Jim O'Keeffe
Ceist:125 D'fhiafraigh Mr. J. O'Keeffe den Aire Oideachais cathain a dhéanfaidh a Roinn múineadh na Gaeilge a chur ar aon chéim le múineadh na dteangacha Mór-Roinne sna hiar-bhunscoileanna.
Vol. 396 No. 1
125 D'fhiafraigh Mr. J. O'Keeffe den Aire Oideachais cathain a dhéanfaidh a Roinn múineadh na Gaeilge a chur ar aon chéim le múineadh na dteangacha Mór-Roinne sna hiar-bhunscoileanna.
Ós rud é gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta ní ionann stádas di agus na nuatheangacha. Tá oidhreacht agus cultúr na hÉireann fite fuaite inti. Dá bhrí sin caithfear cúram ar leith a dhéanamh di sna scoileanna.
Tá tionchar nach beag ar theagasc na Gaeilge ag an modheolaíocht agus ag an gcur chuige nua-aimseartha atá á gcleachtadh i gcás na nuatheangacha. Tá an cur chuige cumarsáideach á chur i bhfeidhm ar an nGaeilge (cosúil leis na nuatheangacha) sna siollabais don teastas sóisearach; beidh trialacha cluastuisceana mar chuid dílis den scrúdú don Teastas sin.
Tá siollabais na hardteistiméireachta faoi chaibidil i láthair na huaire d'fhonn iad a chur in oiriúint do chúinsí na linne seo.
126 D'fhiafraigh Mr. J. O'Keeffe den Aire Oideachais an bhfuil aon phleananna ag a Roinn chun spreagadh a thabhairt do pháistí scoile agus do dhaoine fásta chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chothú.
Chun spreagadh a thabhairt do dhaltaí scoile an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chothú tá leasú bunúsach á chur i bhfeidhm agam ar an siollabas Gaeilge sna ranganna sóisearacha de na scoileanna dara leibhéal; leasú a chuireann an bhéim ar Ghaeilge chumarsáideach. Tá leasú idir lámha ar an siollabas do na ranganna sinsearacha chomh maith. Maidir leis an siollabas Gaeilge sna bunscoileanna tá an Coiste Athbhreithnithe um Curaclam na Bunscoile ag déileáil le cúrsaí siollabais sa Ghaeilge chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh leanúnachas idir Curaclam na bunscoile agus an Curaclam sna hiarbhunscoileanna. Táthar ag súil le tuairisc ón gcoiste seo go luath. Ina theannta sin tá tacaíocht ar leith á tabhairt ag mo Roinnse do na scoileanna lán Ghaelacha.