Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Nov 1987

Vol. 375 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid airgid atá leagtha amach ag Údarás na Gaeltachta don bhliain seo chugainn chun cúrsaí, cultúrtha agus leathnú na Gaeilge a fhorbairt mar atá mar dhualgas reachtúil air agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil cinneadh déanta i dtaobh na ceiste sin go fóill.

An bhfuil a fhios ag an Aire, ag toscaireacht a bhí ag an gComhchoiste don Ghaeilge ar 23 Aibreán anuraidh, agus é féin mar chathaoirleach, dúirt duine de bhaill an Údaráis nach raibh siad in ann na dualgais a bhí orthu faoin teanga a chomhlíonadh agus go mba chóir ciste faoi leith a chur ar bun. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire ciste faoi leith a chur ar bun in a thaobh?

Fuair an tÚdarás soláthar níos mó anuraidh i gcóir forbairt na Gaeilge ná mar a fuair siad aon bhliain go dtí seo. Fuair siad £183,000 agus b'shin an soláthar ba mhó a fuair siad ó 1980. Dá bhrí sin sílim go bhfuil go leor san méid a cuireadh ar fáil don Údarás go dtí seo le forbairt na Gaeilge a chur chun cinn.

Os rud é go ndúirt an tÚdarás nach bhfuil siad in ann na dualgais sin a chomhlíonadh, an bhfuil sé ar intinn ag an Aire airgead ar bith ón chrannchur náisiúnta a chur ar fáil don Údarás do chúrsaí cultúrtha agus teanga?

Níl na ceisteanna sin réitithe go fóill. Beidh ráiteas i dtaobh na rudaí sin á dhéanamh go luath.

Barr
Roinn