Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 3 Dec 1987

Vol. 376 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Téacsleabhair Ghaeilge don Ardteistiméireacht.

6. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais céard iad na hábhair ardteistiméireachta nach bhfuil aon téacsleabhar feiliúnach ar fáil trí Ghaeilge dóibh faoi láthair.

Siad na hábhair Ardteistiméireachta nach bhfuil aon téacsleabhar oiriúnach ar fáil trí Ghaeilge dóibh faoi láthair ná Léann Clasaiceach, Léann Eabhrach, Fraincís, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis, Fisic, Bitheolaíocht, Matamaitic Fheidhmeach, Innealtóireacht, Staidéar Foirgn-íochta.

An bhfuil imní ar an Aire toisc go bhfuil an méid seo ábhar nach bhfuil téacsleabhair fheiliúnacha ar fáil dos na daltaí ón a bhfuil siad ag teast-áil, fiú amháin chun teangacha nua-aims-eartha a thógáil ar nós Fraincís, Iodailis agus Gearmáinis; ach chomh maith leis sin go bhfuil ábhair a bhaineann le cúrsaí ealaíona i gceist? Cé mhéid airgid atá aimsithe aici chun na téacsleabhair atá in easnamh a ullmhú agus a chur i gcló?

Níl an t-eolas agam faoin méid airgid, ach tá téacsleabhair ardteistiméireachta á ullmhú faoi láthair sna hábhair seo a leanas: fisic, eacnam-aíocht, ealaín agus ceol.

An cheist a chuir mé ar an Aire ná cé mhéid ábhar mar iomlán atá i gceist, agus os rud é nach bhfuil leabhair á n-ullmhú ach i dtrí ábhair, cén obair atá á déanamh aici faoi láthair agus ag an Roinn chun na téacsleabhair eile a ullmhú agus a fhoilsiú; agus an nglacann sí leis go bhfuil ceartanna i gceist, is é sin nach bhfuil an ceart ag gnáthshaoránaigh na tíre seo ábhair a thógáil trí mheán na Gaeilge os rud é nach bhfuil téacsleabhair le fáil?

Táthar ag obair anois ar fhoclóir téarmaí teicniúla sna hábhair seo a leanas: tráchtáil, eolaíocht agus geolaíocht.

An aontódh an tAire go bhfuil éileamh an-mhór gach bliain ar oideachas trí Ghaeilge, go speisialta san bhunoideachas, agus go mbeidh fonn ar na daltaí leanúint ar aghaidh le meánoideachas trí Ghaeilge, agus go bhfuil an cheist seo ag éirigh níos tábhachtaí gach uile bhliain? An gcuirfidh an tAire nó an Rialtas coimisiún speisialta aistriúcháin nó scríbhneoir Gaeilge téacsleabhar ar fáil?

Sin ceist eile. Sin ceist interesting. Tá mé ag cleachtú mo chuid Gaeilge freisin agus i gceann cúpla mí beidh mé go han-mhaith.

Barr
Roinn