Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Feb 1990

Vol. 395 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teilifís na Gaeltachta.

Eamon Gilmore

Ceist:

2 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Taoiseach an bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas Teilifís na Gaeltachta a bhunú; an bhfuil dáta socraithe do thús na seirbhíse; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Faoi mar is eol don Teachta, d'ullmhaigh Údarás na Gaeltachta tuarascáil chuimsitheach faoin ábhar seo tamall ó shin. Tá moltaí na tuarascála sin á scrúdú faoi láthair chomh maith le moltaí éagsúla eile atá faighte faoin gceist.

An féidir leis an Aire Stáit a rá linn cathain a bheidh an scrúdú seo críochnaithe agus cé chomh luath agus a cheapann sé go mbeidh Teilifís na Gaeltachta ar fáil do na daoine?

Tá sé deacair a rá cé chomh luath agus a bheimid ábalta a chur in iúl dáta deimhnitheach mar is ceist chasta í seo. Caithfimid na roghanna éagsúla a mheas agus a scrúdú. Táimid ag glacadh chomhairle ón Roinn Chumarsáide. Ina dhiaidh sin beimid i dteagmháil le RTÉ mar, ar ndóigh, is é RTÉ an tseirbhís chraolacháin náisiúnta agus beidh saineolas acusan chun cuidiú linne. Go dtí go mbíonn sé sin agus na roghanna go léir pléite againn tá sé an-deacair a rá.

Mar a dúirt mé go minic, nílimid ag dul a ghlacadh cinnidh díreach ar son chinnidh. Caithfimid an cás a scrúdú agus, mar sin, caithfear fanacht go dtí go mbeidh an chomhairle go léir againn.

Ó tharla go bhfuil éileamh ar an tseirbhís seo le tamall fada anois, sílim go mbeadh sé ceart ag an Aire Stáit a rá linn, cathain a bheidh sé ar fáil, i mbliana nó an bhliain seo chugainn. Ceist eile, an ndearna an tAire Stáit aon scrúdú ar an cheist, airgead a fháil ó Chomhphobal na hEorpa? Tá seans ann go mbeidh airgead de shaghas éigin le fáil de bharr gur mionteanga Eorpach í an Ghaeilge.

I dtaca leis an moladh faoin méid airgid atá ar fáil le haghaidh na mionteangacha, is dóigh go bhfuil a fhios ag an Teachta, mar bhall de Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil ansin na milliúin ECU. D'iarr mé ar Rúnaí na Roinne cruinniú a shocrú leis an gCoimisinéir Papandreou, a bhfuil freagracht na mionteangacha uirthi. Beidh mé ag castáil léi agus beidh mé ag plé, ní amháin airgead le haghaidh seirbhís theilifíse ach go leor rudaí eile chomh maith. Mar a dúirt mé, níl mé in ann a rá an mbeidh sé againn i mbliana nó an bhliain seo chugainn. Caithfimid comhairle a ghlacadh ón Roinn Chumarsáide agus ó RTÉ. Tá go leor dreamanna a bhfuil suim acu sa cheist seo. Táimid ag scrúdú moltaí ó mheitheal oibre theilifís na Gaeltachta a bhunaigh Aire na Gaeltachta agus an tAire Cumarsáide i 1987. Tá meitheal oibre theilifís na Gaeltachta ag plé le Gaeltacht na Mumhan faoi láthair agus beidh sé ag plé le Gaeltacht Thír Chonaill ag tús na bliana seo chugainn.

Tá an dearcadh go leathan ar fud na gceantar Gaeltachta anois go bhfuil géarghá le seirbhís theilifís Ghaeilge a chur ar fáil. Dá bhféadfainn é a rá, is é an Taoiseach é féin a spreag an dearcadh seo sna Gaeltachtaí, mar dúirt sé go leor uaireanta le cúpla bliain anuas, go raibh sé ar mhaithe le seirbhís a chur ar fáil, agus sílim go bhfuil an tAire agus an Rialtas ag tarraingt na gcos.

Ceist le do thoil, a Theachta.

Cuirfidh mé ceist. An é dearcadh an Rialtais, an é dearcadh an Taoisigh, an é dearcadh Aire na Gaeltachta agus Aire Stáit na Gaeltachta gur ceann de na rudaí is tábhachtaí is féidir a dhéanamh maidir le sábháil na Gaeilge agus na Gaeltachta ná seirbhís theilifís Ghaeilge a chur ar fáil? Tá nó níl. Tá mé tuirseach de tharraingt na gcos le bliain nó dhó nó trí.

Tá sé an-éasca rudaí mar sin a rá nuair atá tú sa Fhreasúra. Bhí an tionchar céanna ag an teilifís ar an Ghaeltacht agus ar an Ghaeilge cúig bliana ó shin is atá inniu, agus tá a fhios againn an méid a rinne an dream ar an taobh eile nuair a bhí siadsan i gcumhacht.

Tabhair freagra ar an gceist. Tá nó níl.

Níor chuir mise isteach ar an Teachta nuair a bhí sé ag cur na ceiste. Tá a fhios acu, agus seo an rud atá ag cur isteach orthu, gur thug an Taoiseach geallúint.

Thug sé geallúint agus níor choinnigh sé an gheallúint.

An Teachta Michael D. Higgins. Ceist dheireanach ón Teachta agus ceist ghairid, le do thoil.

Tá mé ag glacadh leis an gceart atá agam mar urlabhraí ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ceist a chur. Agus is í an cheist atá á cur agam ar an Aire Stáit ná seo: an bhfuil athrú bunúsach i bpolasaí i leith na faidhbe seo ón am ar thug an Taoiseach geallúint, is é sin, an bhfuil an Rialtas i bhfábhar theilifís Ghaeltachta fós? Nó an bhfuil siad ag smaoineamh ar rud eile, teilifís Ghaeilge? Chomh maith le sin, nach bhfuil an fhianaise theicniúil go léir a luaigh sé ina fhreagra ar fáil don ghrúpa a bhí ag obair ar an gceist. Nach é an fhírinne go bhfuil an Rialtas féin ag smaoineamh ar athrú polasaí i leith na ceiste seo.

Nílimid ag smaoineamh ar athrú polasaí. Is é an polasaí atá againn ná seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir na tíre. Tá ceithre scór míle duine sa Ghaeltacht agus tá suas le milliún duine taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu agus a bhfuil suim acu sa teanga agus sa chultúr. Anois tá ceist MMDS ann agus tá ceist RDL ann. Má bhaintear úsáid as an RDL agus an MMDS, bíonn seirbhís ar fáil do 80 faoin gcéad de mhuintir na Gaeltachta, agus, ar ndóigh, bíonn an 20 faoin gcéad eile chomh tábhachtach leis an 80 faoin gcéad.

Bíonn seirbhís ar fáil do 50 faoin gcéad de mhuintir na tíre agus an 50 faoin gcéad eile chomh tábhachtach. Is é an polasaí atá againne ná seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir na tíre go léir agus níl an t-eolas go léir againn i Roinn na Gaeltachta. Mar a dúirt mé, táimid i gcomhairle anois leis an Roinn Chumarsáide agus beimid i gcomhairle le RTÉ. Caithfear a rá, áfach, go bhfuil costas ar seo chomh maith. Níl sé éasca a rá, ach caithfear a rá agus caithfear bheith réadúil sa lá atá inniu ann. Ní deas an rud a rá go caithfear luach a chur ar an teanga agus an chultúr, ach caithfear é sin a thabhairt isteach san áireamh chomh maith. Beimid go léir ag amharc ar na roghanna go léir, agus tá roghanna éagsúla ann.

Is mian liom dul ar aghaidh go dtí ceist eile.

Barr
Roinn