Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 29 Oct 1987

Vol. 374 No. 8

Written Answers. - Plean don Ghaeilge.

54. D'fhiafraigh

den Aire Cumarsáide an bhfuil fáth ar bith nár chuir a Roinn tuarascáil ar fáil do Bhord na Gaeilge faoi ghníomhaíocht an phlean don Ghaeilge; cén fáth gurbh í seo an t-aon Roinn amháin nach raibh seo déanta aici do mhórthionól an Bhoird ar 2/3 Deireadh Fómhair agus an aontaíonn sé go mba chóir go mbeadh an Roinn Cumarsáide ag cur cinnireachta ar fáil sa ghnó seo.

Tar éis foilsiú an Plean Ghníomhaíoctha don Gaeilge 1983-1986, cuireadh socruithe ar bun sa Roinn Cumarsáide leis an plean a chur i bhfeidhm. De réir na socruithe sin, bunaíodh Coiste Forbartha Gaeilge, le hionadaithe ó na rannóga eagsúla ar fud na Roinne a raibh suim agus líofacht sa Ghaeilge acu. Cuireadh in iúl do fhoireann na Roinne an tábhacht a bhain leis an plean a fheidhmiú agus leagadh béim ar an chúram a bhí orthu timpeallacht a chruthú a thacódh leo san a roghnódh an Ghaeilge mar phríomhtheanga no theanga bhunúsach ina saol laethúil. Cuireadh tuairisc ar na beartaithe seo ar fáil do Bhórd na Gaeilge i mí Meithimh 1985. Leanadh de na beartaithe seo i 1986 agus ghlac an Roinn páirt i “Lá na Gaeilge” i mí na Samhna, 1986.

Deineadh atheagrú an-mhór ar an Roinn Cumarsáide i mí Aibreáin seo caite agus dá bharr sin cuireadh moill ar an dtuairisc. Táthar ag obair ar an dtuairisc faoi láthair agus cuirfear an tuairisc ar fáil do Bhord na Gaeilge gan a thuilleadh moille.

Barr
Roinn