Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 28 Oct 1987

Vol. 374 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aran Islands (Galway) Pier.

8.

asked the Taoiseach the present position regarding the proposed extension and improvements to the pier, Inisheer, Aran Islands, County Galway.

Togra an-chostasach atá i gceist anseo — £1.667 milliún san iomlán — agus is léir go bhfuil an-mhíchinnteacht ar na príomhaithe féin maidir lena hairgeadú, ós rud é go bhfuil trí nó ceithre phlean airgeadais difriúla molta acu as a stuaim féin, ó cuireadh an togra faoi bhráid mo Roinne-se an chéad lá. Ag cur san áireamh an soláthar teoranta atá ar fáil dom le caitheamh ar thograí mar seo, agus i bhfianaise na neamh-chinnteachta maidir leis na foinsí as a bhfaighfí an chuid eile den airgead don togra, is trua liom nach bhfuil ar mo chumas teacht i gcabhair sa chás. Tuigtear dom go bhfuil tugtha le fios ag na príomhaithe go bhfuilid chun tosnú go luath ar an togra seo — fiú muna mbeidh cúnamh le fáil ó Roinn na Gaeltachta. Má thosnaítear ar an togra gan cúnamh a bheith ceadaithe ina leith ó Roinn na Gaeltachta, ní mór a thuiscint go soiléir nach mbeifear sásta ath-iarratas ar chúnamh i leith an togra a mheas sa todhchaí.

Níl mé cinnte ar chuala mé an freagra ina iomlán i gceart. Glacaim ón méid a dúirt an tAire nach bhfuil an Roinn sásta tacaíocht airgid a thabhairt don togra seo. An é sin an rud atá sé ag rá?

Ní hé go díreach an rud atá á rá agam. Is éard atá mé ag rá ná gur togra an-chostasúil atá anseo agus nach bhfuil an t-airgead ag an Roinn i láthair na huaire le tacaíocht a thabhairt don togra féin.

An bhfuil an obair tosaithe cheana féin nó le tosú? Agus an bhfuil an tAire ag rá nach mbeidh an Roinn sásta aon deontas a chur ar fáil ag aon am don togra seo?

Má thosaítear ar an togra gan airgeadú, gan chead ó Roinn na Gaeltachta, ní bheidh Roinn na Gaeltachta sásta airgead a thabhairt arís sa chás sin.

Nach bhfuil sé an-tábhachtach go gcuirfí an t-eolas sin trasna chuig muintir an oileáin. An bhfuil a fhios ag an Aire gur iarradh ar mhuintir an oileáin airgead as a bpócaí féin a chur isteach sa togra agus go bhfuil siad idir dhá intinn faoin rud seo, ar chóir dóibh nó nár chóir? Tháinig cuid mhaith chugamsa ag iarraidh orm an mbeadh sé ceart dóibh a gcuid airgid féin a chur isteach. An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil airgead ag dul do chuid mhaith de na daoine ar an oileán de bharr gur cheannaigh úinéir talamh le haghaidh an aerstráice seo? Tá fhios ag an Aire faoi sin.

Tháinig tuairim is ceithre mholadh maidir leis an bplean seo ó na tograithe agus ó thaobh airgid bhí difríocht eatarthu go léir agus níl an Roinn sásta go bhfuil an cás leagtha amach mar ba chóir. Sílim gur féidir a rá go cinnte nach bhfuil a fhios acu féin go díreach céard atá ar siúl acu. Tá a fhios agam gur iarradh ar mhuintir an oileáin airgead a bhailiú. Tá cúpla rud i gceist. Tá feirmeoireacht éisc i gceist, tá piara i gceist. Cineál de mheascán mearaí é agus níl leagan amach críochnúil air ó thaobh na Roinne de maidir le céard atá ar siúl ag na tograithe.

An é go bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil aon mhuinín aige nó ag an Roinn as an togra seo? Agus má deir sé amach go soiléir cén áit a sheasann sé beidh sé an-tábhachtach do mhuintir an oileáin.

Níl mé á rá sin. Tá an-mhuinín agam as muintir an oileáin agus go mórmhór muintir Inis Oírr. Tá cúpla rud i gceist. Tá tógáil piara, tá feirmeoireacht éisc. Níl an leagan amach deimhnithe maidir leis na moltaí atá á ndéanamh. Sin an deacracht atá ag an Roinn i láthair na huaire.

Barr
Roinn