Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Nov 1986

Vol. 369 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhís Farantóireachta.

2. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar eolas aige go bhfuil go leor de na hoileáin Ghaeltachta atá fágtha gan seirbhís cheart farantóireachta agus an inseoidh sé céard atá leagtha amach aige le teacht i gcabhair orthu.

Cuirtear seirbhís farantóireachta báid ar fáil le cabhair Stáit do Chléire, d'Árainn Mhór agus do na hOileáin Árann.

Cuireann Aer Árann Teo seirbhís rialta eitleáin ar fáil go hOileáin Árann le cabhair ó Údarás na Gaelteachta.

Bheadh costas ollmhór ag baint leis na muiroibreacha a d'fhreastalódh ar sheirbhís farantóireachta do Thoraigh agus leis na srianta airgeadais atá ann faoi láthair níl caiteachas mar sin beartaithe ag an bpointe seo. Cuireadh seirbhís thrialach heileacaptair ar fáil le cabhair ó Udarás na Gaeltachta chuig Toraigh sa tréimhse Feabhra/Márta 1985 agus chuig Toraigh agus Inis Bó Finne sa tréimhse Nollaig 1985-Márta 1986, agus tuigim go bhfuil sé beartaithe seirbhís dá leithéid a sholáthar don dá oileán sa tréimhse Nollaig 1986/Feabhra 1987 chomh maith. Ag féachaint don líon beag daoine a bhfuil buanchónaí orthu ar Inis Bó Finne ó cheann ceann na bliana níl aon tseirbhís farantóireachta eile beartaithe dó.

Fuarthas iarratas ar chúnamh chun córas taistil go dtí an mórthír a chur ar fáil do phobal Oileán Inis Bigil ach ag féachaint don chostas mhór a bhainfeadh le seirbhís dá leithéid, caithfear é a mheas i gcoimhlint le tograí costasacha eile a bhfuil cúnamh iarrtha ina leith. Déanfar cinneadh faoin iarratas sin a luaithe is féidir.

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil saol farraige an bháid sin Naomh Éanna beagnach caite agus gurb é sin an t-aon bhád mór atá ag iompar earraí amach go dtí na trí hOileán Árann agus nach bhfuil ach bliain nó dhó fágtha i saol an bháid sin. Dá bhrí sin is ceist anphráinneach í anois. Cén sórt báid farantóireachta nua a bhéas á chur ar fáil in áit Naomh Éanna? An bhféadfadh an tAire a rá cén cinneadh a dhéanfaidh an Rialtas faoin gceist seo — mar tá sé os comhair an Rialtais le ceithre bliana anuas agus níl aon chinneadh déanta acu fós?

Is don Roinn Cumarsáide an cheist sin, agus is í an Roinn Cumarsáide atá ag reachtáil na seirbhíse sin ó thosaigh sí.

Tá obair mhaith déanta do mhuintir na n-oileán i gcúrsaí oideachais, sláinte agus seirbhísí go ginearálta a chur ar fáil ach tá go leor de na hoileáin go fóill gan bealach ceart acu chun teacht go dtí an mórthír, agus go bhfuil sé thar am freastal ceart a dhéanamh orthu. Leis an ngeimhreadh ag teacht anois, ní ceart go mbeadh muintir na n-oileán fágtha gan cuidiú de chineál ar bith agus gan polasaí ceart chun feabhas a chur ar chúrsaí farantóireachta. An aontódh an tAire gur cheart úsáid a bhaint as an gCiste Réigiúnach le seirbhís cheart a chur ar fáil do mhuintir na n-oileán ar fad?

Tá cuid de na daoine ar na hoileáin i gcruachás maidir le taisteal agus cumarsáid agus go háirithe i rith an gheimhridh. Ach tá dul chun cinn anmhór déanta agus ba cheart go mbeadh a fhios ag an Teachta mar iar-Aire go bhfuil sé sin fíor, cuir i gcás Oileán Cléire. Tá bád ansin agus tá airgead á íoc in aghaidh na bliana ag mo Roinnse i leith an bháid sin, bád a chosnaigh £320,000. Maidir le hÁrainn Mhór, chuireamar bád agus áiseanna calafoirt ar fáil ansin a chosain os cionn £500,000, agus tá an dá cheann sin ag obair go han-mhaith. Chomh maith leis sin, tá airgead á íoc againn ar ais le haghaidh Oileán Toraí, ach tá fadhb ansin, mar atá a fhios ag Comhaltaí an Tí seo. Chomh maith leis sin, tá aerthaisteal fáil anois faoi Aer Árann Teo., agus tá áis aerthaistil ar fáil trí heileacaptar a chur ar fáil ag an Údarás. Níl dóigh liom go bhfuil éinne fágtha anois san fhaopach mar a bhíodh siad go dtí seo, toisc go bhfuil na háiseanna seo á gcur ar fáil. Ach níl mé sásta go bhfuil an jab críochnaithe go fóill. Is ceist airgid é, agus dá mbeadh níos mó airgid againn le caitheamh ar na háiseanna seo, bheimis ábalta iad a chur ar fáil. Le go mbeadh scéim farantóireachta sásúil ag gach uile oileán, taimid ag caint ar suim mhór, na milliúin punt. Tuigim go maith go bhfuilimid ag caint ar dhaoine agus ar an saghas saoil atá acu ar na hoileáin, ach tá praghas iontach ard le díol air sin, agus níl an t-airgead againn faoi láthair.

I should like to remind Deputies and the Minister that I must take up Forestry questions at approximately 3 p.m.

Nach n-aontóidh an tAire go bhfuil seirbhís iomlán feiliúnach rialta ag teastáil ag na trí hOileán Árann i gContae na Gaillimhe? Agus cé gur leis an Aire Cumarsáide cinneadh a dhéanamh ag deireadh an lae, nach nglactar comhairle i gcónaí le Roinn na Gaeltachta agus le hAire na Gaeltachta? Ar iarradh tuairimí an Aire i leith an chórais atá a chur os comhair an Rialtais ag an Aire Cumarsáide agus má iarradh a chuid tuairimí, cén moladh a rinne sé i gcás na dtuairimí sin?

Cuireadh moltaí na Roinne Cumarsáide faoí mo bhráid agus bhí mé i dteangmháil leis an Aire Cumarsáide le gach uile iarracht a dhéanamh aitheantas a thabhairt don phráinn a bhain leis an rud seo ionas go mbeadh áis ar fail nuair a bheadh deireadh leis an ais atá ann faoi láthair. Is féidir a bheith cinnte de go bhfuil mise ag cur brú ar an Roinn Cumarsáide é sin a dhéanamh, mar tuigim an phráinn agus an tábhacht atá leis.

An bhfuil a fhios ag an Aire go mbeidh deacrachtaí ag Comharchumann Árann Mhór maidir le bád farantóireachta an oileáin agus go mbeidh fordheontas de dhíth orthu ó Údarás na Gaeltachta le haghaidh an chaiteachais i rith 1986, agus mura mbeidh Údarás na Gaeltachta ábalta é a chur ar fáil go mbeidh sé de dhíth orthu ó Roinn na Gaeltachta? Agus an mbeidh sé sásta an caillteanas a bhéas tuairim is £5,000 a chur ar fáil? Ní dóigh liom go nglacfaidh siad leis go mba cheart go mbeadh an comharchumann síos leis mar chuirfeadh sé sin an comharchumann thíos mura bhfaigeadh siad an fordheontas sin.

Tuigim go bhfuil an fhadhb sin ann agus beidh sé á plé agam leis an gcomharchumann.

Más iad seo na moltaí atá ag an Aire Cumarsáide le córas farantóireachta nua a chur ar fáil do Oileáin Árann, nach bhfuil sé fíor má ghlactar leis na moltaí sin go mbeidh gá le muiroibreacha a chur ar fáil? An bhféadfadh an tAire a rá an í Roinn na Gaeltachta a chuirfidh an t-airgead sin ar fáil agus a bhéas freagrach as nó an í an Roinn Cumarsáide a chuirfidh an t-airgead ar fáil? Agus an mbeidh aon chúram ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar na muiroibreacha sin nuair a bheidh siad tógtha, mar atá faoi láthair i leith na gceann atá a dtógáil le deontais ó Roinn na Gaeltachta?

Glacaim leis go bhfuil an méid atá ráite ag an Teachta cruinn amach is amach. Tá sé le pie go fóill cén áit go baileach a mbeidh na seirbhísí ag fágáil, sé sin ar an tir mhór.

A Cheann Comhairle——

I must be fair as between Deputies. We are on those couple of questions for twenty minutes.

We are waiting ten minutes for——

The Deputy exaggerates. It was five minutes, through a misunderstanding.

Is í an cheist a theastaíonn uaim a chur ná mar gheall ar an gcóras farantóireachta. Is e roll-on, roll-off, atá á moladh cheana féin. Beidh muiroibreacha ag teastáil ar na trí hoileán chun an stuif sin a thógáil i dtír. An í Roinn na Gaeltachta a bhéas a gcur sin ar fáil má ghlactar leis?

Will the Minister answer Question No. 3, please?

Barr
Roinn