Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Nov 1989

Vol. 393 No. 3

Written Answers. - Siollabas Scrúduithe sa Ghaeilge.

68. D'fhiafraigh

d'Aire Oideachais an bhfuil aon chinneadh déanta fós maidir le moltaí na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i dtaobh leasuithe ar shiollabas scrúduithe sa Ghaeilge san Ard-Teistiméireacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina dtaobh.

Tá ciorclán á eisiúint ag an Roinn ag cur in iúl do scoileanna céard iad na leasuithe atá a dtabhairt isteach, agus cathain a chuirfear i bhfeidhm iad.

Barr
Roinn