-eolas uile agam i gcaoi go mbeidh ar mo chumas na deontais a cheadú. Tá súil agam go mbeimid ábalta é sin a dhéanamh roimh dheireadh na míosa seo. Braitheann sé ar chomh luath agus a thagann na meastacháin ó na comhairlí contae. Tugtar cúnamh freisin chun hallaí pobail a thógáil agus a chóiriú agus áiseanna chaitheamh aimsire ar nós páirceanna peile, pinniúir liathróid láimhe, cúirteanna leadóige agus cispheile a sholáthar — rud a chuireann, ar ndóigh, leis na saoráidí sóisialacha sa Ghaeltacht.

Mr. O'Toole

Glactar leis go coitianta go mbíonn tionchar nach beag ag comharchumainn i bhforbairt iomlán na gceantar ina mbíonn siad ag gníomhú ach iad bheith ag feidh-miú go héifeachtach, ar ndóigh. Cuireadh cúnamh speisialta ar fáil do chomharchumainn áirithe cúpla bliain ó shin agus d'éirigh lena bhformhór sin dul chun cinn nach beag a dhéanamh dá bharr sin. Bhí ar na comharchumainn sin scaireanna breise a bhailiú mar chionúireacht áitiúil den phacáiste tarrthála agus léirigh na pobail éagsúla a dtacaíocht dá gcomhar-chumainn trín mbealach inar infheistigh siad airgead breise i scaireanna. Ní éir-eóidh le comharchumann ar bith mura mbíonn tacaíocht láidir aige ón bpobal agus is dá bharr sin atá dualgas leagtha agam ar na comharchumainn suim áirithe mar scaireanna breise a bhailiú gach bliain d'fhonn an deontas reachtála uasta a thuilleamh. Is ar an mbealach seo, le tacaíocht leanúnach ó mhuintir an cheantair, is fearr a bheifear in ann dul chun cinn a dhéanamh.

Faoi scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge tugtar deis do dhaoine óga, nach as an nGaeltacht iad, tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht áit a mbíonn deis acu teacht isteach ar bhlas agus líofacht nádúrtha na Gaeilge trína gcaidreamh le cainteoirí dúchais. Íoctar deontais díreach le mná tí Gaeltachta a mbíonn foghl-aimeoirí aitheanta ar iostas acu — rud a chuireann lena dteacht isteach, ar ndóigh. Anuraidh d'fhreastail os cionn 15,600 dalta ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht agus rinne 1,340 dalta eile freastal ar chúrsaí Gaeilge i gColáistí sean-bhunaithe lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an deontas a íoctar faoin scéim méadaithe agam i mbliana go dtí £3.10 in aghaidh an lae do gach dalta nó suas go £74.40 don ghnáthchúrsa. Is eol dom go gcuirfeadh na mná tí fáilte roimh mhéadú níos mó fós ach caithfear a aithint go bhfuil géarchéim airgeadais ann agus nach bhfuil sa deontas a íocann mo Roinnse ach cuid den teacht isteach a bhíonn ag dul dóibh i leith na bhfoghlaimeóirí. Is as na táillí a ghearrann údaráis na gcoláistí Gaeilge ar thuismitheoirí na ndaltaí a thagann an chuid eile den teacht isteach. Tá soláthar £1,170,000 á chur ar fáil i mbliana chun freastal ar an scéim agus ar ndóigh is le teaghlaigh Ghaeltachta a íocfar formhór mór an airgead sin.

Bíonn cuid de na cúrsaí níos fearr ná a chéile, agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas cuairt a thabhairt ar choláistí i rith an tsamhraidh féachaint an féidir iad a fheabhsú in aon tslí.

Maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge, is scéim sean-bhunaithe í seo chun muintir na Gaeltachta a spreagadh leis an nGaeilge líofa shaibhir atá acu a thabhairt dá gcuid páistí ionas go gcoinneófar an teanga beo bríomhar i measc bunadh óg na Gaeltachta. Cuireann oifigigh mo Roinne agallamh ar ós cionn 9,000 páiste gach bliain i mbeagnach 200 scoil ar fud na Gaeltachta agus ar a himeall. Is oth liom a rá go mbíonn titim bheag le haithn-eachtáil ó thráth go chéile sa líon daltaí a thuilleann an deontas seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun a iarraidh ar thuismitheoirí na Gaeltachta gan seod seo na teanga a cheilt ar a bpáistí: is trí labhairt na teanga sa teaglach agus sa phobal a chinnteofar go mairfidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht, áit a mbeidh sí mar fhoinse as a dtarraingeoidh daoine díograsacha ar fud na tíre meanma agus misneach chun leanúint dá n-iarrachtaí ar mhaithe leis an teanga.

Táimid uile buíoch do mhúinteoirí scoile a chaitheann díogras agus dúthracht le forbairt na teanga sna scoileanna Gaeltachta ach, mura bhfuil a gcion á dhéanamh ag na tuismitheoirí ar leac an teallaigh, ní féidir a bheith ag súil go mbeidh an líofacht ag na páistí a chuirfidh ar a gcumas siúd an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile.

Is rud tábhachtach é go mbeadh nuachtán tarraingteach Gaeilge ar fáil agus is ar an gcúis sin atá airgead mór á chur ar fáil ag mo Roinnse don nuachtán seacht-ainiúil Anois. Tá teorainn, ar ndóigh, leis an gcúnamh gur féidir leis an Stát a chur ar fáil d'aon chuspóir dá fheabhas é. Mea-bhraím arís do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a riachtanaí atá sé go dtabharfaí tacaíocht leanúnach do Anois trína cheannach gach seachtain. Mura mbíonn díol maith ar nuachtán bíonn sé níos deacra air fógraí a mhealladh agus ar ndóigh is cuid bhunúsach d'ioncam aon nuachtán an chuid sin de a thagann ó fhógróirí.

Tá cúnamh ar fáil ó mo Roinnse freisin do thréimhseacháin áirithe Ghaeilge, mar shampla Comhar, Feasta, Deirdre, An tUltach, Agus, An Sagart, An Gael Óg, Tír na nÓg agus An Timire.

Tá an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge sa bhliain dheiridh anois dá théarma gníomhaíochta agus táthar tosaithe ar an gcéad phlean eile don tréimhse 1987 go 1990 a ullmhú. Léiríonn na tuar-ascálacha don chéad dhá bhliain den phlean — tá an tuarascáil don tríú bliain á hullmhú faoi láthair — gur baineadh amach cuid mhaith de na spriocanna a sonraíodh do na blianta sin. Is cosúil nár éirigh le Ranna agus Comhlachtaí áirithe Stáit a gcion féin a dhéanamh i ndáil leis na spriocanna teoranta a sonraíodh dóibh don chéad bhliain den phlean. Is den riachtanas é go mbeadh socruithe sásúla i bhfeidhm san earnáil phoiblí, ar a n-áirítear Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus a leithéidí, chun seirbhís chothrom trí Ghaeilge a thabhairt do gach duine a bheadh á lorg agus go mbeadh sé soiléir dóibh go gcuirfear an tseirbhís sin ar fáil le fonn agus le fáilte. Is maith liom gur léirigh an tuarascáil don dara bliain den phlean gur tháinig feabhas ar na cúrsaí seo agus tá súil agam gur fearr fós a bheidh an scéal sa tuarascáil don tríú bliain.

Tá faitíos orm, áfach, dá ainneoin sin uile, nach bhfuil freastal trí Ghaeilge ón Stát chomh sásúil agus ba chóir dó a bheith agus go bhfuil fadhb mhór ann i gcás na Gaeltachta. Mura bhfeictear do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil oifigigh de chuid an Stáit dáiríre faoin nGaeilge, agus go bhfuil meas acu uirthi, is beag fonn a bheidh orthu a dteanga dhúchais a úsáid agus a chaomhnú. B'fhacthas dom anuraidh nár mhiste an bhunfhadhb faoi sheirbhísí trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta a ionsaí ar an leibhéal logánta agus dá bhrí sin bhunaigh mé dhá choiste faoi chathaoirleach mo Roinne-se, ceann do Ghaeltacht na Gaillimhe agus ceann do Ghaeltacht Chiarraí chun:

1. a fháil amach cé chomh fada atá freastal trí Ghaeilge á dhéanamh ag an earnáil phoiblí ar an nGaeltacht, agus

2. slite a aimsiú leis an staid sin a fheabhsú.

Tá an dá choiste sin, ar a bhfuil ionadaithe ó na heagraíochtaí poiblí is mó a mbíonn baint acu leis an nGaeltacht, i mbun oibre ó mhí na Samhna seo caite agus tuigim go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu. Tá i gceist agam coiste eile do Ghaeltacht Dhún na nGall a bhunú go luath.

Cuireadh béim ar leith sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge ar thábhacht na teilifíse i gcur chun cinn na teanga. Glactar leis go coitianta go bhfuil gá le méadú mór ar líon na gcláracha Gaeilge ar an teilifís agus cé go bhfuil feabhas éigin le sonrú le bliain anuas tá gá le cláracha den uile chineál thar an raon spéise atá ag an bpobal. Tá an cheist sin ag déanamh tinnis dom le fada agus tar éis dom an scéal a phlé leis an Aire Cumarsáide shocraíomar ar mheitheal beag oibre a bhunú chun na fadhbanna a chíoradh agus moltaí a dhéanamh maidir leis na slite ina bhféadfar réiteach a fháil orthu. Tá oifigeach sinsearach ó mo Roinnse mar chathaoirleach ar an meitheal agus tá ionadaithe uirthi freisin ón Roinn Cumarsáide, ó RTÉ agus ó Bhord na Gaeilge.

Is as Ciste na Gaeilge a chuirtear cúnamh Stáit ar fáil do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge — Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge, An tOireachtas, Cumann na bhFiann, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, agus do Bhord na Leabhar Gaeilge, Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Gael-Acadamh. Tá áthas orm gur éirigh liom an soláthar sa Chiste a mhéadú i mbliana — rud a chuir ar mo chumas breis agus 6 faoin gcéad a chur leis an gcúnamh do Bhord na Gaeilge i gcomparáid leis an méid a fuair siad i 1985.

Tá £170,000 á chur ar fáil i mbliana do Bhord na Leabhar Gaeilge — méadú de bhreis ar 13 faoin gcéad ar bhunsoláthar na bliana seo caite ach is cosúil go bhfuil díomá ar fhoilsitheoirí áirithe faoin tsuim atá curtha ar leataobh dóibh ag an mbord. Ní foláir do gach foilsitheoir rogha a dhéanamh i dtaobh na leabhair a fhoilseoidh sé ag cur san áireamh an soláthar airgid atá ar fáil dó. Tá súil agam gur leabhair d'ard-chaighdeán a bheidh á bhfoilsiú dá bharr sin. Ba mhaith liom go dtuigfí go soiléir nach mbeidh ar mo chumas cur leis an soláthar £170,000 don bhord i mbliana.

Níl i gceist agam mórán a rá faoin gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge anocht. Tá sé i mbun oibre agus tá dhá thuarascáil faoi staid na Gaeilge sna Tithe foilsithe aige. Tá moltaí ciallmhara sna tuarascálacha sin agus tá súil agam go gcuirfear i bhfeidhm iad. Níl aon amhras ach go bhféadfadh Teachtaí Dála agus Seanadóirí cur go mór leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar mhaithe leis an teanga tríd an dea-shampla a thabharfaí dá mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid in imeachtaí agus in obair na Dála agus an tSeanaid.

Is le muintir na hÉireann uile an Ghaeilge agus is fíor a rá go bhfuil a bhformhór báúil léi. Is gá go mbeadh stádas fiúntach, feiceálach ag an teanga i ngnáthshaol na tíre agus tá obair mhór le déanamh fós chun an staid sin a bhaint amach. Tá sé mar nós sa tír seo, faraor, an milleán a chur ar an Rialtas, ar an gcóras oideachais nóar institiúid éigin eile má bhíonn ag teip orainn an dul chun cinn a raibh súil leis a dhéanamh. Is eol dom, ar ndóigh, go bhfuil tacaíocht na ndreamanna sin uile agus tuilleadh nach iad de dhíth ach is é fírinne an scéil go bhféadfadh go leor daoine níos mó a dhéanamh ar bhonn pearsanta dá dtogródh siad. Tá súil agam gur féidir brath orainne sa Teach seo chun an dea-shampla i ndáil le húsáid na Gaeilge a thabhairt do mhuintir na hÉireann agus iarraim ar an Teach glacadh leis an Meastachán seo mar chabhair chun leas na Gaeilge agus leas na Gaeltachta a chur chun cinn.

Is maith liom go bhfuil an deis seo agam chun nbeagáinín cainte a dhéanamh anseo anocht faoi na Meastacháin seo ar Roinn na Gaeltachta. Is é an trua é go gcaithfimid teacht isteach anseo an t-am seo den oíche, Tá mé cinnte dá mbeadh sé níos luaithe sa ló go mbeadh fonn níos fearr ar dhaoine maidir le cibé rud a bheadh le rá acu. Tá cuid mhaith den mhéid atá ag an Aire agus caithfimid bheith sásta leis ach tá cuid mhór de nach bhfuil sásúil agus tiocfaidh mé ar ais arís a maidir le cuid de na rudaí ba mhaith liom a rá faoi na cúrsaí sin. I leith an méid atá ráite aige faoi Údarás na Gaeltachta, beidh mé ag caint arís ar an ábhar sin ach ba mhaith liom tagairt ag an bpointe seo do rud atá ráite ag an Aire faoi fheirmeoireacht éisc. Is maith liom go bhfuil an fhorbairt sin ag dul chun cinn ach sílim gur ceart dúinn foláireamh a thabhairt anseo agus a bheith cúramach. Bíonn amhras orm nuair a fheicim comhlachtaí móra atá fostaithe ag dul i mbun oibre den chineál seo. Dúirt mé seo sna focla a bhí le rá agam faoin Mheastachán i dtaobh na hiascaireachta. Ba mhaith liomsa a bheith cinnte san fhorbairt seo gur ag muintir na Gaeltachta a bheidh cibé buntáiste a thiocfaidh as an fhorbairt. Má leagtar an obair amach i gceart, má bhíonn an phleanáil i gceart anseo sílim go bhfuil caoi ann le cuid mhaith a dhéanamh do mhuintir na Gaeltachta atá lonnaithe thart ar na cóstaí. Tá cuanta beaga sílim atá an-fhéiliúnach i gcóir na forbartha seo agus tá, ar ndóigh go leor airgid i gceist nuair a thugann duine faoin obair seo. Tuigim go maith go bhfúil dainséar ann maidir leis an obair féine; d'fhéadfadh siad an méid éisc a bheadh acu a chailliúint in aon oíche amháin agus tá deacrachtaí den chinéal sin ann ach ba mhaith liomsa, nuair a bheadh an fhorbairt sin á déanamh go ndéanfaí cinnte de gurbh iad na feirmeoirí beaga thart ar an gcósta ag a mbeadh an buntáiste sin mar sílim go bhféadfaí go leor buntáiste a bhaint as seo le cur leis an dteacht isteach a bheadh acu ón mbeagán talún agus gur caoi é le feabhas a chur ar shaol na ndaoine sin sna Gaeltachtaí atá thart ar an gcósta agus, ar ndó, ar na hoileáin.

Is maith liom a fheiceáil go bhfuil órduithe tugtha le tithe úra a thógáil agus le tithe úra a fheabhsú. Thuig Roinn na Gaeltachta i gcónaí an tábhacht a bhí le tithe maithe a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus nach raibh muintir na Gaeltachta iad féin fuar ná fallsa nuair a ghlac siad leis na deontais sin agus gur fearr na tithe atá i gcuid is mó de na Gaeltachtaí ná mar atá in áit ar bith eile ar fud na tíre agus sílim, de bharr an obair mhaith a rinne Roinn na Gaeltachta leis na blianta anuas le feabhas a chur ar a gcuid tithe, gurb é sin an fáth go bhfuil an scéal mar atá sé.

Ach tá deacracht mór ann — tá mé cinnte go dtuigeann an tAire féin an scéal — sna rialacha a bhaineas anois le feabhas a chur ar thithe, is é sin, go bhfuil sé deacair conraitheoirí cláraithe a fháil sna ceantair Ghaeltachta. Níl mórán de na daoine sin le fáil agus tá fáth ar leith leis sin, mar nach mbíonn obair sheasta le fáil ag na conraitheoirí sna ceantair iargúlta. Fágann sé sin nuair atá duine sa Ghaeltacht, agus go mór mhór muintir na n-oileán, ag iarraidh an bhuntáiste atá le fáil anois as na deontais breátha seo agus ag iarraidh úsáid a bhaint astu nach bhfuil siad in ann conraitheoirí cláraithe a fháil. Ba cheart don Aire an cheist seo a bhreithniú agus í a chur os comhair an Rialtais agus eisceacht a dhéanamh i gcás na gceanntar iargúlta maidir leis an leagan amach atá ann anois ó thaobh cur isteach ar na deontais seo.

Ar ndóigh tuigimid uilig an fáth a tugadh isteach an riail seo. Tá a fhios againn go raibh daoine a bhí ag iarraidh an dá thrá a fhreastal. Bhí siad ag tarraingt airgid ar bhealaí eile agus ansin ag obair. D'aontóinn go bhfuil gá leis an riail seo ach sílim nach mbíonn an scéal chomh dona sna ceantair iargúlta mar nach mbíonn mórán oibre ar siúl agus a bhíonn sna bailte móra agus in áiteacha eile agus, dá bhrí sin, sílim go bhfuil cás an-láidir gur féidir a dhéanamh leis an scéim sin a atheagrú ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus go mór mhór muintir na n-oileán.

D'aontóinn leis an Aire nuair adeir sé go bhfuil obair mhaith déanta ag na comharchumainn leis na blianta beaga anuas le misneach a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus le cuidiú leo dul i mbun oibre ar mhaithe leo féin. Tá treoir tugtha acu ar fud na Gaeltachta uilig agus táimid go léir buíoch díobh agus bródúil as an méid atá déanta acu.

San riail sin a thug Roinn na Gaeltachta isteach maidir le scaireanna breise a fháil, arís bíonn deacracht sna ceantair seo na scaireanna breise a fháil mar an chuid is mó de na daoine sna Gaeltachtaí beidh siad ag tarraingt airgid ón Roinn Leasa Shóisialaigh agus ní bhíonn teacht isteach ró-mhór acu. Bheadh sé deacair acu scaireanna a thógáil agus sílim nach ceart a bheith ró-dhian maidir leis an chuid sin den riail maidir le scaireanna breise a chur ar fáil. Dá mbeadh sé sásta, cuirfimid i gcás, suim bheag airgid a chur ar fáil, ba mhór an chabhair í sin agus tá mé cinnte go mbeidh daoine a bheadh sásta an rud sin a dhéanamh ach nach mbeimís ag iarraidh scaireanna ró-ard.

Anois, ó thaobh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de, tá na scéimeanna seo an-mhaith. Tugann sé caoi do na páistí nach mbíonn deis acu Gaeilge na Gaeltachta a chloisteáil agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge arís. Is mór iad na buntáistí ata sa scéim seo.

Go minic ní bhíonn smacht mar ba cheart maidir le cuid de na cúrsaí seo. Tá a fhios agam go dtuigeann an Roinn é sin go rí-mhaith agus go dtuigeann an tAire é sin go rí-mhaith chomh maith. Chuala mé — agus níl mé cinnte de seo — nach mbíonn an chigireacht chomh dian agus a bhíodh sé san am atá caite maidir len a bheith cinnte de go bhfuil an rud ceart á dhéanamh i gcaoi go mbeadh an buntáiste ceart á bhaint as na cúrsaí. Níl a fhios agam. Níl ansin ach rud a chuala mé. B'fhéidir go dtuigeann an tAire féin agus a Roinn na cúrsaí agus ó tharla gur cuireadh an rud sin os mo chomhair, sílim go bhfuil sé de cheart agam é a lua ar na Meastacháin.

Maidir leis na tréimhseacháin, is é an trua nach bhfuil níos mó le fáil ar fud na Gaeltachta, agus mar a luaigh mé anseo anuraidh, níl mé lánsásta go bhfuil mórán buntáiste le Anois mar pháipéar do mhuintir na Gaeltachta. Ní caitheamh anuas ar dhuine ar bith atá mé nuair a deirim é sin. Ní shílim gur féidir é a chur i gcomparáid le cuid de na hirisí a bhí le fáil ag muintir na Gaeltachta roimhe seo agus níl mé sásta leis an leagan amach atá air ná leis an gcaoi a chuireann sé nuacht os comhair an phobail. Tá siad ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na páipéir Dhomhnaigh agus níl a fhios agam cén tairbhe atá sna cúrsaí sin agus ní shílim go bhfuil sé ag cur le díolachán an pháipéir féin.

Cuirim an cheist arís a chuir mé cheana, an é an Domhnach an lá is fearr leis an bpáipéar sin a chur amach? Mar chuile dhuine a cheannaíonn páipéar ar an Domhnach tig leis ceithre cinn a cheannach i mBéarla anois, is é sin dá chuid féin agus an té a bhfuil suim aige i gcuid den — ba mhaith liom focal eile a úsáid ach is dócha nach focal parlaiminte é — stuif a thagann isteach chugainn ó áiteacha eile. Tá daoine a cheannaíonn é sin chomh maith agus fágann sé sin go gcaitheann siad £3 nó £4 ar an Domhnach ag ceannach páipéar agus gur beag suime a bhéas acu, b'fhéidir, i bpáipéir eile a cheannach agus tá a fhios againn go gceannódh daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge an páipéar, ach an iad san na daoine a bhfuil sinne ag iarraidh teacht orthu? Ba mhaith liomsa go mbeimís ag trácht ar dhaoine, b'fhéidir, nach gceann-aíonn páipéar bith i nGaeilge de ghnáth agus a bheadh ag iarraidh buntáiste éigin a bhaint as páipéar i nGaeilge le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Sílim go mba cheart dom an cheist a scrúdú faoi dháileadh páipéar ar an nDomhnach, go m'fhearr an ceannach a bheadh air dá mbeadh sé á dháileadh lá éigin eile den tseachtain, b'fhéidir i lár na seachtaine.

Tréaslaímíd uilig le Bord na Gaeilge san obair atá ar siúl acu. Sílim go bhfuil lán dairíreacht ag baint len a gcuid oibre, go bhfuil fios a ngnóthaí acu agus, cé gur mhaith leo níos mó airgid a bheith acu len a gcuid oibre a chur chun tosaigh, san am céanna caithfimíd a bheith sásta go bhfuil dul chun cinn maith déanta acu agus go bfuil siad ag tabhairt faoi seans a thabhairt do dhaoine a thuiscint cén tábhacht atá le Gaeilge agus cén chaoi ar cheart dóibh feiceáil le úsáid a bhaint as Ghaeilge.

Luaigh an tAire comhchoiste atá bunaithe le scéal na teilifíse agus cláracha Gaeilge a fhiosrú. Ba cheart dúinn uilig fáiltiú roimh choiste den chineál sin. Táimid ag caint le blianta fáda faoin gcaoi a bhfuil cláracha teilifíse ag dul amach agus gan aird ar bith acu ar Ghaeilge agus ár gcultúr. Má bhíonn tionchar ar bith ag an gcoiste seo ar na cúrsaí sin agus má éiríonn leo feabhas ar bith a chur ar chúrsaí, is dul chun cinn a bheidh ann agus beimíd ag súil go bhfeicfimíd an dul chun cinn ar mhaith linn a fheiceáil maidir le níos mó cláracha a bheith i nGaeilge agus níos mó aitheantais á thabhairt don chultúr. Tá a fhios againn, ar ndóigh go bhfuil atheagrú déanta le gairid ar fhoireann RTÉ féin, na foirne atá ag plé le cláracha agus mar sin de, agus bheimís ag súil nuair a bheidh siad scáthamh eile in a bpostanna go m'fhéidir go ndíreoidís a n-n-aghaidhthe ar an scéal seo agus go mbeadh, mar a dúirt mé an feabhas a ba mhaith linn a fheiceáil ansin.

Bímíd ag caint go minic ar theilifís Ghaeltachta a chur ar bun. Is dóigh liom nach bhfuil a fhios againn go baileach cén costas a bheadh ag baint len a leithéid sin no cén chaoi a b'fhearr an teilifís Ghaeltachta a chur ar bun. Ach, bhí an staid chéanna ann nuair a bhí Raidio na Gaeltachta á chur ar bun. D'éirigh go han-mhaith le Raidio na Gaeltachta agus tréaslaimíd leo agus is breá liom a fheiceáil go bhfuil uaireanta craolacháin breise acu anois agus go bhfuil éisteacht i bfad níos fearr agus níos mó ag pobal na tíre uilig ar na cláracha breátha a chuireann siad os comhair an phobail. Tá, ar ndóigh, easpa foirne ar Raidio na Gaeltachta agus, cé gur mar sin atá an scéal, caithimíd a admháil go bhfuil obair an-mhaith á déanamh acu. Thug sé na Gaeltachtaí go léir le chéile agus tá blas na Gaeltachta le fáil anois ar fud na tíre uilig i gcaitheamh an lae go léir mórán. Nuair atá na cláracha seo á réiteach ag Raidio na Gaeltachta sílim gur ceart cui-mhniú ar na deachrachtaí atá acu agus feiceáil le cibé tacaíocht is féidir a thabhairt dóibh len a gcuid oibre a dhéanamh chomh héifeachtach agus is féidir.

Os ag caint ar Raidio na Gaeltachta atáimid, tá sinne i gContae Mhaigh Eo fágtha le cuid Pháidín den mheáchan, mar is ghnáthach linn. Le fada an lá taímid ag iarraidh go gcuirfí stáisiún ar bun in áit éigin i gContae Mhaigh Eo; ní raibh aon achrann faoin áit a mbeadh sé lonnaithe. Tá na Gaeltachtaí scaipthe i gContae Mhaigh Eo, níl éisteacht ro-mhaith go minic ar na cláracha ó Raidio na Gaeltachta i ngeall ar dheacrachtaí faoi leith ach bheimís ag súil nach mbeadh dear-mad déanta orainn ar fad maidir le stáisiún a chur ar fáil agus go bhfuil oiread ceart againne stáisiún a fháil agus atá ag Ciarraí agus áiteacha eile. Tá pócaí beaga againn atá an-láidir agus sílim nach ceart an chluas bhodhar a thabhairt dúinn an t-am ar fad. Anois, tiocfaidh mé go dtí an tÚdarás agus obair an Údaráis. Obair iontach atá á déanamh acu agus ní thig linn a bheith sásta go bhfuil an tacaíocht atá tuillte acu, nó ar cheart a fháil ón Aire le fáil acu. Nuair a bhí an tAire ag caint anseo anuraidh dúirt sé: "Is í an aidhm atá agam mar Aire na Gaeltachta ná go mbeadh an tÚdarás ag gníomhú ar an mbealach is éifeachtaí agus is eacnamúla is féidir chun a gcuid dualgas a chomh-líonadh agus a ghníomhaíocht a chur i gcrích." Lean sé ar aghaidh ansin san óráid sin, ag cur síos ar na ceapacháin a bhí déanta aige agus deireann sé ansin níos faide síos san óráid: "Mar is léir ó dhíospóireachtaí sa Teach seo ní gach uile dhuine a ghlacann leis go bhfuil structúr agus modhanna oibre an Údaráis gan locht." Is dócha go bhfeadfaí an rud céanna a rá faoi eagras eile. Ag an am gcéanna ní ceart an chluas bhodhar a thabhairt do na tuairimí sin. Leanann sé ar aghaidh ansin ag caint ar an méid ama atá caite ag an Údarás i mbun a gcuid oibre agus mar sin de.

Ach tá an tAire féin ag tabhairt cluas bhodhar don Údarás. Mar a dúirt mé, tá bród orainn uilig astu mar gheall ar an obair atá ar bun aca le postanna a chur ar fáil. Tá na baill tofa agus foireann an Údaráis ag deánamh obair thar cion agus ní ceart dúinne, anseo, iad a fhágáil i gcaoi nach mbéidís in ann a gcuid oibre a dhéanamh chomh héifeachtach agus ba mhaith leo.

Tuigimid uile na deacrachtaí atá ag Údarás na Gaeltachta postanna a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Tá siad ag iarraidh tionnscail a thabhart isteach go dtí na háiteacha is iargúlta atá sa tír. Tá cúrsaí cumarsáide go dona, tá droch bhóithre le sárú. Tionnsclaí ar bith a thagann isteach tá a fhios aige céard na deac-rachtaí a bheas os a chomhair. Cé go bhfuil sé sin ag tarlú tá líon na bpostanna atá curtha ar fáil ag an Údarás ag dul i méid nuair atá eagrais eile agus comhlachtaí ag dul i léig. Is mór an chreidiúint atá ag dul doibh dá bharr sin. Nuair a tháinig an tÚdarás i gcomhacht bhí go leor rudaí le sárú acu. Bhí comhlachtaí a bhí i dtrioblóid agus b'éigin dóibh cuid maith de na botúin a rinne Gaeltarra, ina n-am, a cheartú. Éacht thar cuimse a bhí san obair a rinne siad, go mór mhór nuair a fheicimíd an droch-phoiblíocht a fuair siad. Cuireadh cláracha scannalacha amach ar Theilifís Éireann a bhí ag cur méir ar an Údarás agus a bhí ag iarraidh a chur ina luí ar phobal na tíre go raibh rudaí bun os cionn san Údarás agus go raibh airgead Stáit á chur amú. Níor chuidigh an tAire leis na cúrsaí ach chomh beag.

Níl a fhios ar léigh cuid de na hiriseóirí seo an tuarascáil mhór fhada a chuir an comhchoiste Dála atá ag déanamh fiosrúcháin ar obair na mbord Stáit amach, ná ní raibh mórán díobh i láthair ag an bpreas agallamh an lá go raibh an tuarascáil seo á cur amach. San ráiteas a chuir an cathaoirleach amach thosnaigh sé leis na focail — i mBéarla a bhí sé, agus ní locht ar bith é sin ar an gcathaoirleach nó ar an gcomhchoiste mar beidh leagan Gaeilge le fáil arís —"This in-depth report on Gaeltarra/Údarás includes a review of activities since 1965.""In-depth report" a thugadh air. Ceard é toradh an scéil? Níorbh fhéidir a chruthú go raibh slad déanta ag duine ar bith san Údarás. Sílim anois, go bhfuil sé de dhualgas ar an Aire an cathaoirleach agus na baill eile a caitheadh den bhord sin a chur ar ais ina bpostanna arís agus na státseirbhísigh atá ansin le trí bliana a chur ar ais ina gcuid oifigí. Le ainmneacha na ndaoine sin a ghlanadh i súilí an phobail tá sin tuillte acú, agus ba cheart go dtuigfeadh an tAire é sin.

Ach caithfimid an cheist a chur, an bhfuil an tAire i ndáiríre maidir leis an Údarás? An bhfuil suim aige postanna a chur ar fáil sa Ghaeltacht? Céard tá á gcoinneáil siar ó bhord lánaimsearach a thoghadh agus a bheidh ag feidhmiú leis na baill tofa a bhí sna toghacháin don Údarás sin? Cén chaoi gur féidir leis an bpríomhfheidhmeannach nó foireann an Údaráis aon mhuinín a bheith acu as Aire nach bhfuil sásta baill an bhoird a thoghadh ach ar feadh cúpla mí? An é go bhfuil amhras air i gcónaí go bhfuil airgead ag dul amú san Údarás nó an é nach dtig leis a pháirtí féin a shásamh? Rud níos measa ná sin, tá an t-airgead atá ag teastáil go géar ón Údarás le postanna a chur ar fáil á choinneáil uathu. Tá sé ráite go poiblí go bhfuil os cionn sé chéad postanna breise ag fanacht le hairgead ón Aire agus ón Rialtas.

Mar atá ráite cheana agam, tá sé deacair go leor postanna a chur ar fáil ach is é an donas é nuair nach bhfuil an tAire a bhfuil cúram na Gaeltachta air sásta áird ar bith a thabhairt ar a gcuid iarratas leis na postanna seo a chur ar fáil. Anois, tá sé ráite anseo aige go dtuigeann sé go bhfuil deacrachtaí ag an Údarás ach go bhfuil sé i gceist aige na cúrsaí sin a fheabhsú gan mhoill. Táimid ag éisteacht leis sin le sé mhí agus níor tharla sé go fóill. Is é an chaoi a bhfuil sé faoi láthair go bhfuil an tÚdarás i gcruachás. Tá an t-airgead ag teastáil go géar uathu. Tá tograí caillte acu agus caillfear a thuilleadh mura ndéanfaidh an tAire a chion féin leis an scéal a leigheas. Níl sé ceart nó cóir go mbeadh an tÚdarás fágtha gan an cuidiú atá ag teastáil uathu ina gcuid oibre.

Séard a tharlós go mbeidh cuid den aos óg atá ag iarraidh postanna anois imeasc an 60,000 go bhfuil an tír fágtha acu agus go mbeadh siad ar shráideanna Londain agus Mheiriceá. Maidir le saol shóisialta na Gaeltachta beidh hallaí agus páirceanna peile gur tugadh deontais lena dtógáil folamh diomhaoin agus fóirne peile agus iománaíochta fágtha i gcaoi nach mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sna comórtais a ghlac siad páirt iontu le fada. Beidh máithreacha agus aithreacha na Gaeltachta ag fanacht le fear an phoist ag dúil le litir in áit a bheith ag cur fáilte roimh a gclann féin.

Tá cúrsaí sách dona sna Gaeltachtaí i láthair na huaire ó thaobh an chaoi a bhfuil na daoine á roghnú maidir le híocaíocht ón Roinn Leasa Shóisialaigh agus is é an chaoi a bhfuil sé duine ar bith atá ag iarraidh cur ar a shon féin ar bhealach ar bith tá na "gaugers", mar a thugann siad orthu, anuas sa mhullach orthu. Má tá cúpla beithíoch aige, má tá currach aige, má tá bád beag aige, má tá sé ag iarraidh beagán a dhéanamh ar thurasóireacht ní bheidh sé i bhfad go dtí go mbeidh na daoine seo sa mhullach air. Níl misneach ar bith fágtha ag muintir na Gaeltachta tada a dhéanamh ar mhaithe leo féin de bharr cuid de na daoine seo. Sílim gur mó an aird atá ag an Rialtas seo ar bheith ag spaisteoireacht ar fud na tíre ag caint ar cholscaradh agus coiscíní do dhaoine óga agus amaidí nach bhfuil baint ar bith acu le cultúr nó le saol na tíre seo. Is fearr go mór go mbeadh feachtas le rud eigin fiúntach a dhéanamh a ardódh an misneach agus an croí agus an spiorad a theastódh anois leis an tír seo a tharraingt as an staid ina bhfuil sí.

Caithfimid ceist a chur anseo faoi cá seasaimid maidir leis an Ghaeilge. Glacaimid uile leis go bhfuil obair an-mhaith á déanamh ag Bord na Gaeilge, ag na heagrais dheonacha ar fad ach an bhfuil cúrsaí ag trá nó an bhfuilimid ag déanamh aon dul chun cinn maidir leis an nGaeilge a chur chun tosaigh. Tá daoine a déarfadh i láthair na huaire, cuirimid i gcás, nach bhfuil an díograis céanna ag baint le múineadh na Gaeilge sna scoileanna is a bhíodh san am atá caite. Cé go bhfuilimid uile lánsásta leis an obair atá á déanamh sna scoileanna lán-Ghaelacha agus sna naonraí, sílim nach bhfuil caighdeán na Gaeilge nó, mar adúirt mé, an díograis chéanna i múineadh na Gaeilge agus a bhíodh san am atá caite. Ar chúrsaí don dara leibhéal níl bliain a théann thart nach bhfuil cuid de na scoileanna a bhíodh ag plé le Gaeilge ag druidim. I mo dháilcheantar féin tá an rud atá ag tarlú maidir le Coláiste Mhuire i dTuar Mhic Éadaigh. Tuigeann chuile dhuine an obair iontach a rinne an coláiste sin ar feadh na mblianta agus ba mhór an trua é dá leigfeadh an Rialtas don choláiste sin druidim. Beimid ag súil go mbeidh an tAire agus Roinn na Gaeltachta sásta gach tacaíocht gur féidir leo a thabhairt lena choinneáil slán.

Maidir leis an Chomhchoiste don Ghaeilge tá bród orm a rá go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an gcomhchoiste sin agus go raibh sé d'onóir agam féin bheith tofa mar chathaoirleach air. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis na baill atá ag obair go dúthrachtach ag iarraidh dul chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus i dtimpeallacht Thithe an Oireachtais. Ba mhaith liom chomh maith mo bhuíochas a ghlacadh leis an gCeann Chomhairle i ngeall ar an chuidiú atá sé ag tabhairt dúinn maidir le seomraí a chur ar fáil agus, le cúpla lá, fuaireamar amach go mbeidh seomra anois a bheidh feistithe agus a bheidh leagtha amach le cuidiú le baill an dá Thí anseo teacht isteach agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus Gaeilge a fhoghlaim. Sin dul chun cinn agus táimid buíoch i ngeall air sin.

Ba mhaith liom chomh maith mo bhuíochas a ghlacadh le rúnaí an chomhchoiste, duine de bhall Roinn na Gaeltachta, agus bhí an t-ádh orainn go bhfuaireamar an fear sin agus ní thiocfadh linn duine níos dúthrachtaí nó níos fearr a fháil i gcóir na hoibre. Maidir le forbairt na Gaeltachta sílim go bhfuil gá anois agus feasta ár n-aighthe a dhíriú ar ár acmhainní nadúrtha. Molaim an obair atá a déanamh ag an Údarás sna cúrsaí seo. Tá foireann an-mhaith ansin. Tuigeann na daoine atá tofa cúrsaí na Gaeltachta, céard a theastaionn ón Ghaeltacht, céard ba chóir a dhéanamh maidir leis an Ghaeltacht a fhorbairt, agus tá an t-ádh linn go bhfuil ard-fheidh-meannach cáilithe, ciallmhar, gníomhach ag tabhairt treorach. Tá foireann mhaith oibre faoi a thuigeann céard tá ag teastáil agus sílim má fhaigheann siad an tacaíocht atá tuillte acu go bhfeicimid dul chun cinn i bhfad níos fearr.

Níl mé sásta, mar tá ráite agam cheana agus ní maith liom bheith ag caitheamh anuas ar dhuine ar bith, ach ó tháinig an tAire seo isteach sílim gurb é an chéad chloch ar a phaidrín bheith go síorraí ag dul i ngleic leis an Údarás. Níl sé sin sásúil agus ní ceart a leithéid a bheith ag tarlú. Séard a theastaíonn i láthair na huaire go mbeadh brí agus misneach á dtabhairt don obair atá á déanamh ag an Údarás agus go dtuigfeadh muintir na Gaeltachta iad féin go bhfuil lán tacaíocht á fháil ag an Údarás ón Aire. Tá an Ghaeltacht ag brath ar obair an Údaráis agus muna bhfaigheann siad an tacaíocht atá túillte acu ní fheicfimid an dul chun cinn gur mhaith linn a fheicéail.

Is breá linn go bhfuil deireadh leis an droch-mheas a bhí á chaitheamh ar an Údarás agus nach féidir, san tuarascáil seo, an tuarascáil mhór, fhada seo, iad a cháineadh ar bealach ar bith. Níl ag teastáil anois ach go dtabharfadh an tAire agus an Rialtas an t-airgead a theastaíonn go géar uathu leis na postanna a bhfuil gá leo sa Ghaeltacht a chur ar fáil agus go n-inséodh an tAire é féin, go poiblí, go bhfuil muinín aige as an Údarás agus go bhfuil sé sásta go bhfuil gach uile short ceart san Údarás agus go bhfeicimíd é ag gníomh go héifeachtach mar ba mhaith linn uilig anseo.

Is é an Meastachán seo atá á chur i láthair ag an Aire tráthnóna an Meastachán is airde do Roinn na Gaeltachta a cuireadh i láthair ó tháining mise anseo ceithre nó cúig bliana ó shin agus pé tuairim a bhíonn ag duine ar bith eile, sílim go dteaspáineann sé dáiríreacht an Aire agus dáiríreacht an Rialtais i leith na Gaeltachta agus fosta go léiríonn an tAire 'na oráid an dul chun cinn atá déanta san Ghaeltacht le bliain anuas agus le ceithre no cúig bliana anuas. Ní aontaím ar chor ar bith le daoine a deir nach bhfuil an tAire ná an Rialtas i ndáiríre i leith na Gaeltachta ná na Gaeilge ná dul chun cinn san Ghaeltacht agus mar sin de.

Thagair an Teachta Gallagher don chomhchoiste a bhfuil gach uile pháirtí nó beagnach gach uile pháirtí anseo páirteach ann agus ceann des na rudaí a thaitníonn liomsa agus mé ag freastal ar an gcomhchoiste sin ná an comhoibriú atá idir na Teachtaí agus na Seanadóirí atá in a mbaill den chomhchoiste seo. Istigh san chomhchoiste sin nó sa Teach seo nó taobh amuigh de nuair a bhimid ag plé ceist na Gaeilge, nó nuair a bhíonn daoine istigh ag tabhairt fianaise tá an Ghaeilge ansin. Tá sé mar pháirt de shaol na tíre seo; ní bhaineann sí le páirtí nó le dream ar bith agus táimid go léir i ndáiríre agus ag iarraidh ár ndícheall a dhéanamh. Sílim gur féidir an rud céanna a rá mar gheall ar gach Rialtas, go ndéanann siad a ndícheall ar mhaithe leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge agus nach bhfuil sé d'aidhm ná de chuspóir ag Aire ar bith ná ag Rialtas ar bith deireadh a chur leis an Ghaeilge nó leis an Ghaeltacht. A mhalairt atá fíor ar fad agus ceann de na rudaí a luaigh an tAire in a óráid ná an dul chun cinn atá déanta san Ghaeltacht maidir le cúrsaí fostaíochta. Ceart go leor, bhí deacrachtaí mór eacnamaíochta ann sa tír le deich mbliain agus le cúig bliain anuas agus tháinig laghdú ar fhostaíocht ar fúd na tire. Ní raibh dífhostaíocht chomh hard ariamh agus atá sé i láthair na huaire, ach is féidir a mhalairt a rá maidir leis an Ghaeltacht, nach raibh an fhostaíocht ariamh chomh hard agus tá sé i láthair na huaire san Ghaeltacht agus gach bliain ó tháinig an Rialtas seo i gcomhacht tháining méadú ar an líon daoine atá fostaithe sa Ghaeltacht agus nach raibh a oiread fostaithe ariamh agus a bhí ann ag deireadh 1985. Teaspáineann sé sin go bhfuil Údarás na Gaeltachta atá i mbun forbairt eacnamaíochta san Ghaeltacht ag déanamh a gcuid oibre go maith. Ní fhéadfadh an tÚdarás é sin a dhéanamh ach amháin go gcuireann an Rialtas agus an tAire airgead ar fáil dóibh a chuireann ar a gcumas é sin a dhéanamh agus tá suim mhór airgid curtha ar fáil i mbliana arís. Bhí áthas orm nuair a dúirt an tAire in a óráid go bhfuil gach aon dícheall á dhéanamh aige féin chun an fhadhb atá acu i láthair na h-uaire a réiteach. Dúirt sé go bhfuil súil aige go mbeidh réiteach ar an bhfadhb sin go hanluath. Ba mhaith liomsa é sin a fheiceáil fosta.

Ó tháinig an tAire i mbun na Gaeltachta caithfidh mé a rá go bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir le cúrsaí fostaíochta. Is dócha ceann de na rudaí is tábhachtaí a tharla ó tugadh isteach an Meastachán anuraidh ná an méadú mór atá ar dheontas tithíochta sa Ghaeltacht agus deontas feabhsucháin. Cuireadh ardú ar an deontas tithíochta ó £2,000 go £3,000 agus tá deontas feabhsucháin do thithe sa Ghaeltacht anois chomh hard le £8,000 no £9,000, do mhéadu nó feabhas ar theach a tógadh roime 1940. Is mór an cuidiu é sin do mhuintir na Gaeltachta agus tá lúcháir orm a rá go bhfuil na daoine i mo cheantar Gaeltachta féin i dTír Chonaill ag baint an-usáid as an deontas sin. Ón eolas atá agam i láthair na huaire tá beagnach 300 iarratas curtha isteach ó Ghaeltacht Dhún na nGall ó thús na bliana ó ardaíodh an deontas agus tá mé cinnte go bhfuil an scéal amhlaidh sna Gaeltachtaí eile. Tá áthas orm go bhfuil £1 mhilliún sa bhreis curtha leis an méid airgid do thithe agus d'fheabhsú tithe i mbliana agus tá me cinnte mura leor é sin ag deireadh na bliana go mbeimid in ann tuilleadh a fháil chun freastail ar na daoine uilig a bhfuil iarratais curtha isteach acu.

Tá scéimeanna feabhsucháin eile fosta agus sílim go bhfuil ardú mór ar an méid airgid a cuireadh ar fáil dóibh i mbliana, scéimeanna uisce agus séarachais san Ghaeltacht. Tá siad seo an-tábhachtach agus tá siad ag dul ar aghaidh ar fud na Gaeltachta. Bhi áthas orm i rith na bliana gur thug an tAire deontas fiúntach do scéim uisce i Leitir Mach an Bhaird sna Rossa. Cé gur diúltíodh é ar dtús, nuair a rinneadh é a athscrúdú cuireadh deontas de £30,000 ar fáil. Tá an scéim ar fad ag cosnú £400,000. Ba mhór an cuidiú an deontas ó Roinn na Gaeltachta chun a chur ar fáil do suas le 200 teach.

Feicim go bhfuil ardú ar an méid airgid atá curtha ar fáil do bhóithre sa Ghaeltacht. De bharr deacrachtaí eacnamaíochta le cúpla bliain ní raibh sé ró-ard ach tá deontas i bhfad níos airde i mbliana agus tá súil agam go rachaidh cuid den airgid sin, nuair a bheidh sé scrudaithe, do na daoine atá ag brath ar bhóithre isteach go dtí an áit in a bhfuil a gcuid móna. Tá deacrachtaí móra annsin i láthair na huaire agus tá súil agam go mbeimid ábalta freastal orthu sin. De bharr na droch-bhliana anuraidh agus an droch-gheimhridh tá droch-bhail ar na bóithre sin agus ón scrúdú atá á dhéanamh ag na cigirí i láthair na huaire tá súil agam go mbeimid in ann freastal ar chuid acu agus iad sin nach mbeimid in ann freastal orthu i mbliana tá mé cinnte go mbeidh an tAire anseo an bhliain seo chugainn arís chun freastal orthu.

Chomh maith leis sin, tá ardú ar an méid airgid a bheidh curtha ar fáil do hallaí pobail agus to aonaid mór sin agus inniu nó le cupla lá b'ábhar lúcháire dom go raibh an tAire ábalta deontas £15,000 a chur ar fáil do Chumann Lúthchleas Gaedheal i nDúnaibh fá choinne cuidiú leo as na costais atá le h-íoc acu as an obair bhreá atá déanta acu ar an ionad atá tógtha ansin acu le tamall anuas. Tá mé cinnte go mbeidh lúcháir ar mhuintir na nDúnaibh an cuiidú sin a fháil.

Fosta, tá méadú ar an méid airgid atá curtha ar fáil do na Coláistí Gaeilge agus nuair a bhí an Teachta Gallagher ag caint ar na Coláistí Gaeilge thall ansin bhí mé ag smaoineamh ar cheann de na scéalta a scríobh Pádraig Mac Piarais — agus is dócha gur léigh gach duine sa Teach é —Eoinín na n-Ean nach dtiocfadh an t-earrach go dtiocfadh na fáinleoga agus nuair a thiocfadh fáinleoga bhéadh an t-earrach ann. Chomh fada agus a bhaineann sé le muintir na Gaeltachta, ní thagann an samhradh go dtagann na scoláirí, lucht foghlama na Gaeilge. Bhí scata mór ansin anuraidh, sílim 15,000 aduirt an tAire. Beidh áthas ar na mná tí go bhfuil ardú curtha ar a gcuid airgid i mbliana arís don dara bliain as a chéile.

Sílim, mar sin féin go gcaithfimid bheith faichilleach maidir leis na daoine a ligimid go dtí na cúrsaí seo. Sílim gur mhaith an rud é dá ndéanfaí béal-thriail nó go mbeadh scrúdú de chineál éigin déanta sul a dtéann siad go dtí an Ghaeltacht chun cinnte a dhéanamh de go mbainfidh siad tairbhe as na tréimhse a chaitheann siad ansin. Is breá an rud go dtig scoláirí as gach Gaeltacht sa tír go dti an Ghaeltacht mar tugann sé deis dóibh eolas a chur ar an dteanga bheo ansin agus ar shaol agus ar chultúr agus air hraidisiún na Gaeltachta agus i mo cheantar féin — agus tá mé cinnte sna Gaeltachtaí eile — bíonn fáilte rompu gach uile bhliain. I dTír Chonaill ní amháin go dtagann scoláirí chugainn ó Bhaile Atha Cliath agus páirteanna eile den tír ach fosta ó Thuaisceart Éireann agus, ar ndóigh, tá deacrachtaí ar leith ag na scoláirí atá ag freastal ar na scoileanna ansin, b'fhéidir, agus ní locht ar bith orthú féin é nach mbíonn an caighdeán Gaeilge chomh hard acu agus a bhíonn ag daoine as páirteanna eile den tír. B'fhéidir gur mar sin atá an scéal agus ba maith liom go ndéanfaí freastal orthu sin fosta. B'fhéidir nach mbeifí ag súil le caighdeán chomh ard uathu chomh fada agus a bhíonn siad sa Ghaeltacht.

Tá an Ghaeltacht ag brath ar thurasóireacht agus sin an dream is mó i láthair na huaire a thugann airgead isteach, na scoláirí Gaeilge. Ar ndóigh, bíonn fáilte roimh na turasóirí eile fosta as páirteanna eile den tír agus taobh amuigh den tír agus ba mhaith liom é a lua leis an Aire maidir le duine ar bith a bhfuil teach ósta sa Ghaeltacht aige anois agus atá ag iarraidh é a leathnú agus mar sin de go bhfuil deacrachtaí maidir le deontais. Sílim an scéim deontas dheireanach a tugadh amach ansin anuraidh ag an Roinn Turasóireachta go raibh béim ar leith ar chuairteoirí a mhealladh isteach insan tír, cuairteoirí ón Mhór-Roinn agus ó Shasana agus ó áiteacha eile, agus sílim gur chotaigh sé sin deacrachtaí áirithe do Roinn na Gaeltachta ach tá súil agam go mbeidh siad ábalta an fhadhb sin a fhuascailt agus duine ar bith a bhfuil teach ósta aige sa Ghaeltacht agus atá ag iarraidh é a leathnú go mbeidh deontas le fáil aige chuige sin mar, i ndeireadh na dála, is é an rud a dheineann breis cuairteoirí sa Ghaeltacht ná airgead a thabhairt isteach sa cheantar agus fostaíochta chur ar fáil do na daoine óga agus dodhaoine eile.

Rinneadh tagairt fosta do na nuachtáin Ghaeilge agus d'irisí Gaeilge atá anois le fáil ar fud na Gaeltachta, agus tá súil agam, ar fud na tíre gach uile Dhomhnach. Rinne an Teachta Gallagher pointe iontach suimiúil go mbíonn níos mó ná rogha amháin de pháipéar againn Dé Domhnaigh agus go mbíonn coimhlint níos mó ag Anois le cur suas leis. Ach clúdaíonn siad imeachtaí an Tí seo agus na comhchoistí. Tugann siad clúdach maith dúinn ó thaobh na nuachta de agus, chomh maith leis sin, tugann siad clúdach maith do nuacht ón nGaeltacht. Ní chuimhin liom faoi leathanacha mar thagair an Teachta Gallagher dó ach ní shílim go bhfuil sé ag déanamh dochair ar bith don díoláchán mar na páipéir a chleachtaíonn é sin is iad is mó a dhíoltar sa tír seo agus i Sasana agus b'fhéidir nach droch rud ar bith do Anois aithris a dhéanamh orthu.

Agus sin ráite agam, ba mhaith liom focal molta a thabhairt do pháipéar nái-siúnta eile, The Irish Times. Bíonn altanna acu gach uile sheactain ar a dtugtar Tuarascáil. Bíonn siad suimiúil. Bíonn siad ilghnéitheach. B'fhéidir nach n-aon-taimid leis na tuairimí a bhíonn á nochtadh acu. Bíonn siad conspóideach ach sílim gu bhfuil siad ag déanamh freastail ar lucht labhartha agus lucht léite na Gaeilge agus tá creidiúint ag dul don fhoireann atá i mbun an ailt sin “Tuarascáil” san Irish Times. Chomh maith leis sin, níor mhaith liom dearmad a dhéanahm de Scéala Éireann nó don phreas go ginearálta. Léim féin gach ceann acu. Ní dhéanaim idirdhealú. Má tá alt acu i nGaeilge is fiú é a léamh agus bíonn altanna an-shuimiúla acu go minic sa tse-achtain agus sílim go bhfuil buíochas agus creidiúint ag dul dóibh fosta.

Nuair atá mé ag caint ar na meáinchumarsáide, ar ndóigh, níor mhaith liom dearmad a dhéanamh de Raidio na Gaeltachta agus ó bhíomar anseo anuraidh tá siad ina dhiaidh breis ama a chur leis na huaireanta craolta. Anois bíonn deis againn uile, más maith linn Nuacht an Lae a chloisteáil — muna bhfuil fonn orainn é a fháil ar Raidio Éireann — is féidir linn dul go dtí Raidio na Gaeltachta agus tá sé chomh maith le páipéar nuachta ar bith mar bíonn míreanna an-suimiúla acu ó thart ar a naoi a chlog ar maidin suas go dtí am lóin agus sílim gur céim ar aghaidh é sin na huaireanta craolta a leathnú. Tá siad ag cur seirbhís mhaith ar fáil do phobal na Gaeltachta. Tá siad chomh maith le páipéar nuachta agus tá súil agam go mbeidh tacaíocht le fáil i gcónaí acu sa Teach seo. Tá rud eile déanta acu, na ceantair Ghaeltachta a thabhairt le chéile. Tá cuimhne agamsa, nuair a chuireadh Raidio na Gaeltachta ar bun, go mba dheacracht mhór ar dhuine as Tír Chonaill duine as Chiarraí a thuiscint agus b'fhéidir gur mar a chéile é do dhuine as Chonamara duine as Chiarraí ná as Tír Chonaill a thuiscint ach thug Raidio na Gaeltachta na Gaeltachtaí le chéile agus tuigimid uilig anois an teanga atá á labhairt sna Gaeltachtaí. B'fhéidir go bhfuil difríocht san mblas ach is mar an gcéanna an teanga agus sílim go bhfuil an-chreidiúint ag dul do Raidio na Gaeltachta as é sin a dhéanamh. Tá lúcháir orm. Ní raibh sé ar eolas agam go dtí gur chuala mé anseo anocht é go bhfuil meitheal oibre anois faoi oifigeach de chuid Roinn na Gaeltachta ag plé le clár-acha Gaeilge chomh fada agus a bhaineann sé leis an dteilifís.

De na meáinchumarsáide ar fad, sílim gurb í an teilifís an ceann is láidre agus an ceann is mó a bhfuil tionchar aici ní amháin ar shaol mhuintir na tíre i gcoit-inne ach ar shaol mhuintir na Gaeltachta fosta agus caithfidh mé a rá — agus aon-taím leis na cainteoirí a bhí romham — gur beag freastal ata á dhéanamh ag Tele-fís Éireann i láthair na huaire ar an nGaeilge ná ar an mhuintir a labhraíonn an Ghaeilge ach, tá súil agam, nuair a bheas obair an mheithil seo déanta acu, go mbeidh feabhas mór ar an scéal idir seo agus deireadh na bliana mar tá sé tábhachtach go dtabharfaí aitheantas agus a áit cheart don Ghaeilge ar an dteilifís.

Fáiltím roimh chúrsaí oideachais agus ceann de na comharthaí dóchais is mó a tharla le roinnt blianta anuas — agus tharla seo taobh amuigh den Ghaeltacht — ná an uimhir de scoileanna lán-Ghaelacha a chuireadh ar bun agus atáthar le cur ar bun ar fud na tíre agus sílim go bhfuil coimhlimt mhór anseo i mBaile Átha

Cliath agus go minic go gcaithfidh fanacht le dul isteach sna scoileanna seo agus is comhartha dóchais é go bhfuil fás agus borradh ag teacht ar an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus go speisialta anseo i mBaile Átha Cliath agus in áiteacha eile ar fud na tíre. Tá súil agam go mbeidh gach tacaíocht le fáil ón Rialtas seo agus ó gach Rialtas eile do na scoileanna seo agus do na páistí atá ag freastal orthu agus go mór mhór na múinteoirí atá ag teagasc iontu.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do scoileanna na Gaeltachta. Tá deacrachtaí san Ghaeltacht i láthair na huaire agus san am a chuaigh thart ón taithí agus ón eolas a bhí agam féin ar na scoileanna seo bhí na páistí ag teacht isteach agus iad aonteangach, an Ghaeilge acu ón gcli-abhán, ach go minic anois san Ghaeltacht tig na páistí isteach agus iad dhátheangach. Go minic, de thairbhe daoine ag teacht isteach san cheantar agus iad ag obair agus gan an Ghaeilge ag na tuismi-theóirí bíonn Béarla ag na páistí ag teacht ar scoil. Ach ón aithne atá agam ar na múinteoirí san Ghaeltacht tá siad ag déanamh an-obair faoi choinne cuidiú leis na páistí sin a thagann ar scoil an Ghaeilge a fhoghlaim. Rud eile atá ag déanamh freastail ar an cheist seo ná na naonraí atá ar bun ar fud na Gaeltachta. Ba mhaith liom iad a mholadh mar, áit a bhfuil an fhadhb seo nuair a théann na páistí go dtí na naonraí, bíonn deis acu eolas agus aithne a chur ar an Ghaeilge sula dtéann siad isteach go dtí an bunscoil.

Rinne mé tagairt don chomhchoiste Oireachtais agus ba mhaith liom an Teachta Gallagher a mholadh as chomh cóir agus chomh cothrom agus atá sé mar chathaoirleach. San cúpla noiméad atá fágtha agam ba mhaith liom tagairt ghairid a dhéanamh don tuairisc a chuireadh ar fáil maidir le Údarás na Gaeltachta. Molaim Cathaoirleach an Chomhchoiste a chuir an tuairisc seo ar fáil, an Teachta Prendergast atá anseo linn, agus na baill uile idir bhall na Dála anseo agus an tSeanaid a chuir an oiread sin oibre isteach san tuarascáil. Tá sé fada agus tá sé cuimsítheach agus sílim go bhfuil moltaí fiúntacha ann. Mar adúirt mé tá an-obair déanta ag an Údarás sa Ghaeltacht. Cuireadh airgead ar fáil dóibh faoi choinne sin a dhéanamh agus tá súil agam go ndéanfar sin san am atá le teacht. Tá moltaí fiúntacha ann agus tá súil agam go mbeidh deis na moltaí sin a chur i bhfeidhm idir seo agus deireadh na bliana. Comhchoiste a bhain le gach uile pháirtí a bhí ann agus sílim, nuair atá bord chomh tábhachtach leis sin ar bun le sé nó seacht de bhlianta, go dtig linn dul siar agus amharc goidé mar a éirigh leo an obair a dhéanamh i rith na tréimhse sin. Agus is dócha cé chomh maith is atá an bord is féidir feabhas a chur air agus na moltaí seo a phlé agus a scrúdú; má chuireann siad feabhas ar obair an Údaráis beidh fáilte mór againn rompu uile má chuirtear i bhfeidhm iad. Mar adúirt mé ar dtús, seo an Meastachán is airde a cuireadh ar fáil ó Roinn na Gaeltachta ariamh agus taispeánann sé dáiríreacht an Rialtais. Ainneoin an méid adeirtear tá an t-airgead ansin. Ní raibh sé chomh hard ariamh agus tá súil agam go réiteofar gan mhoill na deacrachtaí atá ag an Údarás i láthair na huaire agus mar a rinneamar le cúig bliain anuas, go gcuirfimid le forbairt agus le fostaíocht agus dul chun cinn san Ghaeltacht.

"Meastachán Roinn na Gaeltachta 1986" atá scríofa ar bharr óráid an Aire. Ceapaim féin, dairíre gurb é óráid na bliana seo caite a bhí ann. Beagnach focal ar fhocal ar fhocal an óráid chéanna ach amháin na figiúirí athraithe beagáinín anseo agus ansiúd. Taispeánann sé sin a laghad suime agus atá ag an Rialtas, níl a fhios agam ag an Aire féin, ach cinnte ag an Rialtas, i gcúrsaí Gaeilge, i gcursaí Ghaeltachta nó in aon chúrsaí a bhaineann le nái-siúnachas.

Anois tá go leor cainte déanta le roinnt míonna anuas ó cuireadh Comhchoiste don Ghaeilge ar bun san Oireachtas. Mar adúirt an Teachta McGinley agus an Teachta Gallagher tá sár-obair déanta ag an gcoiste agus tá go leor den bhuíochas sin ag dul don Teachta Denis Gallagher é féin mar gur stiúraigh sé an coiste mar chathaoirleach go cothrom agus gur thug sé deis labhartha agus deis díospóireachta do chuile dhuine thart ar an mbord. Tá ár gcion féin déanta againn le caighdeán na Gaeilge, más féidir sin a dhéanamh, a ardú sa Dáil agus sa Seanad, agus b'fhéidir níos tábhachtaí ná sin féin atmaisféar Gaelach a chothú i dtim-peallacht Thithe an Oireachtais. Is mór an feall, is dócha, dairíre nach n-éiríonn le cuid againn nó nach gcuirimid chuige níos mó Gaeilge a usáid agus sinn ag labhairt i gcúrsaí na Dála go hiondúil — taobh amuigh de am seo Meastachán Roinn na Gaeltachta féin. Ach tá an-éacht déanta ag foireann an Tí agus sin iad na maoir, go háirithe, an ceathrar acu a bhíonn go hiondúil san áit a mbailímid mar Theachtaí Dála agus mar Sheanadóirí ár gcuid post chuile mhaidin. Ba mhaith liom anseo anocht go n-aithneoimís an t-éacht sin agus go molfaimís iad as ucht na hiarrachta atá déanta acu le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus í a labhairt má labhraíonn tú leo ar maidin.

Creidim dairíre gurab í an chúis is mo b'fhéidir, nach n-úsáideann Teachtaí sa Teach seo oiread Gaeilge agus atá acu nó atá ar a gcumas acu a labhairt, ná an easpa poiblíochta a fhaigheann aon Teachta a sheasann suas agus a labhraíonn Gaeilge. Níl orainn ach breath-nú ar Ailéar na nIriseoirí anseo anocht le feiceáil an easpa suime atá ag iriseoirí páipéir naisiúnta na tíre seo i gcúrsaí Gaeilge agus i gcúrsaí Ghaeltachta, nach fiú lena bhformhór bheith anseo anocht.

Creidim gurb b'shin é b'fhéidir ceann de na cúiseanna is mó leis an easpa úsáid Gaeilge sa Teach. Mar tá a fhios againn ar fad go maireann go leor polaiteoirí ar phoiblíocht agus má labhraíonn tú sa Dáil nó sa Seanad, gur maith leat go mbíonn a fhios ag daoine thíos go bhfuil tú ag obair anseo agus ag déanamh iarrachta ar a laghad. Agus mé ag caint ar na hirisoirí níor mhaith liom ligean don oíche seo dul thart gan chuile ádh a ghuí ar iriseoir amháin a bhíonn san Ailéar go minic agus a thugann an-chothromaíocht ina chuid cainte agus ina chuid iriseoireachta ar Raidió na Gaeltachta do ghnóthaí na Dála agus an tSeanaid, sin é do Mhicheál Ó Muircheartaigh atá tinn faoi láthair, agus tá súil againn go léir, táim cinnte, go mbeidh sé ar ais linn gan mórán moille.

Tá rud amháin tagaithe ar ais san Ghaeltacht, go háirithe sa Ghaeltacht is mó go bhfuil eolas agamsa air, le bliain go leith nó dhá bhliain anuas agus sin é go bhfuil daoine óga, fir agus mná óga agus go háirithe fir óga pósta, anois imithe ar an imirce arís. Tá siad ag tabhairt an bháid bháin orthu féin agus tá siad thall i Nua Eabhrac nó i mBoston Mheiriceá nó i Londain nó i mBirmingham. Bhí mé ag cruinniú polaitiúil níos túisce anocht agus sheas Cathaoirleach Bhord Chumann Lúthchleas Gael i gcontae an Aire féin, suas agus dúirt gur shínigh sé cáipéisí do os cionn ceithre scór de leads óga Mhaigh Eo, a bhí ag imirt peile sa chontae agus atá anois thall i Londain agus in áiteacha eile i Sasana. Taispeánnann sé sin na daoine breátha óga atá imithe ceal post a fháil sa mbaile dóibh féin, ach go háirithe daoine óga i gceantair Ghaeltachta.

Cuireadh an tÚdarás ar fáil le postanna a chruthú do dhaoine na Gaeltachta agus leis an Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht féin. O thús na bliana seo, ó mhí Eanáir, tá 607 bpostanna lánaim-searacha agus ochtó postanna páir-taimsearacha ceadaithe ag an Údarás ach gan aon chead acu litir ofrála a chur amach ag na tionsclaithe ceal airgid, mar, mar atá a fhios ag an Aire — agus ní admhódh sé anseo é — tá airgead iomlán 1986 le postanna a chruthú tógtha suas ag tograí a ceadaíodh sa bhliain seo caite. Agus b'fhearr liomsa go mór, dá n-admhódh an tAire é anseo nó taobh amuigh den Dáil, mar láidreodh sé a lámh agus é ag dul ag bord an Rialtais. Tá a fhios againn freisin, a Chathaoirligh, go gcosnaíonn sé dhá thrian den mhéan chostas sa chuid eile den tír post a chruthú sa nGhaeltacht. In ainneoin na constaicí móra atá le sárú i gceantair Ghaeltachta ag an Údarás agus ag foireann an Údaráis, tá an líon post anna san Ghaeltacht ag ardú nuair atá sé ag titim sa chuid eile den tír ar fad. Sin éacht atá déanta ag Údarás na Gaeltachta. Ach ní féidir tionsclaithe san Ghaeltacht nó in aon áit eile a chur ar mhéar fhada, ró-fhada, mar imeoidh siad uait. Ní fhanfaidh siad agus sin é anois, mar adúirt an Teachta Gallagher, atá tar laithe le coicíos anuas. Tá tionnsclaithe caillte ag an Údarás, tá postanna caillte ag muintir na Gaeltachta.

Ainmnigh aon tionsclaí amháin atá caillte.

Tá a fhios ag an Aire chomh maith liomsa cé hiad féin.

(Cur isteach.)

Thug comhchoiste na Dála a dtuarascáil amach coicíos nó trí seachtainí ó shin — an Teachta Prendergast a bhí ina chathaoirleach ar — agus anocht bhí mé ag súil san óráid a thug an tAire anseo go mbeadh sé in ann a chuid tuairimí féin mar Aire Gaeltachta a nochtadh i leith na tuarascála sin. Ach in ionad sin deir sé linn nach raibh go leor ama aige go fóill leis an dtuarascáil a mheas ach amháin go raibh sé fábharach dó. Má tá cúrsaí an Údaráis chomh práinneach agus a deireann an tAire go bhfuil — tá a fhios agam go bhfuil ach creideann an tAire agus tá sé ráite aige go bhfuil — is aisteach liom nár éirigh leis an Aire i leith na tuarascála is mó agus is cuimsitheach agus is fadbhreathnaitheach a cuireadh ar bun in aon bhord Stáit agus go háirithe in Údarás na Gaeltachta ó bunaiodh é — ach a thuairmí a nochtadh ar na rudaí atá sa tuarascáil sin. An bhfuil an tAire fábharach do laghdú daonlathais ar bhord an Údaráis, mar sin go díreach ceann de na moltaí atá san tuarascáil? Tá a fhios agamsa go raibh baill de mo pháirtí féin ar an gcomhchoiste Dála seo agus dúirt mé ag cruinniú de mo pháirtí féin nár aontaigh mé go ndeachaigh siad ar aghaidh le polasaí Fhianna Fáil i leith an Údaráis agus i leith bhord an Údaráis nuair a ghlacadar leis an gcinneadh sin ar an gcomhchoiste, mar creidim go bhfuil laghdú daonlathais i gceist. Bhí go leor cainte faoi thionscail éagsúla agus monarchana éagsúla, i nGaeltacht Chonamara go h-airithe, a bhí ag cailleadh an t-uafás airgid le blianta fada anuas nuair a bhí siad faoi Ghaeltarra Éireann agus nár deineadh aon chinneadh ariamh chun iad a dhúnadh síos do chur ar bhonn airgeadais ceart agus folláin. Níor deineadh é sin go dtí gur cuireadh an tÚdarás ar bun agus is cuimhin liomsa i 1979, 1980 agus tús 1981 nuair a chuaigh mise thart ag oifigí polaitúila ar fúd mo dháil-cheantair féin agus isteach go gCathair na Gaillimhe agus ag rinncí polaitúila san oíche bhí daoine as an monarchan sin ag siúl suas agus síos taobh amuigh agus placards acu á rá nár theastaigh baill an bhoird uathu, nar theastaigh mise uathu mar Aire, ach sheas baill thofa an bhoird in aghaidh na ndaoine sin, in aghaidh a muintire féin. D'éirigh leo rud a dhéanamh — d'éirigh leo na comhlachtaí agus na fochomhlachtaí a chur ag déanamh airgid don chéad uair i 1984 agus arís i 1985. Na baill tofa ar an mbord a rinne é sin, agus sin éacht.

Tá deireadh curtha anois le deontais seirbhísí, creidim, san Údarás. Níl a fhios agam cé chomh fíor is atá sé sin ach sin a deirtear linn nuair a scríobhaimid isteach thar ceann éinne atá ag iarraidh deontas seirbhíse. Creidim go dtuigeann an tAire chomh tábhachtach agus a bhí na deontais sin, mar thug siad deontais do na daoine beaga taobh istigh den Ghaeltacht. B'fhéidir nar chuir siad fos-táiocht ar fáil ach amháin do bheirt nó triúr ach ní raibh i gceist ach cúpla céad punt agus bhí sé sin an-tábhachtach i gceantair atá an-iargúlta agus a raibh go leor constaici le sárú iontu.

An rud is deireanai atá ráite leis an Údarás ná go gcaithfidh siad teannadh amach as na portaigh. Rinneadh an-éacht i nGaeltacht Chonamara le bliain anuas nuair chuaigh an tÚdarás isteach i leith forbairt portaigh nár dearnadh aon fhorbairt iontu le blianta. Cuireadh na portaígh ar fáil ar léas do mhuintir na háite agus tá siad anois ag baint móna uathu agus, le cúnamh Dé, beidh neart móna acu an bhliain seo chugainn má leanann an aimsear go maith. Sin b'fhéidir an gníomh is mó agus is áisiúla a deineadh i mo dháilcheanntar ó cuireadh an tUdarás ar bun.

Cuireadh ar bun coiste idir ranna inmheánach. Bhí an Roinn Airgeadais air, bhí an Roinn Tionscail air; bhí Roinn na Gaeltachta air, An tÚdarás Forbartha Tionscail, Údarás na Gaeltachta féin. agus SFADCo, agus creidim anois go bhfuil moladh curtha ar aghaidh acu sin chuig na trí Ranna Stáit agus gurb é atá annsin ná nach bhfuil aon airgead le sparáil ag SFADCo nó ag an Údarás Forbartha Tionscail le teacht i gcabhair ar Údarás na Gaeltachta. Más é sin é an cinneadh, nach bhfuil aon airgead, an bhfuil fírinne sa scéal gurb é an cinneadh atá déanta ag an gcoiste sin ná go dtabharfadh an Rialtas cead d'Aire na Gaeltachta £2 mhilliún a íoc leis an Údarás lena dtógáil as an gcruachás uafásach in a bhfuil siad faoi láthair agus go n-íocfaí é sin láithreach?

Tá rud amháin ag cur isteach ormsa a chuir an-diómá orm le gairid, agus sin an preas ócáid speisialta a bhí ag ball de Phairtí Fhine Gael, Teachta Dála Ciarraíoch nach bhfuil anseo anocht agus sinn ag caint ar chúrsaí na Gaeltachta. Ní raibh aon am aige teacht ag an preas ócáid speisialta oifigiúil a bhí ag an Teachta Prendergast ach bhí sé in ann dul amach 24 uair in a dhiaidh sin agus preas ócáid féin a bheith aige agus mioscais á tharraingt aige arís agus drochmheas á chaitheamh aige leis an Údarás agus é ag cur i leith oifigeach agus feidhmeannach de chuid an Údaráis atá anois i bpostanna áirde taobh istigh den Údarás go raibh airgead curtha amú in áit éigin — agus níl a fhios agam an i gContae Ceatharlach nó in áit éigin eile. Fair play don Teachta Prendergast, bhain sé na cosa de ar Raidio Eireann an mhaidin in a dhiaidh sin ach tá sé in am ag an Aire na cosa a bhaint de mar tá sé in am a rá leis an dTeachta sin go gcaithfidh sé cur suas nó dúnadh suas. Má tá fianaise aige anois cuireadh sé i láthair an Aire é agus tá mé cinnte go mbeidh an tAire lánsásta pé rud is gá a dhéanamh leis an bhfianaise sin a dhéanamh láithreach.

Bhí an Teachta McGinley ag caint mar gheall ar dheontais fheabhsúcháin do thithe Ghaeltachta. Is ceart go leor bheith ag caint ach tá deacracht amháin againn — agus labhair mé le oifigigh na Roinne mar gheall air agus tá mé ag ceapadh leis an Aire é féin — i nGaeltacht Chonamara nach bhfuil againn ach fíor bheagán conraitheoirí tógála atá cláraithe agus mar sin níl siad in ann an líon mór oibre is gá a dhéanamh i gcás feabhsúcháin tithíochta a dhéanamh gan b'fhéidir moill fhada, bliain nó mar sin, a bheith ort ag fanacht agus creidim féin i ndáiríre go gcaithfear teacht i gcabhair ar bhealach éigin i gceantair mar sin in iarthar na tíre nach bhfuil na conrai-theoirí cláraithe ar fáil go flúirseach iontu. Tá mé cinnte go bhfuil an fhadhb chéanna i gContae Mhaigh Eo.

Ar bhóithre áise tá poill chomh mór sna bóithre sin sa Ghaeltacht go bhféadfadh feirmeacha éisc a chur ar bun i gcuid acu agus, maidir leis na portaigh de bharr na droch-aimsire tá go leor bóthar ag dul isteach chuig portaigh nach féidir tractor nó fiú amháin trailer a thabhairt orthu agus tá sé an-tábhachtach go gcaithfí oiread airgid agus is féidir, nó go mbeadh cothromaíocht éigin idir na bóithre áise agus na bóithre portaigh agus tá súil agam go mbeidh caighdeán roghnaíochta ar na bóithre i mbliana níos fearr ná mar a bhí sé anuraidh nó más bréag a bhí iScéala Éireann nó pé páipéar a chuir bóithre Thír Chonaill ar an bpáipéar, ba cheart don Aire é sin a bhréagnú.

Maidir leis na céanna tá an-mhí thuiscint i gConamara faoi latháir agus i gContae na Gaillimhe agus ar an gcósta thiar i measc iascairí faoi ché Ros a'Mhíl. Dúirt an Teachta Donnellan, an tAire Stáit, as Gaillimh Thiar cúpla mí ó shin go raibh go leor airgid ar fáil—na milliúin— le caitheamh ar Ros a'Mhíl agus dúirt an tAire Dukes anseo nuair a bhí sé ag caint thar ceann Aire na Gaeltachta roinnt seachtainí ó shin nach raibh aon suim airgid dá leithéid do Ros a'Mhil i mbliana. B'fhéidir go bhféadfadh an tAire a insint dúinn cé tá ag insint na fírinne? Is cinnte nach féidir an bheirt acu bheith ag insint na fírinne agus níl mé ag rá gur bréagadóir ceachtar acu.

Maidir le Cé Larna, tá dréimire agus soillsí treoracha le cur ar fáil; cé Cill Chiaráin—cén t-am a thosnófar ar an obair? Tá an t-airgead ceadaithe. Táimid ag súil go dtosnófar ar an obair go luath. Maidir le Oileán Árainn tá go leor oibreacha speisialta a chaithfear a dhéanamh le go mbéifear in ann seirbhís cheart a chur ar fáil idir Cé Ros a'Mhíl agus na céanna in Inis Mór, Inis Meán agus Inis Oirr.

Maidir leis na coláistí Gaelacha, aon-taím go hiomlán leis an méid a dúirt an Teachta McGinley agus creidim, agus tá sé ráite agam go minic, chomh fada agus a bhaineann sé leis na coláisti Gaeilge go gcaithfear an rud a dúirt sé, caighdeán nua de chinéal éigin a dhéanamh ar na coláistí sa chaoi nach mbeidh agat in aon rang amháin daoine atá fíor lag ar Ghaeilge agus daoine atá réasúnta maith, go bhféadfaí an cineál caighdeánú a deintear i gcuid de na coláistí Gaeilge a chur i bhfeidhm tríothu ar fad agus annsin go mbeifí in ann toradh níos fiúntaí a fháil ag deireadh na gcúrsaí Gaeilge ná mar atá ann faoi láthair agus an scéim iaraire a chuirtear ar fáil i gcuid de na coláistí go bhféadfaí b'fhéidir cabhair airgid níos mó agus níos forleithne a chur ar fáil le go bhféadfaí an scéim sin a leathnú ar fúd na tíre agus go bhféadfadh páistí as na coláistí Gaeilge ar fad úsáid agus tairbhe a bhaint as sin.

Tá moladh amháin a aontáim leis go hiomlán i dTuarascáil an Chomhchoiste Dála faoi na comharchumainn agus sin é go bhfuil sé tarraingthe faoi láthair idir an Údarás ar lámh amháin agus Roinn na Gaeltachta ar an lámh eile agus go bhfuil sé thar am lárnú a dhéanamh ar an tseirbhís do na chomharchumainn, gur cheart iad a bheith go hiomlán faoin Údarás nó go hiomlán faoi Roinn na Gaeltachta ach nár cheart go mbeidís ag iarraidh a bheith ag deighleáil leis an dá dhream mar titeann siad idir dhá stól go minic.

Ba maith liom, mar a rinne na Teachtaí a chuaigh romham, comhgháirdeas a dhéanamh le foireann an Údaráis mar níl aon dabht faoi an-phríomh-fheidhm-eannach ann a bhfuil a chion fein déanta aige ní amháin taobh istigh den Ghaeltacht féin ach taobh amuigh den Ghaeltacht le poiblíocht níos fearr agus níos folláine a fháil do obair an Údaráis. Ba mhaith liom freisin tréaslú le foireann Roinn an Aire féin, daoine a raibh an-deileáil agamsa leo nuair a bhí mé mar Aire Ghaeltachta, agus do Chathaoirleach an Údaráis atá san áiléar anocht agus atá ina iar-Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta agus mar a bhí ann le blianta fada.

Tá ceist amháin agam ar an Aire. Nuair a bhí mise i mo Aire Ghaeltachta bhí ócáid mhór againn chomh fada agus a bhain sé leis an Roinn agus sin gur aist-ríodh an chuid is mó den Roinn siar chuig na Forbacha. Bhí sé i gceist ag an am go n-aistreófaí an chuid eile den Roinn siar agus nach mbeadh fágtha i mBaile Átha Cliath ach an aireacht féin. Creidim go mba pholasaí maith é sin agus go bhfuil sé in am anois breathnú air sin arís agus b'fhéidir dáta cinnte a shocrú le go mbeidh an chuid eile den fhoireann in ann aistriú siar chuig na Forbacha le bheith i gceartlár mhuintir na Gaeltachta agus a bheith lena chéile. Tá mé cinnte go bhfuil furmhór na foirne sásta athrú agus mura bhfuil gur féidir, b'fhéidir, aistriú a thabhart dóibh taobh istigh de Roinn Stáit eile agus daoine as an Roinn Stáit sin a chur siar.

Tá mé cinnte, go bhfuil neart rudaí eile go bhféadfaí a rá anseo anocht ach amháin go bhfuilimid ar fad ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Agus má tá rudaí le rá againn, mar adúirt an Teachta Gallagher, ó am go chéile nach dtaitníonn leis an Aire—bhí rudaí á rá liomsa nár thaitnigh liomsa ach an oiread nuair a bhí mise ann—caithfimid ar fad oibriú lena chéile ar mhaithe leis an nGaeltacht. Creidim gurb é an rud is práinní anois a d'fhéadfadh aon Aire a dhéanamh ná an £2 mhilliún a chur ar fáil don Údarás le go mbeimid in ann a chinntiú go mbeidh pobal Ghaeltachta againn, go mbeidh tobar Gaeilge connithe beo againn sa nGaeltacht féin.

Díreach cosúil leis an Teachta deireannach a bhí ag labhairt ansin creidim go bhfeadfaimís go léir neart rudaí a rá faoin Ghaeltacht agus cúrsaí na Gaeltachta ach tuigim go maith go dteastaíonn ón Aire agus ó Theachtaí eile teacht isteach agus fágfaidh mé am dóibh siúd.

Sa chéad dul síos tréaslaím don Aire as ucht na Meastacháin fhiúntachi seo a thabhairt isteach, na cinn is mó dar liom a tógadh isteach ó thaobh na Gaeltachta riamh sa Teach seo. Agus chomh maith leis sin, rud, b'fhéidir, a déanadh dearmhad air san díospóireacht anseo anocht gurb é seo an chéad Aire i stair na tíre a bhunaigh comhchoiste san Oireachtas ó thaobh cúrsaí na Gaeilge. Creidim féin gur cruthú fiúntach é sin go bhfuil suim an-mhór ag an Aire féin, dar ndóigh, agus ag an Rialtas i gcúrsaí athbheochana, forbartha agus leath-naithe na Gaeilge féin agus na Gaeltachta.

Ní nach ionadh chuir sé áthas ormsa, mar Chathaoirleach an Chomhchoiste um Chomhlachtaí Stát Tionscanta Trách-tála, a bheith ag éisteacht le cuid de na focail cineálta agus molta a tháining os na Teachtaí eagsúla faoin tuarascáil a chuir mo chomhchoiste féin amach le déanaí faoi Údarás na Gaeltachta. Ba mhaith liom a chur ina luí ar an Aire go gcreidimidne sa chomhchoiste sin gurb é seo an tuarascáil is tábhachtaí agus is fiúntaí a deineadh riamh ar chúrsaí na Gaeltachta i stair na tíre seo, mar go raibh sé ag teastáil uainn go mbeadh an tuarascáil sin ina cháipéis bunúsach, seasmhach, tagar-thach ó thaobh cúrsaí tionsclaíochta agus na Gaeilge féin laistigh de cheantair na Gaeltachta mar atá i láthair na huaire. Creidim féin go bhfuil na moltaí ann go sármhaith. Bhí cúrsaí an Údaráis á bplé againn ar feadh blian go leith in éagmais rudaí nimhneacha a bhí á rá ag daoine éagsúla agus tuigfidh an mhuintir anseo muna dtéim rófhada isteach sa bhealach sin de, mar cúrsaí pearsantachta atá ann agus ní theastaíonn uaim é sin do phlé níos faide anseo.

Ach, cuid de na moltaí a rinneamar san tuarascáil sin, creidim go rachaidh siad chun sochair do chúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, go mórmhór na cinn áir-ithe faoi Uimhir a Cúig, a dheineann moltaí faoi na córais taistil sa Ghaeltacht féin go mba fiú iad go léir a thógaint isteach agus a lárnú faoi fhoinse amháin, an tÚdarás féin. Sin é an rud atáa i gceist againn. I láthair na huaire tá deontais agus airgead á fháil acu ó Ranna éagsúla. Tá CIE ann agus Roinn na Gaeltachta féin agus an t-Údarás, agus creidimid gur cóir iad go léir a bhrú isteach faoi fhoinse amháin. Sin é an rud atá á rá againn agus tá tagairt déanta cheana féin ag an urlabhraí deireannach ó Fhianna Fáil ansin, An Teachta Geoghegan-Quinn, faoi cheist na gcomharchumann, go mba fiú iad go léir a lárnú faoi fhoinse amháin —faoi Roinn na Gaeltachta nó faoin Údarás. Go mórmhór ó thaobh deontais de, bheadh sé sin i bhfad níos éifeachtaí dá bhfeadfaí iad go léir a bhrú isteach le chéile.

Tá moladh Uimhir a Naoi freisin ansin. Déanann sé sin tagairt don scéim atá ag an Údarás ó thaobh dul chun cinn na Gaeilge laistigh den Ghaeltacht, agus tá súil agam go gcuirfear an méid airgid atá riachtanach ar fáil do lucht an Údaráis chun an scéim sin a chur chun cinn. Chuir sé díomá orainn nuair a bhíomar ag éist-eacht le baill, idir thofa agus ainmnithe, den Údarás faoin saghas cur isteach a bhí orthu féin de bharr easpa airgeadais go mórmhór ó thaobh na Gaeilge féin—ní ó thaobh tionsclaíochta de anois—agus ba mhaith liom a iarraidh óm chroí amach ar an Aire an méid airgid is féidir leis a chur ar fáil don Údarás mar tá géarghá i gcúrsaí airgeadais ann.

Ceann eile de na moltaí is tábhachtaí agus is praíinní dar liomsa, a rinneamar ná aonad margaíochta a chur a fáil díreach mar atá ag comhlachtaí cosúil le SFADCo agus an IDA. Ní hamháin sin ach ta géargá le aonad taighde agus forbartha —"research and development"— ní hámháin do chúrsaí an Údaráis féin nó do comhlachtaí atá faoi bhráid an Údaráis ach do chomhlachtaí eile go bhfuil deontais agus cabhair á bhfáil acu ón Údarás.

Ba mhaith liom anseo firicí suimiúla a nochtadh ó thaobh cúrsaí an Údaráis. Rinne mé tagairt ghearr anseo cheana féin dóibh níos luaithe san oíche, sa díos-póireacht seo. Ach nuair a thuigimidne go bhfuil £191 mhilliún á fháil ag an IDA gach bliain agus nach bhfuair an tÚdarás, idir Roinn na Gaeltachta agus an Údarás féin ach £137 milliún bliain thar fiche, tuigeann tú an t-éacht atá déanta ag an Údarás féin.

Rinne mé tagairt cheana féin do chúrsaí fostaíochta san Údarás. Ag deireadh na bliana 1984 bhí breis agus 4,000 duine fostaithe ann. Níor tháinig aon laghdú air sin. Tá dul chun cinn ann ó shin i leith. I 1980 — agus táim ag labhairt go baileach anois — bhí cailliúint idir na comhlachtaí go léir ann ag baint le b'fhéidir £3.5 mhilliún. Ach i 1984 — agus arís tá mé ag labhairt go baileach — tá brabús déanta acu de £100,000. Tá feabhas mór tagaithe ar an scéal ó 1985. Ní dóigh liom go bhfeadfadh an IDA nó SFADCo an rud céanna a rá agus ní dóigh liom go bhfuil aon chomhlacht sa tír a bhféadfadh an rud nó an maíomh céanna a dhéanamh. Rud eile, 71 faoin gcéad de gach comhlacht a fuair deontas ón Údarás tá siad siúd ag saothrú agus ag freastal go hiomlán fós. Ní fhéadfadh éinne eile é sin a rá. Ní fhéadfadh Fóir Teoranta é sin a rá agus bheadh áthas an domhain orthu dá mba rud é go mbeadh sé ar a gcumas é sin a rá futhu féin. Dá bhrí sin tá anmholadh ar fad tuillte ag an Údarás agus lán-tacaíocht sofheicthe tuillte acu ón Rialtas agus ó muintir na tíre seo go forleathan as ucht atá á dhéanamh acu ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge féin.

Creidimid sa chomhchoiste go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta na Gaeltachta agus cúrsaí na Gaeilge fite fuaite ina chéile. Tá sé thar a bheith tábhachtach, in ár dtuairim, go mbeadh an t-ádh leis an saghas eacnamaíochta tionsclaíochta atá ann. Má theipeann ar sin teipfidh freisin ar chúis athbeochan na Gaeilge. Sin é an baol is mó atá ann. Tá a fhios agam go maith go bhfuil saghas teirce ann ó thaobh airgid, ach baineann sé sin le gach Roinn nó Rannóg sa tír, — ach tá cúis faoí leith ag baint leis na Gaeltachtaí agus an Ghaeilge má táimid i ndáiríre faoí athbeochan na Gaeilge. Tá súil agam go ndéanfaidh an tAire, nuair atá seans aige, mionscrúdú ar na moltaí atá déanta ag an comhchoiste.

Thuigeamar go maith i dtosach báire gach a bhí sa tuarascáil sin, ach i gceann 100 bliain ón lá seo beidh na daoine inár ndiaidh in ann féachaint siar ar chúrsaí tionsclaíochta agus ar na Gaeltachtaí mar atá siad i láthair na huaire laistigh de cheanntair Ghaeltachta, agus tá sé thar a bheith práinneach agus tábhacthach go gcuirfeadh an tAire agus an Rialtas an méid airgid is atá riachtanach ar fáil don Údarás chun a chur ina gcumas aon rud is mian leo a dhéanamh chun socair na Gaeltachta.

Ba mhaith liom tagairt ghearr a dhéanamh do na meáinchumarsáide, agus tréaslú a dhéanamh faoin deá-obair atá á dhéanamh ag Raidio na Gaeltachta. Éinne a bhfuil deis aige éisteacht le Raidio na Gaeltachta tuigfidh sé go bhfuil na cúrsaí reatha a bhíonn á gcur amach acu i measc na gceann is fearr atá á gcur amach ag aon raidio sa tír seo, áitiúil nó náisiúnta, ach ba mhaith liom a iarraidh arís óm chroí amach ar an Aire bunscrúdú a dhéanamh ar chúrsaí teilifíse. Nach bhfuil sé go nimhneach, náireach dúinne go bhfuil cláracha teilifíse dá chur ar fáil do mhuintir Ghaeltachta na hAlban ag Rialtas Gallda? Tá córas Gaedhealg ar fáil ag Gaeltacht na hAlbain, ach níl sin againn sa tír seo. Iarraim ar an Aire rud éigin fiúntach a dhéanamh faoi sin. Mar a dúirt an Seanadóir Michael D. Higgins thar ceann ar bpáirtí i ndíospóireacht sa Seanad anuraidh, tá sé cruthaíthe go bhfuil córas teilifíse i bhfad níos éifeachtaí, níos láidre agus níos treise ná córas raidió, agus tá tionchar an-mhór ar fad faoin chóras teilifíse anseo. Creidim ó thaobh na Gaeilge go bhfuil géarghá le córas teilifís Gaeilge.

Ba mhaith liom tagairtín a dhéanamh do Anois. Tá sé bríomhar agus creidim go bhfuil an-job ar fad á dhéanamh aige. Ba mhaith liom iarraidh ar an phobal go forleathan tacaíocht so-fheicthe a thabhairt dó. Mar a dúirt an tAire, muna bhfuil an tacaíocht sin ann teipfidh sé agus bheadh sé sin go fíochmhar ar fad. Tagaim leis an méid a dúirt an Teachta McGinley ag tréaslú do The Irish Times: bíonn alt an-mhaith acu gach seachtain. Tá an-chuid nuachtán áitiúla sa tír a thugann altanna faoin Ghaeilge, díreach mar atá im chathair féin san Limerick Leader. Ba mhaith liom an dea-shampla sin a mholadh do gach nuachtán a bhfuil sé in a chumas amhlaidh a dhéanamh.

Rinne mé tagairt cheana don comhchoiste a bhun an Rialtas ó thaobh cúrsaí na Gaeilge. Cuidím go hiomlán leis an méid atá ráite ag Teachtaí éagsúla faoi chean-naireacht an Teachta D. Gallagher agus an saghas cothromaíochta a bhíonn á imirt aige ansin: tugann sé cothrom na Féinne do gach éinne. Ceann de na céimeanna is stairiúla agus is tábhachtaí a deineadh sa tír seo ó thús an Stáit, ó thaobh cúrsaí na Gaeilge ná an chomhchoiste sin a bhunú. Tá géar-ghá le rud éigin folasach so-fheicthe don saghas sin. Tá sé fánach do chuile dhuine taobh amuigh den Teach seo muna bhfuil dea-shampla so-fheicthe bunúsach á thabhairt againne don tír go forleathan. Ba cheart dúinn anseo bheith mar ábhar dóchais do na daoine atá ag obair ar son na Gaeilge agus ar son chúis athbeochan na Gaeilge. Ba mhaith liom cuidiú le Cathaoirleach an Choiste ag iarraidh ar an Aire in aon tslí is féidir leis a chur in a luí ar choiste pribhléidí an Tí seo agus ar an gCeann Comhairle tuilleadh áiseanna a thabhairt dúinn i dtreo, mar a dúirt an Teachta Geoghegan-Quinn, saghas timpeallacht Ghaeilge a chothú sna Tithe seo.

Ba mhaith liom tréaslú leis na Teachtaí agus leis na Seanadóirí faoin méid atá déanta. Ó toghadh mise trí go leith bliain ó shin tá áthas orm a adhmháil gur chuala mé níos mo Gaeilge á labhairt san Oireachtas ná in aon áit eile leasmuigh den Ghaeltacht. Le cúnamh Dé, beidh mise ag labhairt thar ceann Bhord na Gaeilge leis na daoine atá tofa sna húdaráis áitiúla. Beidh mé ag cur in iúl dóibh siúd cé chomh tábhachtach agus atá sé do na comhairleoirí dea-shampla a thabhairt in ár gceantair féin. Tá grúpa stiúrtha bunaithe ag an Rialtas agus tá saothar fiúntach déanta acu ó thaobh leathadh na Gaeilge ag an leibhéal sin. Ba mhaith liom go mbeadh triail eile bainte as na seimineáir bhliantúla, mar an ceann a bhí sa Cheathrú Rua agus Daingean Uí Chúise ceithre bliain ó shin. Tugann sé sin deis do na daoine tofa athfhéachaint ar an dul chun cinn atá déanta acu in a nÚdarás féin. Ba mhaith liom cuidiú leis an iarracht sin.

Nil tuilleadh le rá agam ach amháin tréaslú leis an Aire agus a iarraidh air an méid is féidir leis a thabhairt don Údarás chomh luath agus is féidir, mar tá géarghá le airgead práinneach ann don Údarás i dtreo is go bhféadfaimid an fhostaíocht a leathnú agus na jobanna atá ann cheana féin a chosaint.

Chomh maith leis na Teachtaí ar gach taobh den Teach ba mhaith liomsa cás a dhéanamh thar ceann Údarás na Gaeltachta, an tÚdarás sin a bhfuil £2 mhilliún de dhith orthu chun tuairim is 800 tograí a chur ar fáil. Tá timpeall 200 de na postanna sin i mo chontae fein. Cuireann sé isteach go mór orm go bhfuil brú á chur ar na comhlachtaí sin agus ar na daoine sin dul chuig an IDA agus, chomh maith leis sin, go bhfuil cúpla comhlacht a bhfuil an-bhrú á chur orthu ó Údarás Forbartha na Sé Contae.

Chuir an tAire ceist anseo: an bhfuil aithne againn ar chomhalcht ar bith; tá aithne agamsa agus tá a fhios agam go bhfuil an-bhrú á chur orthu. B'fhéidir go mbeidh siad sin ag cur amach fógra taobh istigh de chúpla lá faoin chomhlacht sin agus tá siad sásta dul isteach sna Sé Contae agus, an taobh eile den scéal, beidh siad sásta fanacht i nGaeltacht Dhún na nGall ach an tÚdarás a bheith ábalta a chur in iúl do na daoine sin go mbeidh an deontas le fáil acu.

Tá na daoine sin bréan de bheith ag fanacht ó lá go lá agus shíleamar agus shíl muintir na Gaeltachta go mbeadh an tAire ábalta a chur ina luí orainn anseo anocht go mbeadh sé ábalta fógra a chur amach go bhfuil an t-airgead sin ar fáil. Muna bhfuil sé sásta é a dhéanamh anocht — agus tá súil agam go mbeidh sé sásta é a dhéanamh roimh dheireadh na díospóireachta seo, b'fhéidir go dtabh-arfaidh sé le fios dúinn go mbeidh an t-airgead sin acu. Maidir leis an deontas £10 a luaigh sé ó chianaibh ceapaim féin go mba cheart go mbeadh ceangal idir na deontais sin agus deontais tithíochta agus deontais scoláirí. Tá go leor daoine sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht agus tháinig go leor daoine abhaile ó Shasana agus ó Alban agus níl an Ghaeilge go líofa acu agus tá a fhios agam go bhfuil deontais ar féidir leo cur isteach orthu chuig Rannaí Stáit. Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte go bhfuil an t-airgead sin, £3,000, de dhíth ar dhaoine chun teach a thógáil sa Ghaeltacht agus ceapaim nach bhfuil sé sin ag cuidiú leis an nGaeltacht ná leis an dteanga. Tá go leor daoine sa Ghaeltacht nár fhág an Ghaeltacht, nár fhág an tír, nár fhág na páistí an Ghaeltacht, agus níl siad ag fáil na bpuntaí. An bhfuil polasaí taobh istigh den Ghaeltacht a chuireann bac ar dhaoine iarratas a chur isteach ar dheontas do theach nua? Tá a fhios agam gur ardaíodh an méid airgid le haghaidh an deontais ó £2,000 go dtí £3,000 ach, chomh maith leis sin, ceapaim gur méadaíodh an líon daoine agus an méid teaghlach atá ag fáil an deontais seo. Tá go leor cásanna agamsa sa Ghaeltacht agus táimid ag fáil na litreach céanna ag cur ina luí orainn iarraidh ar na daoine sin an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá cupla cás agamsa i bparóiste Ghaoth Dóbhair agus dúirt an cigire nach raibh sé sásta os rud é nach raibh Gaeilge ar bith ag na páistí sin ar "bulldozers" agus rudaí mar sin. Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá acu ach tiontaíodh síos daoine mar sin agus b'fhéidir nach bhfuil mórán céille leis sin.

(Cur isteach.)

Tharla rudaí mar sin agus níl na daoine sin ag fáil deontais. Tá na cigirí ag rá go mbeidh siad sásta dul chuig an teach. Níl siad ag dul chuig an teaghlach seo. Ceapaim féin gur polasaí taobh istigh den Rialtas chun laghdú a dhéanamh ar an méid airgid a bhí le híoc acu.

Maidir leis na coláistí samhraidh agus na mná tí, sílim gur ardaíodh an deontas go dtí £3.10p. Ní dóigh liom gur leor an t-ardú suarach sin a tugadh do mhná tí na Gaeltachta ach cibé faoi dhíograis agus dhúthracht mhuintir na Gaeltachta, ní dóigh liom go mbeidh mná tí na Gaeltachta sásta na páistí sin a choinneáil. Ní fiú iad a choinneáil ar an deontas atá á íoc acu ag Roinn na Gaeltachta.

Is dócha go bhfuil eolas níos fearr ag Teachtaí eile ná mar atá agamsa maidir leis na coinníollacha atá ann. D'iarr an Teachta McGinley ar an Aire cinnte a dhéanamh de go gcaithfí an t-airgead i mbliana ar na bóithre portaigh. Is cinnte go bhfuil airgead de dhíth ar na bóithre portaigh ach, chomh maith leis sin, tá airgead de dhíth ar na bóithre áise, ní bóithre áise cosúil leis na bóithre áise a rinneadh anuraidh ag deireadh na bliana ach bóithre áise a bhfuil níos mó ná teach amháin orthu sin. An bhfuil an tAire sásta na coinníollacha sin a athrú? Nuair a bhí na Teachtaí atá ar an taobh seo ina nAirí Gaeltachta ba hiad sin na coinníollacha a bhí ann ag an am sin. B'fhéidir nach raibh siad go h-oifigiúil an t-am sin. Bhí an liosta agamsa sa Teach seo agus ní raibh bóthar ar bith ar an liosta sin cosúil leis na bóithre a rinneadh anuraidh. Ach sin uisce faoi shruth anois. Ba mhaith liomsa go gcuirfeadh an tAire níos mó airgid ar fáil i mbliana agus go ndéanfadh sé smaoineamh ar na hoileáin. Chuir an tAire tuairim is £5,000 ar fáil anuraidh d'Arann Mhór agus idir 1977 agus 1981——

(Cur isteach.)

Tá a fhios ag an Aire nach féidir le comhairle chontae airgead a chaitheamh ar bhóitre nach bhfuil sa gcontae. Gheobhaidh an tAire a sheans — ná bíodh sé ag cur isteach orm anois. Tá airgead de dhíth, ar na hoileáin agus scríobh mé litir chuig an Aire anocht ag iarraidh air toscaireacht a ghlacadh ó na comhairlí contae, ó na Gaeltachtaí go léir i dTír Chonaill. B'fhéidir go mbeadh sé sásta caint linn faoi na bóithre agus b'fhéidir go mbeidh airgead de dhíth orainn le haghaidh na mbóithre contae agus b'fhéidir go bhfaghaimid seans cuid de na bóithre seo a fheiceáil.

Tá airgead de dhíth ar mhuintír na n-oileáin, ar Thóraigh, ar Inis na Bó Finne agus maidir le Tóraigh chaitheamar cúpla uair san Roinn, b'fhéidir, 3 nó 4 mhí ó shin agus chuireamar ina luí ar na hoifigigh fadhbanna agus deacrachtaí mhuintir Thóraigh. Chuir mise ceist maidir le fordheontas le haghaidh uisce agus chuir mé ina luí ar na hoifigigh chomh tábhachtach is atá sé deontais a chur ar fáil do thuairim is 25 de na teaghlaigh a chaitheann cuid den am istigh ansin sa samhradh agus ar éigean dóibh teacht amach i rith an gheimhridh. An bhfuair mé freagra an lá sin? Ar íocadh an conraitheoir a rinne an job sin go fóill? Shíleamar gur déanadh cás thar ceann mhuintir na n-oileán ach tá a fhios agam anois guram am amú a bhí ann ag caint leis na hoifigigh seo agus tá daoine anseo anocht a bhí ansin an oíche sin agus níl mise sásta gur tuigeadh na cúrsaí sin agus cur amú a bhí ann mar sin. Tá súil agam go mbeidh an tAire sásta brú a chur orthu chun freagraí a thabhairt dúinn. Bhí triúr Teachtaí Dála ón chontae sin ann agus tá mé beagnach cinnte go raibh beirt nó triúr nach bhfuair freagra tar éis an chruinnithe sin.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, mar adúirt an tAire féin, tá tuairim agus 860 tógraí agus 200, ceapaim, maidir le Dún na nGall. Shíl mise go raibh go leor daoine gurb fhéidir leo airgead a fháil ón mbanc ach scríobh an tÚdarás chuig an mbanc i gcás amháin ag rá go mbeadh deontas le fáil acu, ach seo an drochscéal, níl na bainc sásta anois na litreacha sin a onórú. Ní mise atá á rá sin, sin facts ó na bainc, cúpla ceann acu sa chontae. Go dtí sin bhí siad sásta é sin a dhéanamh ach níl siad anois, agus ba cheart go mbeadh an Rialtas sásta an £2 mhilliún atá de dhíth a chur ar fáil chomh luath agus is féidir.

Maidir leis an tuarascáil ar Údarás na Gaeltachta, aontaím le cuid mhaith de na moltaí atá ann agus, go háirithe, an ceann faoi aerstráicí agus na báid fharantóireachta; ba cheart go mbéidís sin faoi Roinn na Gaeltachta. Tá sé an-deacair don Údarás brabach a dhéanamh nuair atá seirbhísí mar seo ann. Tá go leor seirbhísí maidir le CIÉ agus iad sin atá ag cailleadh airgid. Ní féidir leis na haerstráicí agus na báid fharantóireachta airgeadh a dhéanamh taobh istigh de chúpla bliain, agus tá siad sin ar leabhair an Údaráis mar chailliúint agus ba cheart go mbeadh na seirbhísí sin faoi Roinn na Gaeltachta.

Maidir leis na moltaí ag baint cumhachta de bhaill tofa agus baill eile Údarás na Gaeltachta, mar adúirt an Teachta Geoghegan-Quinn, nuair nach raibh na baill tofa ansin bhí an tÚdarás ag cailliúint airgid. Anois nuair atá siad ann tá an tÚdarás ag déanamh brabaigh; bhí brabach acu anuraidh agus tá súil agam go mbeidh brabach i bhfad níos mó acu i mbliana. Táimid ag dul ar gcúl má táimid sásta é sin a dhéanamh. Tá fios níos fearr ag na daoine sin faoin nGaeltacht ná mar atá ag daoine ar bith eile agus tá comhartha ceiste ansin thar na baill sin. B'fhéidir nár dúradh é sin sa tuarascáil ach ceapaim féin go bhfuil an tuarascáil ag rá go bhfuil na baill sin agus na baill a bheas ag plé le hiarratais faoi bhun £30,000 sásta cuidiú le muintir a bpáirtí féin. B'fhéidir nach raibh sé sin ann ach ceapaim féin go bhfuil an tuarascáil á rá sin. Má tá cás ar bith ba cheart go mbeadh na daoine sin sásta a méar a chur ar an gcás sin. Ceapaim féin go raibh cothrom na féinne le fáil ag gach comhlacht anocht agus ag gach duine a chuir iarratas isteach chuig an Údarás.

Maidir le forbairt céanna iarraim ar Aire na Gaeltachta arís smaoineamh ar dhreideáil ché Ailt a' Chorráin. Tá a fhios agam go bhfuil gantannas airgid ann — beidh Comhairle Chontae Dhún na nGall sásta airgead a chur ar fáil ach ní dóigh liom go mbeimid ábalta 25 faoin gcéad den chostas a chur ar fáil. Tá súil agam go ndéanfaidh tú athbhreithniú air sin. Arís, impím ar an Aire an t-airgead a chur ar fáil le haghaidh an Údaráis agus jobanna a chur ar fáil le haghaidh na Gaeltachta.

Ba mhaith liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine a ghlac páirt sa díospoíreacht. Níl ach ceathrú uair a chloig agam le freagra a thabhairt ar na daoine a chuir ceisteanna orm.

Tá áthas orm go bhfuil daoine sásta go ginerálta faoi chéard atá ar siúl ag an Roinn, an toradh atá ar a gcuid oibre maidir le forbairt na Gaeltachta agus, chomh maith, an toradh atá le feicéail ar obair an Údaráis i leith na Gaeltachta. Bhí an Teachta Gallagher ag caint faoi fheilméireacht éisc agus mhol sé, chomh fada agus a b'fhéidir é, go mba iad muintir na Gaeltachta a bhainfeadh tairbhe as aon fhorbairt a bheadh ar siúl maidir le feilméireacht eisc. Thiocfainn leis ar an iomlán, ach amháin an méid seo a rá, go bhfuil an-chuid costas caipitil ag baint le forbairt feilméireacht éisc agus nach mbeadh sé ar chumas a lán daoine, ní amháin sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den Ghaeltacht, an t-airgead sin a fháil. Táimid ag caint ar shuimeanna sna milliúin punt. Anois, chomh fad agus is eol domsa faoi láthair tá dhá dream ag plé leis an obair seo ar bhonn atá an-mhór, ach ar a laghad, is dreamanna Éireannacha iad, agus beidh muintir na Gaeltachta ag baint tairbhe as, cuir i gcás Conamara, áit a bhfuil comhlacht Éireannach, agus comhlacht Gaelach ar a lán bealaí, ba mhaith liom a rá. Chomh fada agus is eol dom ó thaobh Roinn na hIascaireachta de, áit a raibh mé go dtí cúpla mí ó shin, tá an-suim san obair seo agus beidh iarratais istigh ó dhaoine beaga, mar a déarfá, go mba mhaith leo cineál forbairt bheag a dhéanamh, agus níl a fhios agam go baileach cén saghas teicneolaíochta a bheadh oiriúnach dó sin, ach tá mé cinnte gur féidir leo é a dhéanamh. I gcionn deich mbliana, tá mé cinnte, a lán de na daoine atá faoi láthair ag iarraidh dul ag iascaireacht — agus, go deimhin, braitheann sé ar an séasúr, cuir i gcás i 1984 bhí séasúr uafásach dona ag, cuir i gcás, iascairí bradáin — go mbeidh daoine mar sin ábalta feilméireacht a dhéanamh agus teacht isteach cinnte a bheith acu amach anseo. Agus tá mé cinnte go mbeidh sé sin ag tarlú taobh istigh de chúig nó de dheich mbliana ar a mhéid.

Maidir le tithe Gaeltachta, labhair cúpla duine faoi dheacracht conraitheoirí cláraithe. Aontaím san iomlán faoin deacracht a bhaineann leis seo sa Ghaeltacht agus go háirithe sna hoileain. Tá Teachtaí anseo a chuaigh chun cainte liom faoi seo le cúpla mí anuas. Tuigim na deacrachtaí agus rinne mé iarracht iad a mhíniú do dhaoine eile agus is ceist cánach í, mar adúirt an Teachta Denis Gallagher, agus tuigeann seisean an chúis atá leis an scéal mar atá sé. Ach tá mé cinnte go dtuigeann sé chomh maith go bhfuil deacracht maidir le eisceachtaí a dhéanamh. Níl sé dodhéanta agus breathnóidh mé air arís le féachaint a feídir rud éigin a dhéanamh ar na hoiléain, ach ní féidir liom tada a gheallúint mar níl a fhios agam cén toradh a bheas ar mo iarrachtaí.

Maidir le comharchumainn, bhí deacrachtaí mar is eol do na hiar-Airí atá ina suí trasna an Tí uaim. Bhí deacrachtaí leo le mo linn freisin agus bhí orm rudaí faoi leith a dhéanamh. Bhí orm comharchumainn a phiocadh amach, comharchumainn ar mheas mé go mbeadh seans acu na cosa a thabhairt leo agus go mbeadh dea-thoradh ar a gcuid oibre agus thug mé tacaíocht iomlán agus tacaíocht airgid dóibh, agus tá ag éirí go maith leo. Anois, ceann de na rudaí a rinne mé ná gur iarr mé go mbeadh orthu, sul a bhfaighidís deontas reachtála, scaireanna áitiúla a fháil. D'ardaigh cúpla Teachta an pointe seo — ní mór atá i gceist, go hiondúil tuairim is deich faoin gcéad den mhéad atá á fháil acu mar dheontas reachtála, is é sin, deich bpunt deontas in aghaidh an phuint i scaireanna áitiúla. Ní mór é sin ach, mar sin féin, tá cúpla míle punt i gceist in a lán cásanna agus b'fhéidir gur mór an méid é chomh fada is a bhaineann leo siúd. Anois níl mé ag rá nach bhfaighidh siad an deontas reachtála muna n-éiríonn leo an deich faoin gcéad a fháil ach gearrfar síos beagán é muna mbeidh an t-iomlán acu.

Ceann de na rudaí go bhfuilimid ar fad ar aon fhocal faoi maidir le comharchumainn go n-éiríonn leo má tá tacaíocht mhuintir na háite ag teacht dóibh agus ag dul leo. Aon chás a chonaic mise go raibh sin ann d'éirigh leis an gcomhar-chumann agus sin ceann des na toscaí a bhaineann nó a chuidíonn leis sin. Má bhíonn airgead an ghnáthdhuine sa gceantar istigh sa chomharchumann, tabharfaidh sé aird air agus coinneoidh sé súil ar cén chaoi a bhfuil obair an chomharchumainn ag dul ar aghaidh agus airgead an chomharchumainn á chaitheamh.

Maidir le foghlaimeóirí Gaeilge agus coláistí — agus d'ardaigh cúpla Teachtaí an cheist seo chomh maith anuraidh — bhí ardú ar uimhir na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a chuaigh siar agus ó dheas. Níl a fhios agam go baileach i mbliana ach chomh fada agus is eol dom beidh sé ardaithe arís i mbliana ach níl na figiúirí cóirithe agam faoi láthair. Anois is scéim an-mhaith é sin agus, maidir lena lán daoine, agus go fiú chaith mé féin cúpla bliain ag múineadh i gcoláistí Gaeilge, is é an t-aon seans a fhaigheann a lán daoine ar Ghaeilge a chloisteáil á labhairt i ngnáth shaol na ndaoine. Is cineál ábhar teibí scoile go dtí sin é. Cuireann sé sin leis an meas atá acu ar an nGaeilge chomh maith le fiúntas cainte na teanga chomh fada agus a bhaineann sé leis an bpáiste.

Chuala mé féin, mar adúirt an Teachta Gallagher, gearán faoi, ní deacracht cigireachta chomh mór le nach raibh aon chaighdéan comónta trasna na tíre, go raibh bearnaí sa rud agus nach raibh caighdeánú déanta ag an gcigireacht. Tá deacracht chomh fada agus a bhaineann linne maidir leis sin, mar gurb iad na daoine atá ag reachtáil na gcoláistí seo atá i mbun oibre agus atá freagrach as an caighdeánú maidir le cigireacht, agus táim ag ceapadh gurb í an Teachta Máire Geoghegan-Quinn a rinne tagairt do chaighdeánú taobh istigh de rang, go mba cheart daoine atá ar aon chumas a chur le chéile agus daoine a bheadh ar chaighdeán níos airde a chur i rang eile. Tá anloighic agus ciall ag baint leis sin ach arís is rud é sin a bhaineann leis na daoine atá ag reachtáil an choláíste, bíodh sé ina chomharchumann nó ina dhream áitiúil, agus tá an dá shaghas ann. Is rud go mbeidh mé féin, agus mé ag dul thart i rith an tsamhraidh, ag caint faoi leis na daoine atá ag reachtáil na gcoláistí seo, agus má tá deacrachtaí acu beidh mé ábalta iad a phlé leo. Ba mhaith liom a rá chomh maith le Teachtaí go bhfuil suim acu ann — agus tá a fhios agam go bhfuil suim ag na Teachtaí atá i láthair sa Teach ag an pointe seo — go gcoinneoidís a gcluasa go talamh, mar a dearfá, agus má fhaigheann siad aon ghearán nó, agus nílim ag iarraidh orthu spiadóireacht a dhéanamh, má tá aon mholtaí acu a cheapann siad a rachadh chun tairbhe do na coláistí agus do na daoine atá ag glacadh páirt sna scéimeanna seo, tá mise sásta éisteacht leo agus iad a chur i gcionn más féidir liom, chun feabhas a chur le reachtáil na gcoláistí seo.

Anois sula bhfágfaidh mé na comharchumainn tá moltaí eile ar fad ann maidir le go mbeadh an Roinn nó an tÚdarás i mbun comharchumann agus sin amháin. Tá ciall leis sin ach níl sé chomh meascaithe is a cheapann daoine mar tá a fhios go maith ag na comharchumainn céard atá i gceist. Ní thagann an tÚdarás ann ach amháin nuair a bhíonn deontas caipitil i gceist le haghaidh tógáil áite agus tagaimid i gceist in aon chás eile. Tá a fhios ag na comharchumainn é sin go maith. Níl aon airgead á chur amú maidir le na ráitis seo faoi na comharchumainn. Maidir leis an Údarás, dúirt an Teachta Pat `Cope' Gallagher gur cheap sé go rabhamar ag cur ár méir isteach ar dhaoine a bhí ag cur isteach ar dheontais le haghaidh tithe — feabhsúcháin agus tithe nua — toisc go raibh na deontais ard agus go rabhamar ag iarraidh bac a chur ar dhaoine. Níl sé sin fíor. Is ag cigirí áitiúla atá sé daoine a chuireann isteach ar an deontas deich bpunt a ligean ar aghaidh nó bac a chur orthu toisc nach bhfuil caighdeán sách ard aimsithe acu agus, dá bhrí sin, ní fhaigheann siad deontas. Agus ba mhaith liom a rá maidir leis sin agus leis an bpointe a chruthú, maidir le tógáil tithe i mbliana go dtí seo, go bhfuil méadú 50 faoin gcéad ar iarratais ar thógáil nua agus méadú 63 faoin gcéad ar iarratais le haghaidh feabhsúchán. Ní dóigh liom go dtagann sé sin leis an méid atá ráite ag an Teachta `Cope' Gallagher. Rinne sé gearán chomh maith go raibh an deontas deich bpunt fite fuaite i ndeontais eile. Sin é an polasaí atá againne. Má tá polasaí difriúil ag an bpáirtí thall ba chóir dóibh é a rá.

An bhfuil ardú ar iarratais?

Ardú ar iarratais, sea. Mar atá fhios ag an Teachta agus iar-Aire, ní chuireann an tAire isteach ar chigirí. Go deimhin bíonn Airí ag brú ar chigirí daoine breise a ligean isteach de ghnáth, ní ag cur bac orthu, ag teipeadh daoine. Maidir leis an Údarás ba mhaith liom arís tréaslú don Údarás toisc go bhfuil méadú tagaithe ar fhostaíocht nuair atá sé ag dul i laghad ar fud na tíre le blianta beaga anuas. Ba mhaith liom tréaslú chomh maith leis an gcomhchoiste agus leis an chathaoirleach, an Teachta Prendergast atá sa Teach, as ucht a bhfuil déanta acu ar son na Gaeltachta agus, go deimhin, ar son an Údaráis, toisc go bhfuil, mar adúirt tú féin, a Chathaoirligh, "in-depth scrutiny" déanta ar ghnóthaí an Údaráis. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an dtuarascáil seo agus mar adúirt mé i dtús báire, agus ní thógfar orm má deirim arís é, ní raibh deis agam agus ba mhaith liom dá mbeadh deis agam é seo a bheith feicthe agus scrúdaithe go grinn ach bhí mé as baile le hocht lá ó foilsíodh an tuarascáil.

Anois maidir le airgead an Údaráis — agus ná cuir i mo leith go bhfuil mé ag iarraidh gan tada a rá faoi seo — tá sé seo idir lámha agam. Cheap mé go mbéinn in ann rud éigin a rá faoi anocht, go mbeadh rud réitithe, níl——

Ná habair é a Aire, tá sé ar do dheisc——

Níl, sin bealach amháin chun é a dhéanamh, Ní dóigh liom gur ceart é sin a dhéanamh. Ní dhéanfaidh mé sin ar aon nós. Déarfaidh mé seo, go mbeidh sé á réiteach go han luath agus fágfaidh mé ansin é. Maidir le aistriú na Roinne a luaigh an Teachta Geoghegan-Quinn, sin rud nár smaoinigh mé air go deimhin, ach níl an oiread sin, mar atá fhios ag an Teachta, fágtha san Roinn le cois na hAireachta.

An Leas-Ceann Comhairle

A Aire, tá an t-am caite.

Arís ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí a ghlac páirt agus mo leithscéal a ghabháil nach raibh mé ábalta na ceisteanna ar fad a ardaíodh a fhreagairt.

Cuireadh an cheist agus ar vótáil a éileamh cuireadh siar í, de réir Bhuanordú na Dála, Uimh. 123, arna mhodhnú le hOrdú ón Teach go dtí 8.30 p.m. Dé Céadaoin, 11 Meitheamh 1986.

Barr
Roinn