Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 19 Oct 1988

Vol. 383 No. 1

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

35. D'fhiafraigh

den Taoiseach an dtabharfaidh sé leathnú agus míniú ar an ráiteas den 7 Deireadh Fómhair 1988 ag fógairt breis airgid do Údarás na Gaeltachta.

Ní léir dom cén eolas eile ná cén míniú atá de dhíth ar an Teachta. Faoi mar a dúradh sa ráiteas a d'eisigh an Rialtas ar 7 Deireadh Fómhair tá £3 mhilliún breise á chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana mar chaipiteal vótáilte. Cuirfear Meastachán Forlíontach faoi bhráid na Dála le linn an tseisiúin reatha chun an deontas-i-gcabhair don Údarás le haghaidh caiteachas caipitil a mhéadú ó £5.5 mhilliún go dtí £8.5 mhilliún. Úsáidfear an t-airgead breise chun éilimh ar dheontais atá tagtha chun aibíochta agus a thiocfaidh chun aibíochta idir seo agus deireadh na bliana a íoc.

Barr
Roinn