An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1989: An Dara Céim (Atógáil).

Nuair a chríochnaigh mé leis an méid a bhí le rá agam roimh lón dúirt mé gur ceann des na laigí is mó bhí ag baint leis an Bhille a bhí os comhair an Tí na nár deineadh aon tagairt dearfa dos na leasuithe atá molta nó atá riachtanach don Bhille bunúsach um Údaras na Gaeltachta 1979. Maidir leis an méid eile atá le rá agam, ba mhaith liom seans a thabhairt do na Teachtaí eile ar mhiste leo páirt a ghlacadh san díospóireacht seo. Ba mhaith liom a rá arís go poiblí, mar tá sé tábhachtach go mbeadh seo ar chuntas oifigiúil na Dála, an tseachtain seo chugainn beimid ag cur le chéile ballraíocht do Chomhchoiste don Ghaeilge agus beidh liosta daoine ainmnithe dár ndoigh ar fógra don Mháirt nó don Chéadaoin seo chugainn. Bhí sé de nós agam féin feidhmiú ar an gcoiste seo cúpla uair agus níl mé sásta leanúint ar aghaidh leis sin toisc go bhfuil cur i gcéill chomh mór sin san Teach seo agus san Oireachtas go geinearálta agus san phobal chomh mór san go bhfuil easpa dáiríreachta ag baint le haon iarracht atá á dhéanamh faoi láthair. Is cuimhin liom mar shampla na tuarascálacha a cuireadh chugat féin, agus bhí tú sásta tacaíocht a thabhairt don chomhchoiste sin ag an am seo, áiseanna cearta a chur ar fáil san Teach seo ar gach leibhéal chun úsáid na Gaeilge a chur ar aghaidh. Níl tada ann faoi láthair. Níl aon rud ag tarlú. Is cuimhin liom — agus seo sampla beag amháin — nuair a bhí mé ag obair ar an Chomhchoiste don Ghaeilge san 25ú Dáil ní raibh typist ná duine eile chun na nótaí a thogaint. D'imigh mé fhéin thíos chun páipéar a léamh ar san an chomhchoiste i gCathair na Gaillimhe do chruinniú cinn bliana agus bhí ar an fhear a bhí ag obair go páirt aimseartha don chomhchoiste an rud a scríobh amach dom le lámhscríbhinn na nótaí a bhí aige. Agus b'éigean dom mo chuid clodóireachta a dhéanamh as m'acmhainní féin. Ní foláir dom a rá go bhfuil sé thar am don Teach seo a bheith i ndáiríre faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht. Faoi láthair, ní aon chabhair í go mbeadh easpa iomlán in Aireacht na Gaeltachta. Is é an Taoiseach féin Aire na Gaeltachta agus ba chóir go mbeadh sé anseo agus na Gaeltachtaí, an Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge ina n-ábhar díospóireachta againn.

Chuir mo Roinnse duine de na closcríobhaíthe is fearr atá againn ar fáil chun obair an Tí seo a dhéanamh cúpla mí ó shin.

Ba mhaith go mbeadh tuiscint ag an Aire Stáit nach raibh cleíreach ar fáil, go lán aimsearthach, do Chomhchoiste na Gaeilge. Tá mé ag tarraingt anois ar mo thaithí féin mar bhall den Chomhchoiste sin leis na blianta. Tá tuarascálacha curtha amach againn ar an ábhar seo ach ní bhfuarathas réiteach air go fóill. Labhraím Gaeilge sa Teach toisc go bhfuil suim agam sa teanga ach tá na coinníolacha ag eirí níos measa gach seachtain. Nílim sásta leanúint ar aghaidh leis an cur i gcéill. Dealraítear domsa go bhfuil mo chearta pearsanta mar ionadaí Gaeltachta dá shéanadh. Tá sé an-deacair obair a dhéanamh leis na Rannaí Stáit seachas Roinn na Gaeltachta; tá sé deacair freisin i gcás na n-Údarás Aitiúil. Tá fíneáil dá gcur ar dhaoine taoi lathair, toisc nach bhfuair siad leagan Gaeilge d'fhógra ón Údarás áitiúil; is i gContae an Chláir amháin atá an fógra ar fáil trí Ghaeilge.

Leisciúlacht agus cur i gcéill is cúis leis an bhail seo. B'shin an fáth gur cuireadh déistean orm nuair a léigh mé faoin gceannródaíocht atá déanta i dtionscail stráitéiseacha agus i gcásanna eile. Tá an seafóid seo á scaipeadh thart i gcónaí. Tá freagraí dearfa ag teastáil uaim maidir leis na ceisteanna seo leanas: An bhfuil Údarás na Gaeltachta tar éis leasuithe a éileamh ar Roinn na Gaeltachta agus ar Aire na Gaeltachta? An bhfuil leasuithe do bhun Acht Údarás na Gaeltachta, 1979, ceapaithe ag an Aire Stáit nó ag a ionadaí, nó an bhfuil sé i gceist aige iad a cheapadh laistigh de thréimhse na Dála seo? Má tá sé ar intinn aige a leithéid de leasuithe a dhéanamh, an dtabharfar freagracht d'Údarás na Gaeltachta i leith chúrsaí bóthair, cúrsaí droichid, cúrsaí céibheanna agus go mór mór i leith cúrsaí tithíochta? An bhfuil sé ar intinn aige moltaí a chur ar aghaidh go n-aistreofaí cumhachtaí ó na comhairlí contae agus ó údaráis áitiúla eile go hÚdarás na Gaeltachta? Muna bhfuil faoi a leithéid seo a dhéanamh, an ndearbhódh sé go bhfuil sé sásta le réimse cumhachtaí an Údaráis mar a mhaireann faoi láthair?

Maidir leis na cumhachtaí seo, thairis sin, cad iad na suimeanna airgid, go beacht, a cuireadh i leataobh do chur chun cinn na teanga sna Gaeltachtaí éagsúla le blianta beaga anuas, agus an mó a caitheadh ar an obair seo? Nach fíor go bfhuil daoine ceapaithe chun moltaí a chur in eagar ach nach bhfuil an t-airgead ann chun an obair sin a dhéanamh? Cén stádas faoi láthair atá ag an tuarascail faoi chúrsaí cumarsáide go ginearálta, agus faoi chúrsaí theilifisé sa Ghaeltacht ach go háirithe? An nglacann an tAire agus an Roinn leis an tuarascáil is deireanaí agus an bhfuil sé ar intinn aige labhairt leis an Teach ina thaobh? An molfaidh sé go gcuirfear airgead ar fáil do sheirbhís teilifíse Gaeltachta ón gcrannchur náisiúnta nó an n-usáidfear céatadán ar leith d'airgead na gceadúnas teilifíse chun seirbhís teilifíse Gaeltachta a bhunú is a fhorbairt? Cad'na thaobh nár cuireadh moltaí dearfa i leith chúrsaí caidrimh ar aghaidh go dtí an Comhphobal Eorpach? Maidir le cúrsaí farantóireachta, cad 'na thaobh nár cuireadh moltaí i dtaobh na ceiste seo agus i leith chumarsáid idir-oileánach ar aghaidh go dtí an Eoraip? Gealladh do mhuintir na n-oileán go mbeadh réiteach ar cheist seo na farantóireachta, toisc scéim a bheith á chur faoi bhráid an Chomhphobail Eorpaigh. Níor tharla amhlaidh.

Tá mé féin i bhfábhar an Údaráis cé gur cuimhin liom, nuair a tháinig mé isteach sa Teach seo i 1981 go raibh daoine ann ag an tráth sin a bhí glan ina aghaidh. Bhí an Teachta Ó Eochaidh ina Thaoiseach ag an am agus bhí an bheirt againn ar aon aigne go mba chóir a leithéid d'Údarás a bheith ann. Is é atá á éileamh agamsa ar son an Údaráis ná na cumhachtai agus na hacmhainni cuí, chun go mbeadh sé ar a chumas feidhmiú mar Údarás forbartha ar chomhleibhéal le hÚdaráis Fhorbartha eile na tíre. Tá sé léirithe roimhe seo ag an Teachta Enda Kenny, nach bhfuil Údarás na Gaeltachta ar chomhchéim le SFADCo maidir le deontaisí agus soláthar tacaíochta.

Ní mór dúinn ach oiread a mheabhrú dúinn féin go bhfuil ráta imirce na limisteár Gaeltachta a dhá nó a trí oiread níos airde ná an meán náisiúnta. Ní daoine óga faoi bhun cheithre bliana is fiche amháin atá ag imeacht as an nGaeltacht, ach teaghlaigh iomlána. Easpa fostaíochta agus easpa infheistithe is cúis leis an imirce seo. Is iontach an rud é go raibh 4,946 duine fostaithe sa Ghaeltacht sa bhliain 1987 agus gur tharla meadú 188 ar líon na bpostanna seo faoi dheireadh na bliana 1988. Níl brí dá laghad leis an staitistic seo nuair a chuirtear san áireamh líon na ndaoine a bhí ag lorg fostaíochta sa Ghaeltacht le linn na tréimhse sin.

Bhí mé ag éisteacht leis na ceisteanna faoi chúrsaí oideachais. Nach iontadh an rud é go bhfuil na coinníollacha is measa sa tír seo beagnach — b'fhéidir go bhfuil scoil nó dhó sa tír seo níos measa — i scoil atá ag feidhmiú don dara leibhéal i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá mé ag caint faoi ghairmscoil Cholmchille in Indreabhán, áit a bhfuil na coinníollacha a bhí ar na tuismitheoirí a fhulaing chomh dona le haon dream eile sa tír seo agus ní mór dúinn bheith cúramach faoi na hinstitiúidí agus na háiseanna oideachais atá ag teastáil go géar sa Ghaeltacht.

Os rud é go bhfuil Údarás na Gaeltachta chomh maith ag plé leis an saol sna hoileáin éagsúla, nach bhfuil sé scannalach nach bhfuil aon tuarascáil curtha ar fáil ón Ministerial Island Committee don Dáil atá imithe. Chomh maith leis sin, tá moltaí curtha ar aghaidh ag Comhdháil na nOileán don Taoiseach agus do na hAirí éagsúla agus níl aon mholadh dearfach ag teacht os comhair na Dála seo. Mar cheist deireanach don Aire Stáit an bhfuil sé ar intinn ag an Údarás nó ag an Roinn áiseanna chumarsáide a chur ar fáil ar chostas an-bheag ar fad chun go mbeadh siad in ann úsáid a bhaint as an teicneolaíocht nua atá forbartha taobh istigh de na Gaeltachtaí féin ag Tele Gael agus na comhlachtaí eile in iarthar na Gaillimhe. Tá a lán daoine sa tír seo agus ceapann siad os rud é go bhfuil an tÚdarás ann go bhfuil gach rud ceart leis an Ghaeilge agus gach rud ceart leis an Ghaeltacht. Chun an fhírinne a rá ceapann a lán daoine, mar shampla, ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe os rud é go bhfuil an tÚdarás ann go bhfuil daoine ina gcónaí san Ghaeltacht agus go bhfuil siad ceart go leor, nach bhfuil Údarás ar leith acusan. An toradh atá ar an scéal ná nach bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur tithe ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe, agus ní dhearna siad sin le fada. Cuireann siad demountables agus mar sin ar fáil. Ach níor chuir siad aon scéim de thithíocht poiblí ar fáil le fada. Agus tá an tuiscint ann go bhfuil muintir na Gaeltachta ceart go leor ós rud é go bhfuil a nÚdarás féin acu. Caithfidh muid tabhairt faoi go mbeidh an ceart ag an Údarás, go mbeidh na cumhachtaí nua acu, agus is cumhachtaí beaga chun an fhírinne a rá, atá i gceist againne an tráthnóna seo. Ach níl aon seans againn, ón am ar cuireadh do na Tithe seo, mar shampla, an chéad tuarascáil a cuireadh i gcló i leith chúrsaí Gaeltachta, is é sin The Mulcahy report i 1926. Bhí 600 leathanach ann agus bhí costás faoi bhun £300 ag baint leis. Bhí a lán tuarascálacha curtha i gcló ón am sin ar aghaidh in 1926 ach bhí na moltaí ann an uair sin, agus caithfidh muid féachaint chuige go mbeidh dream againne, go mbeidh comhlacht againne, go mbeidh Údarás againne a mbeidh na pleananna ag an Údarás, a mbeidh seans acu, a mbeidh scóip acu, a mbeidh feidhmeannaigh acu, a mbeidh cumhachtaí acu. Agus go mbeadh na heagraisí eile ar nós na comhairlí chontae sásta na cumhachtaí sin a ligint don Údarás agus ina dhiaidh sin le daoine níos díograisí a chur ar fáil. Ní chuireann sé iontas órm féin nuair atá daoine ag caint faoi 1992 agus an Single Market agus cohesion agus mar sin de. Níor cuireadh aon dream ar bun a thabharfadh aire do na Gaeltachtaí amháin fiú amháin ar leibhéal chomhairle a thabhairt. Agus ina dhiaidh sin níor cuireadh moladh ar bith ar aghaidh do na Gaeltachtaí.

Mar alt eile ar chúrsaí Teilifís Gaeltachta, níl moltaí curtha ar aghaidh ag an Rialtas faoin cheann teidil sin faoi na minority languages. Cén fáth go bhfuil seo ag tarlú. A lán den tuairimíocht atá taobh thiar de seo ar fad, ar bhealach baineann sé le leisciúlacht, baineann sé le coimeádachas, baineann sé leis an sórt obair leamh atá ar siúl i leith na Gaeltachta, ach dar ndóigh na daoine atá ag fulaingt as an rud ar fad ná na clainn atá ag cailliúint páistí gach seachtain toisc nach bhfuil fostaíocht ar fáil. Is féidir a lán a dhéanamh, mar a dúirt an tAire, faoi fhorbairt achmhainní nadúrtha agus mar sin de. Ach céard is féidir a dhéanamh faoí iascaireacht mar shampla, muna bhfuil na bóithrí ann agus tuigeann na madraí sa tsráid go bhfuil bóithrí Chonamara chomh dona is atá siad. Agus arís níl aon mholadh dearfa curtha ar aghaidh don chomhphobal ná d'aon áit eile chun aon rud dearfa a dhéanamh.

Is fada ó thosaigh mé féin mo shuim sa teanga agus sna Gaeltachtaí, ach tá mé ag éirí an-tuirseach ag an bpointe seo, mar mar a dúirt mé an dearcadh i leith na teanga agus i leith na nGaeltachtaí, tá sé níos measa anois fiú amháin sa Teach seo, níos measa anois ar leibhéal áitiúil. Mar shampla, nuair a thosaigh mé polaitaiocht áitiúil sna seachtóidí, bhí sé de nós ag daoine a bhí tofa mar shampla mar mhaor na Gaillimhe cúpla focal a rá i nGaeilge. Tá sin beagnach imithe glan agus an rud nach bhfuil ag teastáil ón Ghaeilge ná níos mó, mar a thug mé air, den cur i gcéill seo. Is sórt masla é daíríre, go bhfuil daoine i Roinn na Gaeltachta sásta, teacht ós comhair an Tí seo agus Bille de cúpla línte a chur os ár gcomhair agus a iarraidh orainn, níl ag teastáil uainn ach go rithimíd an cúpla focal seo, an abairt seo, an t-alt siúd, chun an leibhéal a árdú ó £60 milliún go £80 milliún. Má tá siad chun aon stró a chur isteach, tuige nach bhfuil siad in ann féachaint ar an mbun Acht i 1979 agus leasuithe cuimsitheacha foirfe a chur os ár gcomhair ionnas go mbeadh díospóireacht ceart againn.

Os rud é gurb é seo an chéad uair dom páirt a ghlacadh i ndiospóireacht a bhfuil baint aige leis an nGaeltacht ba mhaith liom, agus cé nach bhfuil an tAire Stáit ag Roinn na Gaeltachta anseo inniu ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le mo chomh Theachta, Pat the Cope Gallagher, as a phost nua. Guím gach rath ar féin agus ar a chuid oibre sa phost nua sin. Tá fhios agam agus táim cinnte go n-oibreoidh sé go dian dícheallach ar son mhuintir na Gaeltachta agus dul chun chinn na Gaeilge.

Ar ndóigh cuirim fáilte roimh an Bille gairid seo atá os ár gcomhair inniu, a chuirfidh ar chumas an Rialtais £20 milliúin sa bhreis a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta. Ó bunaíodh an tÚdrás i 1980 rinne siad obair mhór le gnéithe eacnamaíochta na Gaeltachta a fheabhsú agus an Gaeilge a chur chun chinn. Ní raibh an obair seo furasta ach déanaim comhghairdeas le lucht an Údaráis agus go háirithe leis na hoifigigh a d'obair go crua leis na deacrachtaí a shárú agus a rinne an oiread sin leis an Ghaeltacht a fhorbairt. Ó 1987 nuair a cuireadh Bille Údarás na Gaeltachta tríd rinneadh a lán dul chun tosaigh go mór mhór gnéithe ard teicneolaíochta, telecumarsáide, feirmeoireacht éisc agus rinneadh méadú mór i gcuid de ceantracha beaga Gaeltachta iad féin a fhorbairt. Ach mar sin féin tá imní orm faoin mheath atá ag teacht i gcónaí ar labhairt na Gaeilge agus an gá atá le teacht oibrithe don Ghaeltacht. Tá againn sa tír seo líon mhór de dhaoine óga oilte agus measaim nach bhfuil an tÚdarás agus na húdaráis oideachais uile ag obair go leor le chéile le cúrsaí nua a chur ar fáil dóibh ionnas go mbeidh siad oilte níos fearr don tionsclaíocht nua aimseartha a bheadh oiriúnach don Ghaeltacht. Sé tá i gceist agam anseo ná níos mó béime a chur ar chúrsaí innealltóireachta agus ríomhaireachta i scoileanna dara leibhéal agus cúrsaí tuairisceoireachta chomh maith le feirmeoireacht éisc a chur ar fáil. Na tionscail a bhí coitianta don Ghaeltacht le blianta anuas, tá mórán acu seo nach bhfuil ag éirí leo go maith le tamall fada. Cuid acu atá i dtrioblóid airgid. Cím seo ag tarlú i mo cheanntar féin i gCill Cártha agus i gCarraig agus i nGleann Cholmcille. Tá oibreacha beaga sna ceantracha seo ag druid síos, rud a chuirfidh tuilleadh daoine amach as obair, agus tá mórán fáthanna leis seo — an t-athrú airgid, an structúr tionsclaíochta, margaidh agus rudaí mar sin. Ach iarraim go ndéanfaí gach iarracht an margadh a fheabhsú don tionscail textile, go mór mhór, agus freisin scéimeanna nua a thabhairt isteach cosúil leis an scéim atá ar siúl i mo cheantair fhéin fosta, i McArthurs i mBuncrana. Tá i bhfad barraíocht den ábhar olna ar an mhargadh faoi láthair. Mar sin féin tá sé tábhachtach go gcloífidh muid le tionsclaíocht traidisiúnta na Gaeltachta. D'fhéadfaí sin a dhéanamh trí earraí fáisiúin olna a chur chun cinn. Tá a leithéid seo le feiceáil cheana i siopaí fáisiúin i mBaile Átha Cliath, i bPáras, i London agus i Milan fosta.

Tá an margadh ansin. Tá an daoine sa tír seo fosta a bhfuil an cumas acu a leithéid sin de earraí a dhearadh agus ba chóir go dtabharfaí gach cabhair agus uchtach dóibh dul ar aghaidh len a leithéid seo den tionsclaíocht. Chuir an tionscal fheirmeoireacht eisc, mar a dúirt an Teachta Higgins fosta, tús lena lán oibre do dhaoine san Ghaeltacht, agus is maith an rud é sin. Ach mar sin féin caithfear a chinntiú go gcoinneófar súil ghéar ar na scéimeanna seo. Tá contúirt an-mhór ann go ndéanfaidh sé truailliú ar an uisce agus ar na héisc eile atá sna ceantracha ina bhfuil siad. Sna ceantracha seo sílim gurbh fhearr dá mbeadh an fheirmeoireacht éisc seo i lámha chomhlachtaí beaga de dhaoine áitiúla in áit na comhlachtaí ollmhóra atá ar nós chuma liom faoin timpeallacht agus an truailliú. Tá forbairt eile gur féidir a dhéanamh sna ceantracha Gaeltachta agus is é sin an gairneoracht agus an talmhaíochta. D'fhéadfaí níos mó foraoiseacha a fhás sna ceantracha sin a chuirfeadh cuma níos fearr ar na háiteacha ó thaobh ábhar tine agus adhmaid sa tír, agus b'fhéidir obair do dhaoine sna ceantracha sin. I mBaile na Finne faoi láthair tá tionscal den chinéal seo ag proiseáil adhmaid agus mar sin de. Seo an cineál tionscail ina bhfuil an t-ábhar le fáil go háitiúil agus mar sin tugtar fostaíocht do mhuintir na háite. D'fhéadfadh tionscail eile mar Hi Tech agus ag déanamh chomhpháirteanna le earraí leictreacha gnaithe níos fearr heastáit tionsclaíochta sna Gaeltachtaí. Ach mar a dúirt an Teachta Higgins, tá na bóithre chomh holc sin go mbeadh sé deacair ag na comhlachtaí móra aon bhaint a bheith acu leis na ceantracha beaga sin. Measaim go gcuideoidh an tAerphort atá againn i gCarraig na Finne, go mórmhór leis an chontae agus leis an eastát tionsclaíochta atá againn sna Doirí Beaga. Is maith an rud é sin. Ach san am céanna sílim go bhfuil a lán de na ceantracha beaga Gaeltachta agus dá mbeadh corás bóithre, telefóin, uisce, séarachas agus mar sin de níos fearr againn b'fhéidir go dtabharfadh sé uchtach do chomhlachtaí teacht isteach agus obair a chur ar fáil.

Tá cuid mhór den chineál seo oibre á dhéanamh trí ghrúpaí áitiúla agus trí na comharchumainn atá sna ceantracha beaga sin. Tá mórán coistí forbartha sa Ghaeltacht atá ag déanamh sár-obair lena gceantracha féin a fheabhsú. Mar shampla, grúpaí turasóireachta. Ach ba cheart gach cuidiú a thabhairt dóibh trí dheontas níos mó a chur ar fáil nó b'fhéidir eagras a bhunú mar chabhair don a leithéidí. Ar ndóigh tá coiste amháin i mo cheantar féin á mholadh go mór agus tá súil agam go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag eisteacht linn inniu. Sin an ceann atá ar Oileán Thoraí, oileán atá ar fíorimeall na tíre cinnte. Le saol an oileáin a chaomhnú tá gearghá le cuidiú ón Údarás. Tá fadhb mhór ar an oileán sin maidir le taisteal agus tá plean fíormhaith acu go mórmhór faoi ché nua a dhéanamh ansin, rud a chuideoidh go mór leis na daoine féin ar an oileán, le cúrsaí iascaireachta agus go mórmhór le turasóireacht. Tá pleananna eile acu faoi aerstráice, faoi lár-ionad seirbhíse, agus monarchana beaga a chur ar fáil ar an oileán. Ba mhaith linn go nglacfaí leis na pleananna seo agus go ndeanfaí caibidil orthu ionas go gcoinneóidh méid beo an saol ar leith seo nach bhfuil a leithéid eile ann.

An rud a choinnigh an Ghaeltacht mar cheantar ar leith, tá a fhios againn ar ndóigh ná an teanga. Agus is ábhar imní dúinn uilig meath na teanga. Caithfidh an Ghaeilge coimeád suas leis na hathruithe nua aimseartha agus teicneolaíochta atá ag teacht isteach i saol na ndaoine má tá siad le maireachtáil. Le sin a dhéanamh caithfear úsáid a bhaint as an Ghaeilge i ngnaithe ríomhaireachta, go mórmhór, sna scoileanna agus in oifigí gnó. Caithfear í a úsáid níos mó ar an teilifís agus ar an raidió. Le seo a dhéanamh tá gá le corás teilifíse don Ghaeltacht. Rinne Raidio na Gaeltachta obair mhór le cuidiú leis an Ghaeltacht agus tá moladh mór ag dul dóibh sin uilig atá freagrach as bhunú an stáisiúin seo.

Tá a fhios againn, agus tá súil agam go leanfaidh sé ar aghaidh, go bhfuil an Rialtas iontach gníomhach faoi chur chun cinn na teangan. Tá sé tábhachtach go leanfaidh muid ag cuidiú leis an obair. Tá súil agam go bhfaighfear an méadú sna meastachaín a chonaic muid inné san Bhille seo. Agus go mbainfear úsáid as an airgead a chuirfear ar fáil de bharr an Bhille seo chun leanstan leis an fhorbairt atá a dhéanamh sna Gaeltachtaí ionnas go gcoinneofar muintir na Gaeltachta sa bhaile agus iad ábalta saothrú a fháil ina gceantair féin, agus an teanga dhúchais a choinneáil beo sa Ghaeltacht.

Fáiltim anois roimh on Teachta McCormack, go mórmhór ar ocáid a chéad oráid thabhairt uaidh.

Níl Aire na Gaeltachta le bheith ann ach ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit, an Teachta Máire Geoghegan-Quinn. Feicim ar leathanach 37 go bhfuil £300,000 sa bhreis ar scéimeanna sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom focal a rá air sin. As an £300,000 seo caithfear feabhas a chur ar piers, slipeanna, droichid agus bóithre áise agus go leor bóithre eile. Tá na bóithre i nGaeltacht Chonamara go huafásach. Is ceist mhór i gConamara agus san Ghaeltacht na bóithre. Bhí mé féin agus mo bhean i gCarna cúpla seachtain ó shin. Chuaigh mo charr isteach i bpoll. Bhí orainn cúnamh a fháil leis an carr a thógáil amach as an bpoll. Sin scéal boithrí Chonamara. Cúpla mí o shin bhíomar ag lorg £390,000 special grant do bhóithrí Chonamara, agus bhí an tAire Stáit, an Teachta Fahey — tá sé imithe anois, in a aghaidh, agus tá na bacannaí againn go fóill i gConamara, agus sin an scéal leis na bóithrí sa Ghaeltacht ansin. Níl maith ar bith sa £300,000 an bhliain seo. An bhfuil iontas ar bith go bhfuil rún os comhair Chontae na Gaillimhe ar an 27ú lá den mhí seo. Is léir go bhfuil na bóithrí i nGaeltacht Chonamara á dtréigint: Abandon the roads of Connemara.

Na bóithre anseo — and this item is on the agenda for the Galway County Council meeting on the 27th of this month whereby people from various parts of Connemara have asked that they take charge of the roads themselves where they cannot be done by the county council: Bóthar a haon, 3.9 kilometres, bóthar a dó, 6.89 kilometres.

Gabh mo leathscéal a Theachta. Ní cur isteach é seo. Go hiondúil ní chuirtear isteach ar Theachta agus é ag déanamh a chéad oráid ach mar sin féin, tuigeann tú féin nach mbaineann na figiúirí sin le hÚdarás na Gaeltachta. Más féidir leat, cloí leis an rud atá sa Bhille seo.

Tá ceithre bhóthar is fiche ar an liosta seo. I have brought up that point only to illustrate how frustrated the people of the Gaeltacht areas have become. I have my file full of letters from Galway County Council which read: Dear Senator McCormack, or Dear Councillor McCormack or Dear Deputy McCormack —"the work you have requested on such and such a road in Connemara is very desirable but unfortunately no funds are available for the carrying out of this work this year". I have drawn attention to this aspect of the Estimate for Roinn na Gaeltachta because the condition of the roads is affecting the everyday lives of the people in the Connemara area. As a result of having my file full of that type of letter, last March I was approached by a number of people who said they were very fed up with the letters from Galway County Council saying the work is desirable but unfortunately no money is available for this work.

I put down a motion at Galway County Council in which I asked what was the procedure for having roads serving a number of houses in villages taken from the county council and made private roads again. The purpose of the motion is to allow people to repair the roads themselves because there is no future in waiting for the county council or other bodies to carry out repairs as the money is not being provided for this work. The answer I got to that was:

I wish to refer to Notice of Motions ... which appear in your name on the Agenda for the Council Meeting on 28 March, 1989.

There is a legal procedure in the Local Government Act, 1925, for the abandonment of roads under certain conditions.

The Council whose duty it is to maintain the road may apply to the Minister for the Environment to make an Order declaring that a particular road is to be abandoned.

When a Council proposes to apply to the Minister for an Order it must give a months public notice of its intention to do so in a local newspaper in each of two successive weeks.

Before making an Order in respect of any road, the Minister must hold a local enquiry into the expediency of abandoning such a road. I trust that the foregoing outlines the procedure for you.

The Údarás have no function whatsoever in relation to roads.

Yes, they have a function.

Not in relation to roads.

They have a function in relation to roads because Sceimeanna Fáiseanta refers to roads, number E on page 37.

Excuse me, the Deputy is reading from the Estimate for the Department. We are not talking about the Department here, we are talking about the Údarás.

Rinne mé iarracht. The Chair is in a slightly awkward position. Normally on the occasion of a maiden contribution, I would not intervene. On the other hand, it is presumed, nevertheless, that the speaker would not stray too far away, if at all, from what is before us. Táimid ag plé leis an mBille atá os ar gcomhair anseo as a dtiocfaidh níos mo airgid do Údarás na Gaeltachta. D'fhéadfá á mholadh cén chaoi go mba cheart an t-airgead sin a chaitheamh nó rud ar bith a bhaineas leis an méid atá ann. Murach sin bheitheá as ord go mór. Tá a fhios agam go dtuigeann tú é seo.

Tuigim, but this affects the lives of the people of the Gaeltacht areas. That relates to what we are discussing today.

No, it is not. We are talking about an Estimate. We are talking about the Údarás.

Not as far as debate and Standing Orders are concerned. The Deputy will accept the "illogicality", so to speak, of that. For instance, if a boatman in Connemara had an accident, you could not talk about him unless there was some provision in the legislation to allow it. We are providing here for legislation.

Maybe we should provided better legislation so that money will be provided through this Estimate for the carrying out those works rather than the method——

We have to deal with reality, not hypotheses. We have to apply ourselves to Standing Orders and what is in a certain piece of legislation.

If I cannot come in here and speak on matters which affect the lives of the people I represent when we are dealing with this Estimate——

You can speak on it to your heart's content when we are dealing with the Estimate for the Gaeltacht.

The effects of this have driven the people of Connemara to this state. At every opportunity it will be my duty to bring to the notice of the powers that be matters that affect the people I am elected to represent. From that point of view I took this opportunity to put this on the record of this House, before it is put on the record of Galway County Council, as it will be later this month. An t-Aire Stáit, an Teachta Máire Geoghegan-Quinn is here and an t-Aire Stáit, an Teachta Frank Fahey has just left the Chamber. I ask his assistance in solving the problems in this area which have driven the people to take the extraordinary steps I have outlined.

No doctors can travel on these roads and school buses are taken off. People are being injured on these roads, and yet they have no recourse except to try to take back those roads and repair them. That is only the tip of the iceberg, but it illustrates the frustration that has built up in the people of that area.

Like the Minister of State, Deputy Geoghegan-Quinn, I represent that area and I am there very often. We have first hand experience of it. That is why I am so delighted she has come in when the Minister of State from south Galway had to depart. She has full knowledge of the problems I have mentioned.

I felt it essential to express my point of view because some lives in Connemara are coming to a stand-still. Recently at Bothar Kilbeg Upper in Clonbur the priest could not even go up the road. The road has since been repaired because I put in a notice of motion about it. The priest had to leave his car at the end of the road and walk one mile with the Blessed Sacrament to attend to old people who lived on that road. School buses cannot travel some of the roads in Connemara, yet the County Manager tells me — as an tAire Stáit, an Teachta Máire Geoghegan-Quinn says — that unfortunately they cannot repair that road because no money is available. The people wish to do the work themselves but the county manager tells them they cannot do that because if they put a shovelful of sand on that road they will be liable for any accident which might be caused further down the line. As a result over 500 householders — and I will supply the maps of all the roads in the Connemara Gaeltacht areas for the benefit of the Minister of State — have decided to take this course of drastic action. We will hear a lot more about the frustration which has built up in this area whether it is in this House, outside it, at our clinics or on the streets of Galway. If I achieve nothing more today than having that matter put on the record, I shall be happy. I do not apologise for that but I apologise if I have broken the Rules of the House.

Surely the Deputy is not going to tell me he took pleasure in doing what he knew was wrong. That would be a bad way for a maiden speech to start.

I will not go into that. I took satisfaction in getting it on the record of the House to show those people that somebody, somewhere, is willing to speak up for them even if it was not exactly at the appropriate time. Even if one had to break rules to speak on behalf of those people, so be it. Many a rule is broken in condemning those people who have to put up with the conditions of the roads. I know, a Leas-Cheann Comhairle, that you are a visitor to that area and are aware of the conditions about which I speak. One would really want to travel on the small county roads to understand——

The Deputy is not encouraging me to go back.

I would welcome you back at any time and I would take you on a tour of the worst affected areas whenever you can arrange it.

On any Friday or Saturday. I now appeal to the Deputy to address himself to the legislation before the House.

I appreciate the consideration you have shown me in this matter. This item appeared today out of the blue. I was not aware in the morning that it was coming up. When I realised it was being taken now I came in to give the House the benefit of my experience as a representative for that area. As a person who would wish to have some power to do something about the conditions that affect people in the Gaeltacht areas I have now put on the record my contribution in this regard and I look forward to the Minister's response.

Tuigfidh tú anois nuair a deirim go bhfuil áthas orm nach bhfuilim ach ar údarás áitiúil amháin leis an dTeachta McCormack. Is leor sin. Nílim chun plé a dhéanamh ar chúrsaí bóithre mar tá a fhios agatsa agus agamsa agus ag an dTeachta McCormack nach bhfuil aon bhaint ná aon chumhacht ag an Údarás maidir le bóithre. Caithfimid a bheith ag brath ar Roinn na Gaeltachta agus ar an Roinn Comhshaoil le feabhas a chur ar bhóithre. Creidim go dtiocfaidh an feabhas sin i mbliana, ní hamháin ar bhóithre na Gaeltachta ach ar bhóithre na gcontaethe uile, toisc an plean cúig bliana Eorpach atá againn anois.

Ba mhaith liom, i dtús báire leithscéal a ghabháil leis an Teach thar ceann Aire Stáit na Gaeltachta, An Teachta Pat The Cope Gallagher toisc nach raibh sé ar a chumas a bheith i láthair chun an Bille seo a chur os comhair na Dála. Tá notaí glactha agam anseo, agus ag mo chomhleacaí, an tAire Stáit, An Teachta Fahey, de na pointí tábhachtacha a rinne na Teachtaí éagsúla agus cuirfidh mé iad seo faoi bhráid an Aire Stáit ag an am cuí le go ndéanfar breithniú orthu. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí uile a labhair ar an mBille seo. Is léir gur mór linn uile an Ghaeltacht sa Teach seo agus is í an teanga an seod is luachmhaire den Ghaeltacht. Is mór linn, freisin an dea-obair atá ar siúl ag Roinn na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le forbairt na gceantracha Gaeltachta agus ar son chur chun cinn na teanga. Baineann an Ghaeilge, mar is eol dúinn, linn ar fad agus tá dualgas orainn uile i leith slánú na teanga agus ba chóir dúinn cur chuige le díograis.

Tá an tÚdarás ag brú ar aghaidh go dícheallach, i gcónaí, leis an obair fhorbarthach a bhíonn ar siúl acu. I mbliana tá cúnamh ceadaithe le haghaidh timpeall 250 scéimeanna tionsclaíochta le sprioc fostaíochta de thart ar mhíle post ach iad a bheith faoi lán seol. Is dul chun cinn suntasach é seo agus tréaslaím a saothar leis an Údarás.

Ba mhaith liom gach uile mholadh a thabhairt don Údarás agus d'aidhmeanna an Údaráis, as ucht an dea-obair atá déanta acu. Is fada an bóthar atá taistealaithe acu ón uair go ndearna Comhrialtas eile iarracht deireadh glan a chur leo — Comhrialtas a rinne scrios ar an Údarás féin, agus ar bhord an Údaráis, go speisialta. Creidim go dtáinig an tÚdarás slán as na cúinsí sin agus go bhfuil ceannródaíocht déanta aige ar an-chuid cúrsaí tionsclaíochta don tír seo. Tá an tÚdarás Forbartha Tionscail tar éis glacadh leis an gceannródaíocht bhunúsach seo, agus is amhlaidh freisin i gcás Rialtaisí a tháinig ó shin agus i gcás na hearnála phríomháidigh. Tá ceannródaíocht déanta acu, cuir i gcás, ar an fheilméireacht éisc agus ar an dtionscal mór atá anois againn sa tír seo a bhfuil tuilleadh forbartha ag teacht air chuile lá den tseachtain, cúrsaí feiliméireacht eisc agus cúrsaí próiseála éisc. B'shin an tionscal a ndeachaigh an tÚdarás ag plé leis tar éis go ndúirt go leor leor dena maithe móra tionslaíoch san tír nach bhféadfadh go néireodh leis, go raibh sé fíor-chostasach agus go bhféadfaí aon obair mhaith a bhí déanta ann, go bhféadfaí deireadh a chur leis an obair thar oíche dá dtiocfadh, cuir i gcás, stoirm mhór farraige. Tá ceannródaíocht déanta acu freisin ar chúrsaí theile chumarsáide agus feiceann tú comhlacht bheag ar nós comhlacht Thelemara Teoranta ar an gCeathrú Rua i gConamara atá ag déanamh ceannródaíochta sa tionscal sin ar fud an domhain, atá ag cur seirbhíse ar fáil do chomhlachtaí móra, na comhlachtaí is mó teicneolaíochta is dóiche sa domhan, agus tá siad ag fáil gradaim bliain i ndhiaidh bliana as ucht an tseirbhís sin a chur ar fáil den scoth. Sin ceannrodaíocht eile atá déanta ag Údarás na Gaeltachta.

Tá b'fhéidir an ceannródaíocht is suimiúla á dhéanamh faoi láthair ag an Údarás chomh fada is a bhaineann sé leis an tionscal fís-amharc, sin san Chomhlacht Telegael atá ar bun idir iad fhéin agus RTÉ thiar sa Spidéal. An Teachta Higgins agus mé féin thugamar cuairt ar ard oifigí Telegael agus chonaic muid caighdeán teileachumarsáide agus fís-amharc nua-aoiseach nach bhfuil b'fhéidir ar fáil in go leor áiteanna eile sa tír. Sin ceannródaíocht eile atá ar bun ag an Údarás, agus is ceannródaíocht é go bhfuil an-suim agamsa ann, mar tá a fhios againn go bhfuil ciste speisialta cumarsáide ag an gComhphobal Eorpach. Bhí mise mar ceann na hÉireann ag Comhairle na nAirí Buiséad, Dé Máirt an tseachtain seo, agus chuireamar breis airgid ar fáil don chiste chumarsáide sin, agus faigheann an tÚdarás agus Telegael airgead as an gciste sin. Tá a fhios ag na Teachtaí anseo agus agat féin, a Leas-Cheann Chomhairle, go bhfuil anois béim speisialta curtha ag an Uachtarán Mitterrand as an bhFrainc ar an dtionscal speisialta seo, agus go gcreideann seisean go bhfuil go leor le déanamh ag pobal na hEorpa lena chinntiú nach n-éireoidh leis na Meiriceánaigh nó na Seapánaigh greim dhaingean a fháil nó b'fhéidir greim níos daingne a fháil ná mar atá acu cheana ar na meáin chumarsáide. Agus mar sin, sin ceannródaíocht eile atá déanta ag an Údarás a bhfuil an chreidiúint ag dul dóibh as ucht é sin a dhéanamh.

Cuir an Teachta Higgins roinnt cheisteanna, agus déanfaidh mé iarracht, agus gan an tAire Stáit é fhéin a bheith anseo, freagra a thabhairt orthu sin. Ar dtús labhair sé faoi Choiste Airí na nOileán. Réitigh an coiste sin tuarascáil tamall ó shin a léirigh na bun riachtanais atá de dhíth ar na hoileáin éagsúla thart ar an gcósta. Tá na ceisteanna éagsúla a hardaíodh sa tuarascáil sin á meas anois ag na Ranna cuí, Roinn na Gaeltachta san áireamh, féachaint cén chaoi is fearr is féidir teacht ar réiteach na bhfadhbanna atá aitheanta sa tuarascáil, go háirithe i gcomhthéacs aon cúnamh a bheadh le fáil óna Cistí Struchtúrtha de chuid an Comhphobail.

Is cosúil go bhfuil comhrialtas de shaghas eile ar an taobh seo den Teach. D'iarr an Teachta Higgins freisin cén fáth nach bhfuil an deis á thapú le leasuithe riachtanacha a dhéanamh ar an Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, san mBille seo atá os ár gcomhair anocht. Bhuel is é cuspóir an Bhille ghearr seo ná an uasteorann le haghaidh airleacain ón bpríomhchiste a mhéadú, agus is chun na críche sin amháin a dréachtadh é. Anois maidir le leasuithe a dhéanamh ar an mbun Acht táimse sásta faoi láthair, nach bhfuil gá lena leithéid sin. Ach creidim go bhfuil dóthain cumhachtaí ann chun a chumasú don Údarás forbairt na Gaeltachta a chur chun chinn, agus caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomhmheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh.

Is féidir mar atá fhios go maith ag an Teachta Higgins le ordú ón Rialtas faoi alt a 9 den Acht — agus creidim gurb shin é atá ag teastáil uaidh anois — feidhmeanna breise a thabhairt don Údarás chun forbairt na Gaeltachta a chur chun chinn ó thaobh teanga, ó thaobh cultúir, ó thaobh sóisialachta gnéithiúlacht agus geilleagar. Ach sul ar feídir iarratas mar sin a chur faoí bhráid an Rialtais bheadh sé riachtanach don Údarás fhéin agus do Bhord an Údaráis cás iomlán a leagan amach, na lochtannaí sa gcóras faoi láthair, na bealaí len iad sin a leigheas, an costas a bheadh i gceist agus mar sin de. Go dtí seo níor leag an tÚdarás cás amach do chomhachtaí breise faoin alt sin. Níl ciste ar leith le fáil do Údarás na Gaeltachta le haghaidh cur chun cinn na Gaeilge. Is as airgead reatha an Údaráis, mar atá a fhios againn, a thugtar cabhair le haghaidh cur chun cinn na Gaeilge ar fud na nGaeltachtaí, agus is gnó don Udarás cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcoibhneas den airgead sin a chaitheann siad le haghaidh cur chun cinn na Gaeilge.

Labhair an Teachta Kenny faoi ghríosaithe tionsclaíocht an Údaráis, nach raibh siad ar aon dul le gríosaithe an Údaráis Forbartha Tionscail. Tá gríosaithe tionsclaíochta dóthaineacha, creidimse, ar fáil don Údarás le forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá deontais chaipitil acu, deontais oiliúna, deontais taighde agus forbartha, agus deontais fhostaíochta, agus deontais staidéar féidireachta, agus deontais úis. Ar ndóighe beifear sásta i gcónaí breithniú báúil a dhéanamh ar aon dréacht scéim le haghaidh gríosaithe breise tionsclaíochta má chreideann daoine go bhfuil siad san riachtanach.

Mar a rinne mé ar dtús, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh thar ceann an Aire Stáit Gallagher leis na Teachtaí ar fad a ghlac páirt san díospóireacht seo. Is maith liom a chloisteáil agus a fheiceáil go bhfuil céad faoin gcéad tacaíochta á thabhairt ag na Teachtaí don Údarás féin, go bhfuilimíd sásta leis an obair atá ar siúl agus go bhfuilimíd go léir ag tabhairt spreagtha dóibh leanúint leis an gceannródaíocht atá ar siúl acu.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Aontaíodh na Céimeanna eile a thógáil inniu.

Cuireadh an Bille tríd an gCoiste, tuairiscíodh é gan leasú agus ritheadh é.