Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 29 Nov 1989

Vol. 393 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tuarascáil faoi Theilifís na Gaeltachta.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén uair a chuirfear Tuarascáil Údarás na Gaeltachta maidir le Teilifís na Gaeltachta ar fáil do urlabhraithe Gaeltachta na bPáirtithe san Oireachtas agus do bhaill eile an Oireachtais.

Tá socraithe agam le hÚdarás na Gaeltachta go gcuirfear cóip den tuarascáil ar fáil faoi rún d'urlabhraithe Gaeltachta na bpáirtithe polaitiúla san Oireachtas a luaithe is féidir.

Tá áthas orm é sin a chloisint. Ach tá an tuarascáil seo á plé go foscailte ar Raidió na Gaeltachta le mí, agus bhí tuairisc iomlán ar na moltaí i gceann de na páipéir náisiúnta cúig seachtaine ó shin. An bhféadfadh an tAire a rá cén fáth go bhfuil sé ina rún chomh mór sin nuair atá sí á plé ar fud na tíre le mí.

Cuireadh an tuarascáil seo ar fáil do chomhaltaí Údarás na Gaeltachta faoi rún. Fuair mé féin cóip, fuair an Taoiseach cóip. Ní bhfuair duine ar bith cóip uaimse ná ní bhfuair duine ar bith cóip ón Taoiseach. Is ceist í, mar sin, do Údarás na Gaeltachta.

D'iarr mé cóip ar Údarás na Gaeltachta cúig seachtaine ó shin. An bhféadfadh an tAire a rá an raibh treoir ag Údarás na Gaeltachta nó uaidh féin, nó ón Taoiseach, gan na cóipeanna a chur ar fáil dúinn, dom féin nó do na hurlabhraithe eile.

Seo tuarascáil a chuir Údarás na Gaeltachta ar fáil do Aire na Gaeltachta, an Taoiseach. Is tuarascáil inmheánach í seo chun cuidiú linne i Roinn na Gaeltachta, agus chun cuidiú leis an Rialtas cinneadh a ghlacadh. Táimid ag cur na tuarascála seo ar fáil do na hurlabhraithe mar áis agus mar eolas dóibh os rud é gur urlabhraithe na bpáirtithe polaitiúla iad. Beidh sé acu taobh istigh d'achar gearr.

Os rud é gur luaigh an tAire Stáit é, agus, ar ndóigh, táimid ar fad buíoch de as ucht an ghealltanas a thabhairt go gcuirfeadh sé ar fáil dúinn é chomh luath agus is féidir. Tá caiteachas i gceist, mar a léim sna páipéir, mar níl cóip den tuarascáil agamsa ach an oiread. Tá caiteachas ag baint leis an tuarascáil agus tána Meastacháin foilsithe. Nach mbeadh sé níos ciallmhaire an tuarascáil a chur ar fáil d'urlabhraithe ar nós an Teachta McGinley agus mé féin ionas go mbeimid in ann an cheist a phlé nuair a bheidh na Meastacháin á bplé againn amárach.

Le míniú eile a thabhairt, más gá, ar an fhreagra a thug mé, d'iarr an Taoiseach agus Aire na Gaeltachta ar Údarás na Gaeltachta an tuarascáil seo a chur ar fáil chun cuidiú linne cinneadh a ghlacadh maidir le seirbhís theilifíse trí Ghaeilge nó mar atáa ar an tuarascáil, teilifís na Gaeltachta.

Níl a fhios agam an dtuigeann an tAire Stáit agus an Rialtas go bhfuil suim againn go léir ar gach taobh den Teach i seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir na tíre, agus nach rud é a bhaineann le taobh amháin. Sin é an fáth go bhfuil suim againn san eolas mar go bhfuil an cheist á plé go poiblí ar fud na tíre. Sílim go bhfuil sé thar am go gcuirfí ar fáil é. Ba mhaith liom ceist amháin eile a chur: an bhféadfadh an tAire Stáit a rá cé mhéid a chosain an tuarascáil agus cé atá ag díol as?

Is í an cheist atá againn inniu, an bhfuilimid sásta an tuarascáil seo a chur ar fáil, agus is é freagra na ceiste sin, go bhfuil. Má tá ceist eile ann beidh mé lánsásta teacht isteach anseo agus freagra a thabhairt uirthi.

(Cur isteach.)

Ordú, le do thoil.

Níl a fhios agam cén áit a bhfuair sé an chóip ach b'fhéidir——

Níl sé le fáil ag urlabhraithe Gaeltachta anseo. Tá uisce faoi thalamh ar siúl ag an Aire Stáit agus ag an Taoiseach é féin. Tá sé ar eolas againn go bhfuil uisce faoi thalamh ann agus tá sé ar eolas ag gach duine sa Ghaeltacht cad é atáar siúl agaibh. Is é Údarás na Gaeltachta atá ag íoc as. Chosain sé a lán airgid agus tá an t-eolas ag teastáil uainn.

B'fhéidir gurbh fhearr dúinn fiosrúchan a dhéanamh, cad chuige a bhfuair daoine eile cóip de seo.

(Cur isteach.)

Ar aghaidh go Ceist a dó.

Barr
Roinn