Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 19 Jul 1989

Vol. 391 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Soláthar do Bhóithre sna Ghaeltachtaí.

16. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé ar intinn aige aon airgead breise a chur ar fáil chun obair riachtanach a thosú ar na bóithre sna Gaeltachtaí ós rud é go bhfuil sé ráite ag an húdaráis áitiúla nach bhfuil dóthain airgid acu chun an obair a dhéanamh.

Soláthar airgid de £200,000 atá ar fáil i Vóta Roinn na Gaeltachta i mbliana chun freastal ar bhóithre sa Ghaeltacht. Tá an tsuim sin dáilithe cheana féin agus níl i gceist breis airgid a chur ar fáil sa bhliain reatha. Is chun freastal ar bhóithre áise agus portaigh go príomha a úsáidtear an soláthar agus feidhmíonn na comhairlí contae mar ghníomhairí ar son na Roinne i gcur i gcrích na hoibre.

An dtuigeann an Taoiseach an chaoi ina bhfuil na bóithre sna Gaeltachtaí faoi láthair? Tá siad chomh dona sin nach bhfuil na daoine, mar shampla, sásta glacadh leis a thuill-eadh, agus tá sé ráite ag na húdaráis áitiúla i gceist, mar shampla, i gContae na Gaillimhe, Contae Dhún na nGall, Maigh Eo, agus mar sin de, nach bhfuil airgead acu chun aon rud a dhéanamh faoi na bóithre. Mar sin, an bhfuil sé ag rá nach bhfuil aon seans ag muintir na Gaeltachta aon fheabhas a fheiscint ar an scéal don bhliain seo chugainn? An bhfuil sé ag rá go bhfuil coinníoll ag baint leis an airgead atá ag teacht ó Roinn na Gaeltachta faoi bhóithre áise agus bóithre portaigh agus mar sin de, nach bhfuil aon suimeanna airgid curtha ar fáil chun freastal ar na bóithre is measa sna Gael-tachtaí?

Níl aon ní mar gheall ar an mbliain seo chugainn. Baineann an freagra leis an mbliain seo.

Os rud é go ndúirt an Taoiseach go bhfuil an cheist ag baint leis an mbliain reatha, tá an ceart aige, ach séard a bhí i gceist agam ná, más rud é go nglacann sé le géarghá na mbóithre sna Gaeltachtaí, an bhfuil sé sásta, má tá an t-airgead go léir ídithe, breis airgid a chur ar fáil chun freastal ar na deacrachtaí faoi na bóithre sna Gaeltachtaí?

Níl aon ní le rá mar gheall ar an mbliain seo, ach, mar is eol don Teachta, tá an National Development Plan ann anois, agus tá roinnt mhaith airgid bhreise sa phlean sin i gco-mhair bóithre ar fud na tíre. Agus cífimid cad is féidir a dhéanamh.

Luann an Taoiseach go mbeidh sé faoin National Development Plan, ach go dtí seo níl aon tagairt sa National Development Plan do bhóithre sna Gaeltachtaí.

Barr
Roinn