Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Dec 1990

Vol. 403 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cuideachtaí i nDún na nGall.

Dinny McGinley

Ceist:

4 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an eol dó faoi na deacrachtaí atá ag comhlachtaí (sonraí tugtha) i nDún na Gall; agus an bhféadfaidh sé ráiteas a dhéanamh ina dtaobh.

Is eol dom go bhfuil deacrachtaí ag na cuideachtaí i gceist agus tá gach is féidir á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta chun an dá thionscal ar leith a chur ar bhonn slán d'fhonn an fhostaíocht iontu a chaomhnú oiread agus is féidir. Tá moltaí ar leith a fuarthas ón Údarás san dá chás á mbreithniú i láthair na huaire agus táthar ag súil leis go ndéanfar cinneadh ina dtaobh go luath.

Mar is eol don Aire Stáit, nó mar a dúirt sé féin, ní amháin gur cúis imní don Údarás cad atá ag dul ar aghaidh ansin, ach gur cúis imní don phobal sa cheantar Gaeltachta. An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl én uair a fuair a Roinn tairiscintí ón Údarás maidir leis na tionscail seo, agus én uair go díreach a dhéanfar cinneadh? Tuigim go bhfuil ceann de na moltaí istigh le naoi mí ar a laghad. Cad é an mhoill agus én uair a bheidh cinneadh á dhéanamh mar tá sé an-tábhachtach don fhostaíocht sa cheantar sin?

Níl mé ábalta a rá go baileach én uair a fuarthas é seo. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis na cuideachtaí seo i gContae Dhún na nGall agus ní féidir liom a rá én fhad os rud é go bhfuil na sonraí tugtha. Tá 52 dhuine i monarcha amháin agus b'fhéidir 47 nduine, idir lánaimseartha agus pháirttaimseartha, sa cheann eile, agus tuigim é chomh tábhachtach agus cé chomh práinneach is atá sé seo agus déanfaidh mé mo dhícheall cinneadh a ghlacadh go han-tapa.

Barr
Roinn