den Aire Oideachais céad iad na hábhair sa Chúrsa Nua Sóisearach atá tosaithe i mbliana nach bhfuil aon téacsleabhair Gaeilge ar fáil fós lena n-aghaidh sna scoileanna sin a bhfuil na hábhair á múineadh trí Ghaeilge.
Written Answers. - Téacsleabhair Ghaeilge.
Go ginearálta siad an cur chuige agus an modh teagaisc is mó atá leasaithe sa Teastas Sóisearach. Fágann sin gur féidir na téacsleabhair atá ann cheana a úsáid go fóill ach iad a chur in oiriúint don bhéim bhreise atá ar an bhfoghlaim ghníomhach.
Sé ábhar go príomhdha atá i gceist go dtí seo sa Teastas Sóisearach a dtagann ceist téacsleabhair trí Ghaeilge a bheith ar fáil iontu, sé sin, staidéar gnó, stair agus tíreolaíocht, eolaíocht, ealaíon, ceardaíocht agus dearadh, Iodailís agus Spáinnis.
I gcás an staidéir i ghnó, na staire, na tireolaíochta agus na heolaíochta, tá ais-triúcháin ar théacsanna Béarla idir lámha faoi láthair ag an nGúm, Brainse Foil-seachán na Roinne.
I gcás ábhar mar ealaín, ceardaíocht agus dearadh, níl beartaithe faoi láthair leabhar a chur ar fáil a bheadh dírithe go sonrach ar an gcúrsa nua. Ní miste iniúchadh a dhéanamh ar an éileamh a bheidh ann i gcomhair leabhar san Iodailís agus sa Spáinnis.