Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Nov 1987

Vol. 375 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscal Nua do Ghaeltacht Dhún na nGall.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén dul chun cinn atá déanta maidir le tionscal nua a bhunú i monarcha (sonraí tugtha) i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil togra á mheas acu i láthair na huaire don mhonarcha i gceist.

Tá áthas orm é sin a chluinstin, go bhfuil togra á mheas. Ach, mar is eol don Aire Stáit é féin, tá an mhonarcha seo dúnta anois le breis agus sé mhí agus tá na daoine sa cheantar ag éirí an-mhífhoighdeach. Tá cor eile sa scéal, go bhfuil cuid de na daoine a bhí ag obair sa mhonarcha tar éis cuireadh a fháil dul ag obair i dtionscail den chineál céanna i Sasana. Tá cuid acu ag taisteal an tseachtain seo. Mar sin, tá brú mór, agus an bhféadfadh sé aon tuairim a thabhairt dúinn cén fad a bheidh sé á mheas nó cén uair is féidir linn a bheith ag súil go ndéanfar socrú éigin an tionscal a athbhunú sa mhonarcha?

Tá idirbheartaíocht ar siúl ag an Údarás i láthair na huaire le comhlacht atá sásta dul isteach sa mhonarcha seo. Tá siad ag súil go mbeidh cinneadh á dhéanamh thart faoi thús na bliana.

Barr
Roinn