Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 Nov 1987

Vol. 375 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tograí don Ghaeltacht.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach miontuairisc a thabhairt faoi thogra ó Údarás na Gaeltachta atá ceadaithe cheana féin aige i mbliana agus liosta de na tograí atá faoina bhráid faoi láthair.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moil le cead a thabhairt do scéim chomharchumainn a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta sa bhliain 1980 ó Údarás na Gaeltachta.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moil le cead a thabhairt do thogra Oifig an Údaráis san Daingean a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 16 Meán Fómhair, 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

5. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moil le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 14 Meán Fómhair, 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moill le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 11 Lúnasa, 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

7. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moill le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 11 Lúnasa, 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

8. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moill le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 28 Iúil, 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

9. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moill le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 28 Iúil 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

10. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moill le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) in Árainn Mhór a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 27 Iúil 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

11. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moill le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) leasaithe 28 Lúnasa, 1987 a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 27 Aibreán, 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

12. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moill le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) i gContae Dhún na nGall a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 2 Márta, 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

13. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moill le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 2 Márta 1987 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

14. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth a bhfuil moill le cead a thabhairt do thogra (sonraí tugtha) a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta ar an 21 Meán Fómhair, 1986 agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina leith.

Tógfaidh mé Ceisteanna 2 go 14 le chéile.

Tá liosta fada de thograí ó Údarás na Gaeltachta ceadaithe ag mo Roinnse ó thús na bliana agus ní bheadh sé ceart ó thaobh rúndachta de sonraí ina leith a fhoilsiú. Ar ndóigh, foilsítear eolas faoi dheontais a ceadaíonn agus a íocann an tÚdarás le tionscail i dtuarascálacha agus i gcuntais na heagraíochta sin. Táim sásta nach mbíonn aon mhoill do-sheachanta ann maidir le tograí a chuirtear faoi bhráid mo Roinne. Ar ndóigh, iarrtar ar an Údarás sonraí breise a chur ar fáil i gcásanna áirithe agus freisin bíonn comhairle le glacadh le Ranna eile Stáit i dtaobh roinnt de na tograí nó meabhráin le cur faoi bhráid an Rialtais.

Maidir leis an dhá cheist déag ón Teachta faoi thograí sonracha, tá an cinneadh curtha in iúl don Údarás faoi seacht gcinn díobh agus déanfar cinneadh faoin bhfuílleach sa ghnáthbhealach a luaithe is féidir.

Is cuimhin liom ócáidí inar iarr Aire na Gaeltachta ar Theachtaí Dála anseo ceisteanna a chur síos i nGaeilge. Cuireann sé díomá ormsa anois nuair a chuirtear ceisteanna síos i nGaeilge, nach bhfuil an tAire sásta aon fhreagra a thabhairt ar na ceisteanna sin, agus tá sé le feiceáil inniu go bhfuil sé tar éis na ceisteanna ar fad atá thíos ar chlár agam a chur le chéile san aon fhreagra amháin agus gan aon eolas a thabhairt san fhreagra sin ar na nithe a bhí sna ceisteanna. Mar sin, ní ghlacaimse leis go bhfuil an tAire dáiríre faoi go mba chóir dúinn níos mó ceisteanna a chur i nGaeilge nuair nach bhfuil sé sásta aon fhreagra a thabhairt ar na ceisteanna sin. Tar éis é sin a rá, an bhféadfadh mé ceist a chur air? Is dócha nach bhfaighidh mé freagra, fiú amháin, ar an gceist uaidh anois: Cén fáth a bhfuil sé ag iarraidh na nithe seo a choinneáil faoi rún? Is airgead poiblí atá i gceist agus bhí sé de nós i gcónaí nuair a bheadh cead tugtha le haghaidh deontas go dtabharfaí amach eolas faoi sin don phobal, agus tá an t-eolas sin tuillte ag an bpobal. Tá sé ag dul dóibh, agus ní ghlacaim leis go raibh sé de nós riamh an sórt sin eolais a choinneáil ón bpobal. Sin ceist amháin. An cheist eile, cén fáth, ar aon nós, an bhfuil sé riachtanach do Údarás na Gaeltachta cead a fháil ón Aire do gach aon togra a thagann os a gcomhair. An nglacfaidh sé leis go gcuireann sé sin isteach ar obair an Údaráis agus nach bhfuil an tÚdarás in ann feidhmiú i gceart leis an sórt sin sriain orthu?

Caithfidh mé a rá faoi na ceisteanna atá curtha síos ag an Teachta, de réir cosúlachta fuair sé eolas rúnda ó chruinniú den Údarás ar an 25ú lá de mhí Mheán Fómhair. Na ceisteanna atá curtha os comhair na Dála, bhain siad le clár a bhí os comhair an Údaráis ar an 25ú lá. Anois, fuair an Teachta Dála é sin faoi rún ó bhall éigin atá ag obair san Údarás. Tá a fhios aige go rí-mhaith go bhfuil an duine a thug an t-eolas sin dó ag briseadh an dlí, agus déanfaidh mo Roinnse gach iarracht a fháil amach cén chaoi ar tharla sé sin. Beidh fiosrúchán dian curtha ar siúl againn leis an eolas sin a fháil amach. Tá a fhios ag an Teachta é féin — bhí sé ina bhall den Rialtas nuair a tugadh isteach an Bille um Údarás na Gaeltachta — go raibh rúndacht i gceist maidir le hobair an Údaráis agus na baill a bhí tofa don Údarás. Bhí sé mar bhall den Rialtas ag an uair sin, agus sílim go bhfuil sé suarach go dtiocfadh Teachta ar bith isteach anseo le heolas a fuair sé go rúnda ó dhuine éigin san Údarás, cibé acu an ball tofa é nó ball atá ag obair san Údarás, agus ceist a chur agus a bheith ag iarraidh polaitíocht a bhaint as anseo sa Teach.

Tá mé ag iarraidh, a Cheann Comhairle, eolas a fháil faoi nithe a bhaineann leis na Gaeltachtaí, agus de réir an sórt freagra atá cloiste anois ón Aire níl sé sásta go mbeadh an t-eolas sin ar fáil ag pobal na Gaeltachta. Ní ghlacaim leis sin. Ní ghlacaim ach oiread leis an rud atá curtha aige i mo leith. Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire, fiú amháin, an éisteann sé le Raidió na Gaeltachta, nó bheadh eolas aige go bhfuil an sórt seo eolais ar fáil ar chláir a thagann amach ar Raidió na Gaeltachta go rí-mhinic faoi na tograí atá curtha ar aghaidh chuig an Roinn agus na tograí atá ag fanacht le fada le cead ón Roinn. An rud is tábhachtaí, agus an cheist is deireanaí a chuirfidh mé air ag an bpointe seo ná, cén fáth a raibh moill chomh mór sin ar chuid de na tograí seo agus cén fáth, ar an gcéad dul síos, an mbeadh aon ghá go mbeadh cead le fáil ón Roinn le haghaidh gach aon iarrachta, le haghaidh gach aon togra a bheadh os comhair Údarás na Gaeltachta? Nach srian uafásach mór é sin anuas ar an Údarás sa chaoi is nach bhfuil siad in ann feidhmiú go héifeachtúil?

Bhí an Teachta é féin ina bhall den Rialtas nuair a tugadh an tAcht os comhair na Dála, agus maidir leis an gceist atá curtha os ár gcomhair anseo, tugtar gach eolas faoi na comhlachtaí gach bliain. Bíonn an caiteachas airgid, bíonn na deontais ansin, agus mar sin de. Seo tograí atá dá meas go fóill ag an Údarás agus ní thugtar aon eolas go poiblí faoi na cúrsaí sin nuair nach bhfuil cinneadh dearfa déanta.

Níl sé fíor go bhfuil sé leagtha síos san Acht go gcaithfear gach togra a chur faoi bhráid an Aire le cinneadh a dhéanamh faoi. Níl sé sin fíor. Rud eile de, níl sé sin leagtha síos san Acht, go gcaithfear é a dhéanamh bealach ar bith. Cén fáth a bhfuil moill chomh fada sin ar roinnt de na tograí seo? Tá ceann amháin agus tá sé luaite go bhfuil sé ann, os comhair na Roinne, ó 1980.

Tá seacht gcinn de na cásanna sin, na tograí, go bhfuil ceadúnas tugtha ag mo Roinn fúthu, agus sílim, rudaí a bhí ar chlár an Údaráis ar an 25ú lá de mhí Mheán Fómhair agus nach bhféadfaí a rá go raibh moill rómhór ar thogra ar bith de na tograí atá luaite ag an Teachta.

De réir an Aire, is ceist faoi rún í seo. An féidir leis a rá, má éiríonn leis a fháil amach gur ball den Údarás, de Bhord an Údaráis, a thug an t-eolas don Teachta Molloy, cén rud a bheidh i ndán don bhall sin? An gcuirfidh sé deireadh lena théarma ar an Údarás?

Ní thuigim dada i láthair na huaire ach go bhfuil fiosrúchán dian ar siúl againn faoin gceist ar fad.

An bhféadfadh an tAire Stáit aon tuairim a thabhairt dúinn cad é an costas iomlán a bhaineann leis na tograí seo uilig? Tá ceithre cinn déag ar fad ann, cuid acu as Tír Chonaill. Agus an fíor go gcaithfidh luach nó costas togra ar bith a bheith os cionn suime áirithe sula mbíonn cead na Roinne le fáil dó? An bhfuil an riail athraithe anois agus go mbíonn cead na Roinne nó cead an Aire le lorg do gach aon togra, cuma cén costas a bhaineann leis?

Ní mise a rinne na rialacha sin. Tá siad ann le fada. Caithfidh siad dul os comhair na Roinne agus caithfidh siad dul os comhair na Roinne Airgeadais i gcásanna ar leith. Ní haon riail nua é. Tá sí ann le fada. Mar a dúirt an Teachta McGinley, tá 14 díobh ann, agus tá cuid mhaith i gceist. Níl an figiúr iomlán agam.

An bhfuil sé intuigthe ón méid a dúirt an tAire Stáit gur leagadh síos rialacha taobh istigh den Roinn, is é sin ag an Státseirbhís, rialacha nach bhfuil san Acht féin, nach bhfuil fréamhacha na rialacha sin le fáil san Acht?

Níl srian ar bith ar Údarás na Gaeltachta thar bhord Stáit ar bith eile. Bíonn rudaí a gcaithfear cead a fháil ó na rannóga Stáit ar leith a bhfuil plé acu leis na boird Stáit. Níl aon difríocht maidir leis na rialacha a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta. Tá sé cosúil le rannóga eile.

Ar aghaidh linn go ceist eile. Ceist a 15 don Aire Comhshaoil.

Agus Lá na Gaeilge ann, cé go bhfuil na ceisteanna go léir leagtha síos as Béarla, beidh mé lán-sásta iad a fhreagairt as Gaeilge más mian le Teachta ar bith.

Barr
Roinn