Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 14 Mar 1990

Vol. 397 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Teilifís Ghaeltachta.

Michael D. Higgins

Ceist:

3 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach ar iarr sé ar Údarás na Gaeltachta tuarascáil a réiteach faoi sheirbhís teilifíse a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobail na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge trí chéile; cén dáta ar iarr sé an tuarascáil; ar cuireadh an tuarascáil ar fáil dó; cén dáta ar cuireadh an tuarascáil ar fáil; céard iad na moltaí atá sa tuarascáil; and bhfuil sé i gceist ag an Rialtas na moltaí a fheidhmiú; agus, má tá, cén uair atá sé i gceist na moltaí a fheidhmiú.

I bhFómhar na bliana 1988, iarradh ar Údarás na Gaeltachta moltaí a dhéanamh maidir le ceist na teilifíse trí Ghaeilge agus fuarthas tuarascáil faoin ábhar sin i mí Meán Fhómhair seo caite. go bhfuair sé cóip den tuarascáil mar urlabhraí a pháirtí, gur tuarascáil chuimsitheach atá i gceist agus, mar a dúirt mé mar fhreagra ar cheisteanna eile roimhe seo, ní mór í a scrúdú go mion. Tá sé sin á dhéanamh faoi láthair mar chuid den staidéar atá ar bun ag mo Roinnse, i gcomhairle leis an Roinn Cumarsáide, agus RTÉ, faoi cheist na teilifíse trí Ghaeilge i gcoitinne. Ní fhéadfainn a rá cathain a dhéanfar cinneadh críochnaitheach faoin ábhar.

Luaitear, i measc na bpríomhmholtaí, go mba chóir córas craolacháin ar leith (RBL) a bhunú ar chostas measta £2.7 milliún, go mbeadh costas measta £3 mhilliún ag baint le háiseanna don tseirbhís (talamh, foirgintí, trealamh, etc) agus go gcosnódh an tseirbhís sin £9.6 mhilliún sa bhliain le reachtáil ach é a bheith faoi lánseol (14 uair de chláracha sa tseachtain). Luaitear sa tuarascáil freisin gur beag an t-ioncam neamhspleách a bheadh ag seirbhís dá leithéid (measadh £0.5 mhilliún sa bhliain ach an tseirbhís a bheith faoi lánseol).

An féidir liom a fhiafraí den Taoiseach nó den Aire Stáit an bhfuil aon athrú polasaí i gceist ón am ar thug an Taoiseach féin geallúint i rith fheachtas an toghcháin atá thart go mbeadh scéim theilifís Ghaeltachta ann, agus go mbeadh ceannáras na seirbhíse sin lonnaithe sa Ghaeltacht?

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá difríocht idir teilifís na Gaeltachta agus teilifís na Gaeilge. B'fhearr liomsa bheith ag caint faoi TNG nó sheirbhís teilifíse do phobal na Gaeilge sa tír go léir. Níl athrú ar bith ann. Tá an Rialtas i bhfábhar na seirbhíse sin os rud é go bhfuil a fhios ag an Rialtas an tionchar atá ag an teilifís, go háirithe ar an aos óg agus ar na déagóirí. Táimid i bhfábhar seirbhís a chur ar fáil don tír go léir. Ach, mar atá a fhios ag an Teachta, is ceist chasta é seo agus tá sé anois ag an Roinn Cumarsáide agus ag RTÉ, na saineolaithe, agus caithfimid fanacht go bhfaighimid scéala uathasan.

Tá brón orm go gcaithfidh mé filleadh ar an cheist bhreise a chuir mé ar an Aire Stáit. Bhí mé ag caint ar dhá rud. Bhí an Taoiseach lánsásta geallúint a thabhairt le linn an toghcháin go mbeadh an scéim ann. Tá mé sásta glacadh leis go mb'fhéidir gur scéim náisiúnta atá i gceist. Ach an cheist díreach a bhfuil freagra uirthi ag teastáil uaim ná, an bhfuil polasaí dearfa socraithe ag an Rialtas go mbeidh ceannáras na seirbhíse nua lonnaithe sa Ghaeltacht?

An t-aon gheallúint a tugadh ná go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil don tír go léir agus, tá súil agam go n-aontaíonn gach duine leis sin. Maidir le cén áit a mbeidh an ceannáras lonnaithe, sin ceist eile agus caithfimid fanacht leis na moltaí. Mar a dúirt mé anseo go minic, braitheann sé ar go leor rudaí. Ón taobh teicneolaíochta de, tá ceist MMDS ann, bhí ceist ann faoi sin inné, agus an RBL. Táimidne i bhfábhar an tseirbhís a chur ar fáil don tír go léir, ní do 80 faoin gcéad de mhuintir na Gaeltachta agus 50 faoin gcéad de mhuintir na tíre, agus tá mé ag tabhairt an Tuaiscirt isteach san áireamh chomh maith. Níl an cheist réitithe go fóill.

Tá sé molta sa tuarascáil go bhféadfaí úsáid a bhaint as an MMDS, agus tuigim go bhfuil teora leis an méid cainéal a chuirtear ar MMDS agus nach bhfuil fágtha ach ceann amháin i láthair na huaire. B'fhéidir go bhfuil dream éigin eile ina dhiaidh, TV a Trí, b'fhéidir. An mbeidh socrú go luath déanta faoin sórt seirbhíse atá i gceist sa dóigh is gur féidir é a chur ar fáil do theilifís trí Ghaeilge sula dtugtar d'aon dream eile é. Tuigim go bhfuil sé anriachtanach go ndéanfaí socrú gan mhoill.

Tá RTÉ freagrach don Roinn Cumarsáide agus tá an Roinn Cumarsáide ag plé na ceiste seo le RTÉ faoi láthair. Chomh luath agus tá moltaí faighte againn beimid sásta cinneadh a ghlacadh. Glacaim leis an bpointe atá déanta ag an Teachta agus cuirfear sin san áireamh chomh maith.

An nglacann an tAire Stáit gur deacair scéim theilifís na Gaeltachta a thabhairt ar an tseirbhís nua murar rud é go mbeadh ceannáras na seirbhíse nua lonnaithe sa Ghaeltacht? Agus má ghlacann sé leis an méid a dúirt an Teachta McGinley, agus is é sin go gcaithfidh b'fhéidir rogha a dhéanamh idir TV a Trí agus scéim theilifís na Gaeltachta. Más rud é go mbeidh deacrachtaí roimh theilifís na Gaeltachta faoin MMDS, cén fáth nach mbeadh na deacrachtaí céanna san áireamh faoi theilifís a Trí?

Mar a dúirt mé, beidh na moltaí ag teacht romhainn agus geallaim duit, má ghlactar cinneadh gan é seo a phlé leis an Roinn Cumarsáide agus RTÉ, bheadh daoine ag teacht isteach anseo agus ag bagairt orainn chomh maith, gur ghlacamar cinneadh gan an t-eolas bheith againn. Tá sé acusan agus caithfimid éisteacht leo. Chomh luath agus a bhíonn na moltaí ann tabharfar é sin go léir isteach san áireamh. Tá daoine ag rá go mbeidh sé ró-mhall. D'iarramar moltaí agus fuaireamar tuarascáil. Tá tús curtha leis seo agus tá geallúint tugtha. Níor athraigh an scéal mórán ó 1982. Bhí an t-éileamh céanna ann ach ní raibh an tsuim chéanna ann.

Cad atá á dhéanamh agat le trí bliana anuas?

Tá mé ag dul ar aghaidh go dtí ceist a ceathair.

Barr
Roinn