Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Dec 1987

Vol. 376 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhlacht i gContae Mhaigh Eo.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach an ndeánfaidh sé ráiteas faoi dhúnadh chomhlacht (sonraí tugtha) i gContae Mhaigh Eo le déanaí agus an ndéarfaidh sé cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun fostaíocht a choimeád ar siúl ann.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil príomhaithe nua aimsithe acu chun an tionscal atá i gceist a athfhorbairt; agus go ndéanfar fostaithe lenar scaoileadh le déanaí a athfhostú de réir a chéile sa chéad ráithe den bhliain seo chugainn ag tosú le seisear nó seachtar i dtús mhí Eanáir.

An bhfuil cinneadh déanta ag an Údarás faoin chás seo agus cén tacaíocht atá á tabhairt ag Roinn na Gaeltachta go dtí an comhlacht nua? Tuigim go bhfuiltear ag tosnú le seisear nó seachtar oibrithe; cé mhéid a bheas fostaithe ann tar éis tamaill?

Is é atá i gceist ná go bhfuil an seanchomhlacht á fhorbairt agus go mbeidh bainistíocht úr ag teacht isteach. Beidh siad ag aistriú ón monarcha in a bhfuil siad ann faoi láthair go ceann eile atá ar an eastát céanna. Tá sé ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta agus beidh siad ag tosnú sa mhonarcha nua ar an ceathrú lá de mhí Eanair le thart ar ochtar. Tá sé i gceist go mbeadh 36 fostaithe nuair a bheas an mhonarcha faoi lán seol.

An bhfuil an tAire Stáit i dteangmháil leis an Údarás an t-am ar fad chun fostaíocht eile a chur ar fáil os rud é go bhfuil an imirce ag cur isteach go mór ar fud an cheantair ar fad?

Bí cinnte go gcuirfidh mise an méid brú agus is féidir liom ar an Údarás le oiread tionscal agus is féidir a thabhairt go dtí an dáilcheantar.

Barr
Roinn