den Taoiseach cén líon daoine atá fostaithe i dtionscail a fuair cabhair ó Údarás na Gaeltachta ar fud na tíre i láthair na huaire.
Written Answers. - Fostaíocht i dTionscail.
Léiríonn Tábla a 1 (leathanach a 15) de Thuarascáil agus Cuntais Údarás na Gaeltachta do 1985 gur mar seo a leanas líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha ar 31 Nollaig 1985 i dtionscail a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Údarás.
Contae |
Líon na ndaoine a bhí fostaithe |
Dún na nGall |
1,958 |
Maigh Eo |
609 |
Gaillimh |
1,375 |
Ciarraí |
281 |
Corcaigh |
284 |
Port Láirge |
65 |
An Mhí |
87 |
An tIomlán |
4,659 |
Foilseofar an t-eolas do 1986 i dtuarascáil na bliana sin.
11. D'fhiafraigh
den Taoiseach cé na costais reachtála/ bainistíochta a íocadh le Comharchumann Oileán Thoraí le trí bliana anuas.
Íocadh deontas reachtála mar seo a leanas le Comhar Thoraí Teo le trí bliana anuas.
£ |
|
1986 |
11,800 |
1985 |
9,000 |
1984 |
10,000 |
12. D'fhiafraigh
den Taoiseach cén líon daoine a raibh cónaí orthu sna ceantair éagsúla Gaeltachta de réir an daonáirimh is déanaí.
Níl an t-eolas a d'iarr an Teachta ar fáil go fóill. Beidh sé mar chuid de Imleabhar 1 de Thuarascáil an Daonáirimh a bhfuiltear ag súil a bheith ar fáil roimh dheireadh Mheán Fómhair seo chugainn. Tá mé tar éis iarraidh go seolfar cóip den tábla cuí chuig an Teachta nuair atá sé ar fáil.
13. D'fhiafraigh
den Taoiseach cé na costais reachtála/ bainistíochta a íocadh le Comharchumann Árann Mhór gach bliain idir 1981 agus 1987.
Íocadh deontas reachtála mar seo a leanas le Comharchumann Árainn Mhór Teo idir 1981 agus 1987:
£ |
|
1987 (go dáta) |
— |
1986 |
4,000 |
1985 |
13,666 |
1984 |
9,000 |
1983 |
12,000 |
1982 |
13,834 |
1981 |
4,125 |