Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 12 Dec 1989

Vol. 394 No. 4

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Coláistí Samhraidh Gaeilge.

11. D'fhiafraigh

den Taoiseach cad é an liúntas laethúil a íocann a Roinn i leith daltaí a dhéanann freastal ar na coláistí samhraidh Gaeilge; cad í an bhliain dheireanach ar ardaíodh an deontas; agus an bhfuil sé ar intinn an liúntas a ardú don bhliain seo chugainn.

Is é £3.10 in aghaidh an lae a d'íoc mo Roinn faoi scéim na bhfoghlaim-eoirí Gaeilge i leith gach foghlaimeora aitheanta a bhí ar iostas le mná tí Gaeltachta i mbliana agus trá an ráta sin i bhfeidhm Ó 1 Eanáir 1986. D'fhógair mé an tseachtain seo caite go raibh sé soc-raithe ag an Rialtas an deontas a mhéadú go £3.50 in aghaidh an lae ó thús na bliana 1990 — méadú de bheagnach 13 faoin gcéad.

Ar dtús, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an ardú a tugadh, deich bpingin sa lá. Sin an chéad ardú a fuair na mná tí ó 1986, ainneoin na ndeacrachtaí. An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl an raibh aon iarratas istigh ó Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh ar ardú, agus cad é an t-ardú a d'iarr siadsan.

Ní raibh aon bhrú ormsa nó ar an Rialtas fiú amháin, an t-ardú seo a thabhairt. Bhí cruinniú agam leis an choiste náisiúnta, agus caithfear a rá, nuair a bhí an ráta boilscithe thart fá 5.5 faoin gcéad tugadh ardú de deich bpingin, agus anois nuair atá an ráta boilscithe 4.5 faoin gcéad tugadh ardú de daichead pingin in aghaidh gach dalta. Maidir leis an cheist sin tugadh é sin gan bhrú, rud a léiríonn dáiríreacht an Rialtais seo faoin teanga agus an chultúr. Ach chun freagra a thabhairt ar an cheist chéanna, níl aon iarratas eile faighte agam go dtí seo.

Ag déanamh compar-áide idir an ardú de 13 faoin gcéad agus an ráta boilscithe, nach bhfuil sé sin i gceart, mar seo an chéad ardú anois le trí nó ceathair de bhlianta. An dtuigeann an tAire Stáit go gcosnaíonn sé idir £170 agus £200 sa téarma do thuismitheoirí a gcuid páistí a chur chun na Gaeltachta anois? Agus tuismitheoirí atá ar thuarastal teoranta, ní féidir leo é a dhéanamh. An bhfuil aon phleananna ann le níos mó arduithe a thabhairt sa dóigh gur féidir le gach tuismitheoir a gcuid páistí a chur chun na Gaeltachta agus gan é a bheith chomh costasach agus atá sé anois.

Níl sa chúnamh a íocann Roinn na Gaeltachta anseo ach cuid den teacht isteach a bhíonn le fáil ag na mná tí Ghaeltachta. Íocann tuismith-eoirí na ndaltaí táille le húdaráis na gcol-áistí Gaeilge agus íocann na coláistí airgead lóistín leis na mná tí as na táillí sin. Sin an méid atá againn sna Meastacháin don bhliain seo chugainn. Bímse ar fáil i gcónaí chun castáil le haon choiste le cás ar bith a phlé. Ach caithim bheith réadúil agus a rá gurb é sin an t-ardú atá sna Meastacháin don bhliain seo chugainn.

Barr
Roinn