den Aire Oideachais an fíor go bhfuil neamhaird iomlán déanta ar na bunscoileanna lán-Ghaeilge idir Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta sa mhéid nach bhfuil aon duine ar an gCoiste Curaclaim a bhfuil baint aige leis an oideachas trí Ghaeilge agus an bhfuil sé i gceist aon duine sa bhreis a ainmniú don Choiste seo.
Written Answers. - An Coiste Curaclaim.
94. D'fhiafraigh
Glacaim go bhfuil an Teachta ag tagairt don gCoiste atá bunaithe chun aithbhreithniú a dhéanamh ar churaclam na bunscoile.
Bhí sé inmhianaithe go mbeadh teorainn le ballraíocht an Choiste seo toisc go raibh fonn orm go mbeadh a gcuid oibre críochnaithe laistigh den teorainn ama. Dá bhrí sin, níl sé i gceist go gcuirfí le líon na mball atá ainmnithe. Tá mé cinnte, áfach, go mbeidh an Coiste sásta glacadh le áiteamh scríofa ó na grúpaí a bhfuil baint acu le oideachas trí Ghaeilge.
Question No. 95 withdrawn.