den Taoiseach cé mhéid airgid a dhíol an tÚdarás le duine (sonraí tugtha) i gContae Chiarraí ag éirí as cás cúirte le déanaí.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Íocaíocht Deontais i gCiarraí.
De bharr socraithe a rinneadh tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur íocadh deontas leis an duine i gceist. Foilseofar an tsuim sa ghnáthshlí i dTuarascáil agus Cuntais na heagraíochta do 1987.
An bhfuil an tAire sásta le cinneadh an Údaráis sa chás seo, nuair a dhiúltaigh an t-iar-Aire an t-airgead seo a dhíol? Agus an bhfuil sé sásta gur tugadh cead don phríomhaí a bhí mar phríomh-fhinné, agus do bhaill an Údaráis, sa chás cúirte agus lasmuigh den Chúirt, nuair a socraíodh é? Agus an ndéanfaidh sé fiosrú ar an bpointe sin?
An socrú a rinne an tÚdarás, rinne siad é ar chomhairle abhcóide. Cé nach raibh siad sásta an deontas a íoc, is cosúil gur thuig an duine atá i gceist go raibh geallúint ann. Tugadh an cás os comhair na cúirte, agus ba ar chomhairle abhcóide a rinne an tÚdarás an cinneadh a rinne siad i ndeireadh an lae an deontas a íoc.
Is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán. Cuimhnigh air sin.