Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 12 Jun 1990

Vol. 399 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deontais do Irisí agus do Nuachtáin.

Michael D. Higgins

Ceist:

3 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach céard iad na hirisí agus na nuachtáin a fuair cúnamh deontais ó Roinn na Gaeltachta i 1989; cé mhéad deontais a fuair gach ceann acu; cén áit a bhfoilsítear iad agus cén díolaíocht atá ag gach ceann acu.

Tá an t-eolas i dtaobh na bhfoilseachán ar leith i bhfoirm tábla agus cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Tábla

Foilseachán

Áit Fhoilsithe

Meán-díolachán an eagráin de réir na Bhfoilsitheoirí

Iomlán a íocadh i 1989

£

Agus

Corcaigh

300

5,700

Anois

Baile Átha Cliath

4,500

152,500

An Gael Óg

Baile Átha Cliath

5,000

2,400

An Sagart

Máigh Nuad

850

1,400

An Timire

Baile Átha Cliath

1,800

1,800

An tUltach

Béal Feirste

1,300

7,150

Feasta

Corcaigh

630

5,400

Tír na nÓg

Baile Átha Cliath

7,000

4,050

Comhar

Baile Átha Cliath

1,500

10,700

Ní féidir liom glacadh leis an fhreagra atá tugtha ag an Aire Stáit agus, os rud é go bhfuil daoine ag cur ráiteas eile isteach, tá dóchas agam fós, sara dtiocfaidh deireadh le mo thréimhse sa Teach seo, go mbeidh ar chumas Thaoiseach na hÉireann, an Teachta ó hEochaidh, ceist amháin i nGaeilge a fhreagairt sara n-imíonn sé as oifig mar Aire na Gaeltachta.

Ag tagairt don cheist, tá sé ráite ag an Aire Stáit go bhfuil an t-eolas foilsithe. Níl sé, mar shampla, ar cheist 3. Chuir mé an cheist, cén áit a bhfoilsítear na hirisí agus na nuachtáin éagsúla. Níl an t-eolas sin sa tábla a luaigh sé, agus chomh maith leis sin, níl an t-eolas faoin díolaíocht atá ar gach ceann acu sa tábla ach an oiread. Mar sin, tá mé ag cur na ceiste arís ar an Aire Stáit, an bhfuil sé sásta an cheist iomlán a fhreagairt nó nach bhfuil?

Dúirt mé — b'fhéidir nár chuala tú mé — go bhfuil an t-eolas faoi na foilseacháin anseo i bhfoirm tábla agus cuireadh timpeall inniu iad. Cuirfidh mé an t-eolas ar fáil am ar bith, agus má tá an t-eolas uait anois tabharfaidh mé duit é. Seo a leanas na hirisí agus na nuachtáin, agus an deontas a fuair siad: Agus, £5,700; Anois, £152,500; An Gael Óg, £2,400; An Sagart, £1,400; An Timire, £1,800; An tUltach, £7,150; Feasta, £5,400; Tír na nÓg, £4,050; Comhar, £10,700.

Caithfidh mé cloí leis an cheist a chuir mé síos. Tá mé sásta glacadh leis ón Aire Stáit go bhfuil sé ar intinn aige an t-eolas a thabhairt inniu. Tá dhá ghné breise ann, ná, cén áit a bhfoilsítear na hirisí éagsúla agus, chomh maith leis sin, an díolaíocht atá ar gach ceann acu. Tá mé sásta fanacht má tá an t-eolas ar fáil inniu. Ach an cheist dheireanach a ba mhaith liom a chur air ná, nach gcuireann sé imní air féin agus ar Aire na Gaeltachta nach bhfuil irisí curtha i gcló agus ar fáil sa Ghaeltacht, agus an bhfuair sé aon iarratas ó aon dream atá lonnaithe sa Ghaeltacht maidir le hiris nó nuachtán a chur ar fáil.

Beidh an t-eolas go léir ar fáil ag an Teachta. Maidir leis an cheist faoi nuachtán nó iris Ghaeltachta, níl a leithéid ann fós, agus níl aon mhioneolas agam faoin iarratas atá faoi chaibidil ag an Teachta. Déanfaidh mé fiosrú faoi, áfach, agus cuirfidh mé an t-eolas chuige chomh luath agus a fhaighim an t-iarratas.

Barr
Roinn