Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 27 Mar 1990

Vol. 397 No. 5

Written Answers. - Feabhsúcháin do Ghairmscoil i gContae na Gaillimhe.

Michael D. Higgins

Ceist:

175 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais an bhfuil cinneadh dearfa déanta aici airgead a chur ar fáil chun na feabhsúcháin atá riachtanach agus práinneach ag gairmscoil Cholm Cille in Indreabhán a thosú; agus cathain a thosóidh an obair ar an scoil.

Cosúil le gach tionscnamh tógala do scoileanna atá a phleanáil faoi láthair, tá cás Ghairmscoil Cholm Cille a athbhreithniú i gcomhthéacs líon na ndaltaí is féidir a bheith ag súil leis sa cheantar go gearrthéarmach agus go fadthéarmach. Chomh luath is a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe, tiocfar ar bhreith maidir le hiarratas togála na scoile.

Barr
Roinn