Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 2 May 1989

Vol. 389 No. 4

Ceisteanna— Questions. Oral Answers. - Téascleabhair Ghaeilge.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil aon teagmháil nó comhoibriú idir a Roinn agus an Roinn Oideachais maidir le soláthar téacsleabhar Gaeilge a chur ar fáil don Chóras Bunoideachais agus Iarbhunoideachais.

Bíonn mo Roinnse agus Bord na Geailge i dteagmháil leis an Roinn Oideachais ó thráth go chéile faoin ábhar seo ach tuigfidh an Teachta gur gnó é a bhaineann go príomha leis an Roinn sin.

An aontódh an tAire Stáit go bhfuil fadhb mhór sa bhunoideachas agus san iarbhunoideachas anois chomh fada agus a bhaineann sé le heaspa téacsleàbhar i nGaeilge, go speisialta nuair atá an teastas sóisearach ag teacht amach i mbliana, agus, go bunúsach, gur fadhb eacnamaíoch í mar go bhfuil fonn níos mó ar na clódóirí leabhair a chur ar fáil i mBéarla ná i nGaeilge mar go bhfuil díolaíocht níos mó orthu? An n-aontódh sé freisin gur chóir go mbeadh ról cinnte ag Roinn na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chosaint sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais?

Aontaím leis an Teachta go bhfuil deacrachtaí — agus go deimhin, ní inniu ná inné a tharla sé sin — le leabhair a fháil i nGaeilge, go mórmhór ag an dara leibhéal. Bíonn teagmháil againn leis an Roinn Oideachais, ach níl aon bhaint dhíreach ag Roinn na Gaeltachta le cad a dhéanann an Roinn Oideachais féin, taobh amuigh de iad a ghríosú, b'fhéidir, le níos mó a dhéanamh.

Sílim gur luaigh an tAire Stáit ina fhreagra go raibh sé i dteagmháil le Bord na Gaeilge maidir leis an cheist seo. An raibh teagmháil ag Bord na Gaeilge leis an Roinn Oideachais maidir le ceist na dtéacsleabhar? An aontódh an tAire go bhfuil bac ar an bhord i láthair na huaire, nach bhfuil aon chathaoirleach ag gníomhú ansin le beagnach bliain agus go bhfuil leath an bhoird folamh? An bhféadfadh sé a insint dúinn cathain atá sé ar intinn na folúntais seo a líonadh sa dóigh is gur féidir leo dul ar aghaidh leis an obair seo?

Mar a dúirt mé, is é Bord na Gaeilge atá ag plé leis na cúrsaí seo, agus níl aon bhac orthu dul ar aghaidh leis an ngnáth-obair a bhíonn acu.

Barr
Roinn