Dinny McGinley
Ceist:13 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil aon socrú déanta ag an Rialtas maidir le seirbhís teilifíse Gaeltachta a bhunú.
Vol. 402 No. 5
13 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil aon socrú déanta ag an Rialtas maidir le seirbhís teilifíse Gaeltachta a bhunú.
Tá na moltaí go léir a fuarthas faoin ábhar seo á scrúdú go fóill agus déanfar cinneadh críochnaitheach, a chuirfidh na riachtanais go léir san áireamh, a luaithe is féidir.
Tá sé cúig mhí ó bhí an cheist seo againn sa Dáil cheana féin agus bhí na moltaí go léir á scrúdú ag an am sin. An bhfuil aon dul chun cinn déanta ó mí Iúil seo caite?
Mar a dúirt mé san bhfreagra, tá na moltaí go léir á scrúdú go fóill agus tá súil agam go mbeimid in ann cinneadh a ghlacadh roimh dheireadh na bliana seo nó go luath san athbhliain.