Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 13 Mar 1990

Vol. 396 No. 9

Written Answers. - Seirbhís Theilifís na Gaeltachta.

Eamon Gilmore

Ceist:

56 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Taoiseach cén 20 faoin gcéad den Ghaeltacht nach mbeadh ag fáil seirbhís Theilifís na Gaeltachta, dá mbainfí úsáid as an RDL agus an MMDS; agus cén 50 faoin gcéad den tír iomlán nach bhfaigheadh an tseirbhís.

Níl sna figiúirí a bhfuil tagairt déanta dóibh ach meastacháin a luadh sa tuarascáil a réitigh Údarás na Gaeltachta faoin ábhar seo agus a bhfuil cóip de ag an Teachta. Ní fhéadfaí na ceantair sonracha nach mbeadh teacht acu ar an tseirbhís, dá mbunófaí í mar a moladh, a aithint go cruinn ag an bpointe seo.

Eamon Gilmore

Ceist:

57 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Taoiseach an bhfuil aon iarratas déanta nó á ullmhú le cur os comhair an choiste speisialta ag an CE ar a nglaofar media 92, le cúnamh a thabhairt do bhunú Theilifís na Gaeltachta.

Tuigtear dom nach bhfuil cúnamh ar fáil ón bhfoinse sin chun cabhrú le bunú stáisiúin theilifíse. Fuair Udarás na Gaeltachta cúnamh de £23,000 nó mar sin, áfach, ón gClár Media 92 chun thart ar an tríú chuid den chostas a bhain leis an staidéar a rinne siad faoi Theilifís na Gaeltachta a ghlanadh.

Barr
Roinn