Dúirt mé go bhfuil cuóta de 3 faoin gcéad leagtha síos i leith daoine le míchumas ach caithfear a rá nach bhfuil 3 faoin gcéad díobh siúd atá ag obair le hÚdarás na Gaeltachta míchumasach; tá an tÚdarás faoin chuóta. Ach tá sé á chur in iúl agamsa don Údarás go bhfuil iachall orthu glacadh leis seo. Cé go bhfuil iachall ar an Údarás ní féidir choinníoll a chur ar thionsclóirí nuair a bhíonn siad ag tabhairt deontas dóibh. Ceapaim féin, áfach, gur maith an moladh é sin agus molaim go poiblí inniu gur cheart do thionsclóirí 3 faoin gcéad de na jabanna a chur i leataobh le haghaidh daoine le míchumas.
Maidir leis an cheist eile, tá sé seo á plé anois idir Access agus an duine atá taobh thiar de sin, duine as paróiste an Teachta féin, an tUasal Ó Baoill. Tá sé socraithe anois go mbeidh siadsan i gcomhairle leis an Institiúid Náisiúnta Athshlánaithe ar leagan amach monarcha áirithe, go príomha, le foirgnimh atá lonnaithe ar an eastát tionscail i nGaoth Dobhair. Tá sé seo tábhachtach don tír go léir ach tá sé ag obair ar scéim phíolótach i dtosach agus tá sé socraithe cruinniú a eagrú le Access agus leis an Institiúid Náisiúnta Athshlánaithe chun cás na ndaoine le míchumas a ardú ionas go mbeidh deis acu é seo a phlé go leanúnach agus go mbeidh siad ábalta teacht ar ais chuig an Údarás agus a chur ina luí orthu cad é mar atá ag éirí leo.
Beidh, mar a dúirt mé, cruinniú le bainisteoírí na dtionscal éagsúl i dTír Chonaill ar siúl i mí Mheán Fómhair i mbliana agus beidh cainteanna againn ina dhiaidh sin. Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta — is dócha go bhfuil a fhios aige mar bhall den chomhairle contae — go bhfuil £20,000 á chur ar fáil do Access i mbliana agus ghlacamar le moltaí Access. B'fhéidir nach mórán é£20,000, ach, má bhíonn easnamh cúpla punt orthu beimidne breá sásta cuidiú leo.