Glacaim leis gur fadhb í, fadhb na difhostaíochta agus na himirce. Thug mé cuairt ar an Ghaeltacht sin agus ar beagnach gach uile paróiste ansin agus tá na fadhbanna céanna againn ar fud na nGaeltachtaí go léir, tionsclóirí a mhealladh go dtí iarthar na hÉireann. Ach tá an Rialtas ag déanamh, i mo thuairimse, sárobair, os rud é go bhfuil atmasféar geilleagrach cruthaithe anois ag an Rialtas, os rud é go bhfuil an t-ús íseal agus an ráta boilscithe íseal, agus go bhfuil muinín ag tionsclóirí as an Rialtas. Sin an rud is tábhachtaí agus tá sé sin déanta. Chomh maith leis sin tá ardú 70 faoin gcéad is é sin, ó £13.8 milliún go dtí £19.1 mhilliún, curtha ar fáil i bhfoirm deontas d'Údarás na Gaeltachta i mbliana. Sin an méid atá á déanamh againn agus leanfaidh mise ar aghaidh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta chun jabanna a chruthú.