Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 24 Feb 1988

Vol. 378 No. 4

Written Answers. - Feabhsúcháin ar Bhóithre i gContae na Gaillimhe.

38. D'fhiafraigh

den Taoiseach an mbeidh sé sásta deontas a chur ar fáil láithreach do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun obair feabhsúcháin a dhéanamh ar an mbóthar ó áit go háit eile (sonraí tugtha) ag na hAille, Indreabhán, Conamara, Contae na Gaillimhe.

Tá fiosrúcháin ar siúl ag mo Roinnse faoin gcás seo agus, má tá sé inghlactha faoi na gnáth coinníollacha, cuirfear san áireamh é i gcoimhlint le cásanna eile nuair a bheidh an chéad liosta eile de bhóithre á cheadú amach anseo.

39. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta deontas a chur ar fáil go luath chun obair feabhsúcháin a dhéanamh ar bhóthar Chuan na Loinge, Béal an Daingin, Conamara, Contae na Gaillimhe.

Cuirfear cás an bhóthair sin san áireamh i gcoimhlint le cásanna eile nuair a bheidh an chéad liosta eile de bhóithre á ullmhú amach anseo.

Barr
Roinn