Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Jul 1990

Vol. 401 No. 1

Written Answers. - Gairmscoil Lán-Ghaelach i nDún na nGall.

Dinny McGinley

Ceist:

116 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil iarratas faighte ina Roinn le breis áiseanna a chur ar fáil do Ghairmscoil lán-Ghaelach Bhéal an Átha Mór i nDún na nGall; cad iad na háiseanna atá i gceist agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina dtaobh.

Tá tairiscint ón gCoiste Gairmoideachais Dhún na nGall faighte ag mo Roinn chun suíomh a cheannach agus chun tuilleadh áiseanna a sholáthar do Adhmadóirheacht, Eacnamaíocht Bhaile agus Eolaíocht ag an nGairmscoil i mBéal an Átha Mór.

Tá an tairiscint sin á scrúdu faoi láthair agus cuirfear scéala i dtaobh na breithe a sroisfear go dtí an coiste chomh lánluath agus is féidir.

Barr
Roinn