Tuigim an dushlán oideachais atá le sárú ag oidí a bhfuil idir dhaltaí Gaeltachta agus dhaltaí ó lasmuigh den Ghaeltacht sna ranganna acu.
Go hiondúil úsáidtear an Ghaeilge mar theanga theagaisc sna scoileanna Gaeltachta. Déantar gach iarracht an líofacht a thabhairt do dhaltaí a thagann ó theaghlaigh ina labhraítear Béarla a chuirfeadh ar a gcumas tairbhe a bhaint as scoilaíocht trí Ghaeilge.
Is iad na príomhoidí agus na hoidí lena dtuiscint ghairmiúil ar an scéal is fearr a réitíonn an cheist teanga agus bíonn comhairle le fáil ó na cigirí a thuigeann na tosca áitiúla.
Ag an bpointe seo ba mhaith liom a rá gur reachtáil cigíri ón Roinn cúrsaí inseirbhíse d'oidí sa Ghaeltacht ó 1985 i leith agus pléadh na ceisteanna seo faoi theanga agus faoi théacsleabhar go hiomlán iontu. Tá an-chreidiúint ag dul do na hoidí as gasraí staidéir a bhunú tar éis na gcúrsaí seo chun cúrsaí curaclaim sa Ghaeltacht a fhorbairt.