Michael D. Higgins
Ceist:2 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an raibh aon teagmháil, go díreach nó go hindíreach, ag a Roinn le RTÉ go fóil faoi thuarascáil Údarás na Gaeltachta maidir le Teilifís na Gaeltachta; ar chuir RTÉ moltaí ar fáil maidir leis an tuarascáil; má chuir, cérbh iad na moltaí a cuireadh ar fáil; agus an bhfuil sé i gceist anois ag an Rialtas gníomhú dá réir.