den Aire Airgeadais an bhfuil sé i gceist aige líon na n-aistritheoirí a mhéadú i dTithe an Oireachtais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.
Written Answers. - Aistritheoirí Thithe an Oireachtais.
64. D'fhiafraígh
Faoi láthair tá aon duine dhéag fostaithe san Rannóg Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais. San iomlán sin tá Príomh-Aistritheoir amháin, Leas-Phríomh-Aist-ritheoir amháin, triúr Aistritheoir Sins-earach agus seisear Aistritheoir Sóisearach.
Is gnó é don Cheann Comhairle an t-eagar foirne is mian leis a dhéanamh taobh istigh den chionroinnt airgeadais atá ar fáil do Thithe an Oireachtais agus ní dóigh liom go mbeadh sé oiriúnach domsa aon trácht a dhéanamh ar an líon foirne in aon áit ar leith i dTithe an Oireachtais.