Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ciste Réigiúnach Eorpach.

1. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais cén t-airgead atá ar fáil do Roinn na Gaeltachta ón gCiste Réigiúnach Eorpach le caitheamh ar oibreacha oiriúnacha sna Gaeltachtaí agus sna hOileáin le trí bliana anuas agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Ceadaíodh iomlán de £55,050 do Roinn na Gaeltachta sna blianta 19841986, ó Chiste Forbraíochta Reigiúnaí na hEorpa, chun na tograí seo a leanas a chur í gcrích faoin gClár Speisialta do Reigiúin Chros-Teorainn:—

£

Saoraidí calaíochta don tseirbhís faran- toíreachta idir oileán Árainn Mhóir agus Ailt an Chrainn, Co. Dhún na nGall.

34,639

Piara, agus bóthar isteach chuige, ag Baile na Finne, Co. Dhún na nGall.

3,668

Deontais chóiríochta saoire i gCo. Dhún na nGall

16,743

Chomh maith leis sin ceadaíodh deontas £64,000 ó Chiste Forbraíochta Reigiúnaí na hEorpa mar chabhair chun saoráidí calaíochta a chur ar fáil ag Rinn Rua, Contae Mhaigh Eo, faoi choimirce Roinn na Gaeltachta.

Tá mé buíoch den Aire Stáit as ucht an t-eolas sin a thabhairt dom. An aontaíonn sé liom gur caitheadh an chuid is mó den airgead seo i mBaile Átha Cliath agus ceantair eile i gCúige Laighean in ionad áiteanna sa Ghaeltacht agus áiteanna iargúlta san iarthar agus i nDún na nGall? An bhfuil plean ar bith leagtha amach aige agus ag an Roinn chun é sin a athrú agus níos mó airgid a chaitheamh sna ceantair sin.

Ní bheinn in ann aontú leis an Teachta. Mar a dúirt mé, cuireadh a lán airgid ar fáil do áiteanna iargúlta, más ceart é sin a rá, nó áiteanna Ghaeltachta. Is í an aidhm atá ag an Rialtas, agus ar ndóigh ag gach Rialtas, airgead ón Eoraip a chur go dtí gach aon áit den tír gur ceart an t-airgead a chur isteach ann. Tá mé ag súil gur mar sin a bheidh an scéal i gcónaí.

Tá sé fíor freisin go bhfuair na tíortha eile i bhfad níos mó airgid ón gciste seo ná mar a fuair muintir na hÉireann. Tá scéim oibre leagtha amach ag Roinn na Gaeltachta agus ag na comhairlí contae san iarthar chun scéimeanna oibre a bheadh oiriúnach don airgead seo a chur i gcrích. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit an scéal seo a athrú agus níos mó airgid a lorg ar dtús ón Eoraip chun cur isteach san chiste seo agus na scéimeanna atá oiriúnach a chur ar fáil do mhuintir an iarthair atá sna háiteanna is iargúlta in Éirinn.

Níl an t-eolas agam cé mhéid airgid a fuair tíortha eile na hEorpa ach níl an Rialtas seo in oifig ach ar feadh ocht míosa agus táimid ag iarraidh clár a chur ar bun chun ár ndothain airgid a fháil ón Eoraip chun tacaíocht a thabhairt do scéimeanna fiúntacha sa tír seo. Tá mé ag súil go mbeidh clár ar fáil tar éis tamaill a mbeidh an Teachta féin agus gach Comhalta den Oireachtas sásta leis.

(Limerick East): Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil siad chun integrated regional policy a chur ar siúl. An bhfuil sé ar intinn acu na Gaeltachtaí go léir a bheith mar réigiún amháin nó an mbeidh na Gaeltachtaí measctha leis na réigiúin eile timpeall na tíre?

Tá sé ráite ag an Rialtas go mbeadh siad lán sásta dá gcuirfeadh na comhairlí contae agus, ar ndóigh, an tÚdarás agus daoine eile cláir ar bun, ach is léir don Teachta, mar bhí seisean in a Aire Rialtais cheana, gurb é riail na hEorpa go bhfuil dualgas ar gach tír iarratas náisiúnta seachas iarratais réig-iúnacha a chur isteach. Tá sé sin á dhéanamh againn.

(Limerick East): Tá sé ráite ag an Rialtas anois go mbeidh integrated regional policy ar bun sna réigiúin. An mbeidh Gaeltacht Chonamara agus Mhaigh Eo i réigiún an iarthair nó an mbeidh réigiún faoi leith i gcóir na nGaeltachtaí uilig?

Tá an Rialtas ag scrúdú na ceisteanna sin faoi láthair. Níl sé socraithe fós cad iad na réigiúin a bheidh le chéile nó na háiteanna a bheidh istigh i réigiún ar bith. Táthar ag siúl go mbeidh an-chomhoibriú idir Comhaltaí an Oireachtais, idir na comhairlí contae, idir na Ranna Stáit, agus ó Údarás an Gaeltachta, ionnas go mbeimid in ann eolas fiúntach agus clár maith a chur ar fáil i dtreo is go gcuirfidh Rialtas agus an tír iarratas an-mhaith isteach chun na hEorpa bliain i ndiaidh bliana.

Caithfimid dul ar aghaidh go ceist eile. Ceist ghairid agus ceist deireannach, ón Teachta McGinley.

An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl dúinn cén céat-adán den airgead a tháinig ón gCiste Réigiúnach ó 1984 a caitheadh sna ceantair Ghaeltachta agus sna hoileáin? Agus an bhfuil aon teagmháil acu leis an bhforbairt atá a déanamh as an gCiste Reigiúnach i dTuaisceart na hAlban? Sílim go bhfuil ceacht le foghlaim againn as sin sa tír seo.

Níl an t-eolas sin agam mar níor fiafraíodh é sa cheist, ach déanfaidh mé iarracht an t-eolas sin a chur ar fáil don Teachta.