Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 12 Jun 1986

Vol. 367 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Forbairt do Oileáin Ghaeltachta.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard atá leagtha amach aige le forbairt iomlán a dhéanamh ar na hoileáin Ghaeltachta.

Bíonn tairbhe na scéimeanna éagsúla atá á reachtáil ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta ar fáil ar na hoileáin Ghaeltachta agus bíonn cabhair níos airde ná an gnáthráta deontais iníoctha sna hoileáin sin faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus faoi scéimeanna áirithe de chuid mo Roinne.

Ina theannta sin tá plean forbartha don Ghaeltacht (ar a n-áirítear na hoileáin Ghaeltachta) á ullmhú faoi láthair ag Údarás na Gaeltachta ar iarratas uaimse.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire nó ag Roinn na Gaeltachta airgead faoí leith a chur ar fáil le haghaidh na bóithre tríd an chontae?

Maidir le bóithre, tá £200,000 ar fáil i mbliana le haghaidh bhóithre. Brathann sé ar mhuintir na háite sna contaethe ina bhfuil Gaeltachtaí cén chaoí a láimhsheáileann siad na hiarratais le haghaidh bhóithre trí na comhairlí contae.

Nuair a bheas na liostaí agamsa beidh mé in ann na deontais a roinnt amach agus a cheadú, idir bhóithre agus bhóithre oileán. Tá buntáistí faoi leith ar fáil do na hoileáin ó thaobh deontais de. Cuir i gcás, tá 50 faoin gcéad sa bhreis le fáil le haghaidh tithe agus 50 faoin gcéad sa bhreis le haghaidh grúp scéimeanna uisce do mhuintir na n-oileán. Mar sin, tá áit faoi leith ag na hoileáin, agus cuirtear é sin in iúl trí bhreis airgid a chur ar fáil dóibh trí dheontais.

An bhfuil an tAire sásta an t-airgead le haghaidh bhóthar a chur ar fáil chomh luath agus is féidir, os rud é go bhfuil an aimsear breá anois chun na bóithre a dheisiú, agus gan iad a fhágáil go dtí níos déanaí sa bhliain?

Táim sásta é sin a dhéanamh chomh luath agus a thagann na liostaí isteach ó na comhairli contae. Iarraim ar an Teachta, mar chathaoirleach chomhairle contae a dhícheall a dhéanamh maidir lena chontae féin.

Barr
Roinn