Ar iarratas ón Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta, An tUas. Pat the Cope Ó Gallchóir, bhí cruinniú agam i nAibreán 1988, le toscaireacht a d'eagraí an tAire Stáit. B'iad na daoine a bhí ar an toscaireacht ná an tAire Stáit é féin, an tUas. Donncha O Gallchóir, an Seanadóir Nioclás Ó Conchubhair, Catríona Uí Mhealóid, Doire Longáin, Átha Buidhe, Condae na Midhe, Sorcha Curran, Siobhán, Bean Uí Chonghaile, Na Minna, Indreabhán, Contae na Gaillimhe, Maighréad, Bean Uí Ghallchobhair, Dún Luidhe, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill, Ciarán Ó Feinneadha, 40 Céidhe Bhaile Phamar, Baile Átha Cliath, 20 agus Pádraig Ceithearnaigh, 4 Árdán Clifton, Baile na Mánach, Co. Bhaile Átha Cliath.
Mhínigh mé an córas meastacháin maoine faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, maraon le meastachán maoine ó pháistí a freastalaíonn ar choláistí samhraidh, don toscaireacht. Chuir mé in iúl, freisin, dóibh go raibh fíor-bheagán cás ina raibh meastacháin ón bhfoinse seo i gceist agus go mbéinn sásta scrúdú a dhéanamh ar chás ar bith a chuirfeadh siad os mo chomhair.
Mar thoradh ar an toscaireacht tá an cheist seo a scrúdú agam agus beidh mé sásta an toradh an chuir in iúl don Teachta i gceann tamaill bhig.