asked the Taoiseach the present position regarding an application for a construction grant under the Gaeltacht Housing Act of a person (details supplied) in County Waterford.
Written Answers. - Grant Payment.
44.
Diúltaíodh deontas tógála don iarratasóir sin ó tharla nach raibh cónaí air i seanteach a bhí neamh-oiriúnach ar fad chun cóiríocht cheart shláintiúil a thabhairt dó féin agus dá chúram — coinníoll reachtúil nach foláir a chomhlíonadh sular féidir deontas tógála a cheadú faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) sa cheantar áirithe sin atá lasmuigh de na limistéir a shonraítear in Orduithe na Limistéar Gaeltachta 1956-82.
Míníodh an scéal don iarratasóir i litir a seoladh chuige ar 9 Márta 1987.