den Aire Oideachais an bhfuil aon bheartais nua ag an Rialtas le déileáil leis an ngéarchéim teanga atá sna Fíor-Ghaeltachtaí i measc na bpáistí bunscoile agus na ndéagóirí; agus, má tá, cén uair a chuirfear na beartais nua seo i bhfeidhm.
Written Answers. - Géarchéim Teanga sna FíorGhaeltachtaí.
45. D'fhiafraigh
Do sholáthraigh Comhchoiste um Oideachas sa Ghaeltacht, a raibh ionadaithe air ón Roinn Oideachais, ó Roinn na Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta tuarascáil agus moltaí i ndeireadh na bliana 1986.
Tógadh na moltaí sin san áireamh sa phróiséas pleanála idir an Roinn Oideachais agus Bord na Gaeilge. Táthar i láthair na huaire ag breithniú na moltaí sin féachaint cé acu is féidir a chur i bhfeidhm i gcúinsí na huaire.