Aontaím leis an Teachta go bhfuil fadhb mhór ansin, fadhb dhífhostaíochta agus fadhb na himirce, agus go bhfuil níos mó eolais agam. Ach caithfear a rá go mbíonn coimhlint idir an Údarás agus an Údarás Forbartha Tionscail i dtíortha eile, go mbíonn coimhlint eatarthu nuair a bhíonn siad ag iarraidh tionsclóirí a mhealladh chuig an tír seo agus chuig an Ghaeltacht go háirithe. Ní dóigh liomsa go mbímid ag cuidiú leis an fheachtas sin atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta má táimid chun an cheist seo a phlé go poiblí anseo. Níl cinnteacht ar bith ann go fóill.
Mar a dúirt mé, bíonn comhráití agus idirbheartaíocht ar siúl ag Údarás na Gaeltachta go leanúnach faoi Ghaeltacht Dhún na nGall agus na Gaeltachtaí éagsúla. Tá súil agam go dtuigfidh an Teachta McGinley an rúndacht atá ag baint le cásanna mar seo. Táimid ag iarraidh cuidiú le hÚdarás na Gaeltachta agus nuair atá údaráis i dtíortha eile ag coimhlint linn, ní shílim go bhfuilimid ag cuidiú, mar a dúirt mé, má bhíonn an cheist á plé go poiblí.