Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 May 1990

Vol. 399 No. 4

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Cláir Ghaeilge Teilifíse.

Dinny McGinley

Ceist:

4 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach cén méid airgid a cuireadh ar fáil do Roinn na Gaeltachta ón gcrannchur náisiúnta do chláir Ghaeilge theilifíse, cén uair a cuireadh an t-airgead ar fáil agus cad air a caitheadh an t-airgead.

I 1987 cuireadh £500,000 ar fáil ó fháltais an chrannchuir náisiúnta le húsáid ar scéim phíolóta do chláracha teilifíse as Gaeilge. Níor caitheadh an t-airgead sin fós.

Tá a fhios againn go léir an easpa mhór chláir theilifís Ghaeilge atá ann. An bhféadfadh an tAire aon chúis a thabhairt, cén fáth go bhfuil moill chomh mór sin ann an t-airgead a chaitheamh ar chláir a bhfuil éileamh mór orthu?

B'fhearr liomsa teacht isteach sa Teach agus a rá nach raibh an t-airgead caite againn ná é a chaitheamh ar son é a chaitheamh. Tá a fhios ag an Teachta gur iarr an Taoiseach, thart faoin am sin, moltaí ar Údarás na Gaeltachta, agus tá sé seo fite fuaite leis an chineál córais a bheidh i gceist. Ní féidir liomsa a rá cé chomh luath agus a bheidh an t-airgead seo á chaitheamh go dtí go mbíonn eolas faoin chineál córais a bheith ar fáil againn.

Ní shílim gur freagra sásúil é sin ar chor ar bith. Tá leathmhilliún punt curtha ar fáil le trí bliana do chláir Ghaeilge. Níl aon chláir Ghaeilge á ndéanamh agus tá comhlachtaí ansin a bhfuil sé ar a gcumas iad a dhéanamh. An bhféadfadh an tAire an t-airgead a thabhairt do na comhlachtaí leis na cláir a dhéanamh do phobal óg na tíre seo.

Ní dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil sé seo ag cur bac ar chomhlachtaí neamhspleácha cláir den scoth a dhéanamh. Tá go leor acu ann, agus molaim na comhlachtaí sin atá ag cur cláir ar fáil. Soláthríodh t-airgead le húsáid ar scéim phíolóta do chláir theilifíse, mar a dúirt mé, agus tá sé fite fuaite leis an chóras atá ar intinn againn. Chomh luath agus a ghlacfar cinneadh maidir le ceist sheirbhís teilifíse trí Ghaeilge, beidh mé ábalta an cinneadh a ghlacadh ansin.

An cheist dheireanach.

Cuireadh suim speisialta ar fáil ón gcrannchur náisiúnta le scéim phíolóta a chur ar bun. An bhfuil sé ar intinn é sin a dhéanamh nó nach bhfuil? Níl sé fite fuaite le teilifís na Gaeltachta, mar is ceist eile é sin a mbeidh muid ag caint air arís. Táimid ag caint ar an scéim phíolóta. An bhfuil sé ar intinn dul ar aghaidh leis nó nach bhfuil? Cá bhfuil an t-airgead? An bhfuil sé beartaithe é a thabhairt ar ais don chrannchur náisiúnta, nó an scéim phíolóta a chur ar bun?

Níl sé ar intinn é a thabhairt ar ais. Tá an t-airgead againn, agus ní chaithfear é go dtí go mbeidh cinneadh glactha maidir le seirbhís theilifíse trí Ghaeilge.

Barr
Roinn