Faoi mar is eol don Teachta, íocann mo Roinnse cúnamh bliantúil le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus is ceist í don chomhdháil féin a gnóthaí a reachtáil — ar a n-áirítear cóiríocht shásúil a chur ar fáil dóibh féin — leis an gcúnamh sin. Ba chóir go dtuigfí gurb í an chomhdháil féin a shocraigh ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe faoi láthair a ghlacadh ar cíos.
Tuigim go maith go bhfuil droch-chaoi ar an bhfoirgneamh sin mar thug mé cuairt air tamall ó shin. Is ceist í don chomhdháil áit níos oiriúnaí a aimsiú agus na socruithe cuí a dhéanamh ina leith. Más amhlaidh go mbeadh méadú réalaíoch uathu sa deontas bliantúil chun íoc as cíos méadaithe, bheinn sásta iarratas dá leithéid a mheas chomh báúil agus is féidir laistigh de na teorainneacha airgeadais atá ar mo Roinnse.
Ní miste a lua freisin nach bhfuil ach moladh deimhnitheach amháin faighte agam ón gcomhdháil go nuige seo maidir le malairt cóiríochta, sé sin, go gceannódh an Stát foirgneamh dóibh ar chostas £850,000. Aontóidh an Teachta liom nach moladh réalaíoch é seo agus cúrsaí airgeadais an Stáit mar atá.