Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Mar 1991

Vol. 406 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Téilifís na Gaeltachta.

Michael D. Higgins

Ceist:

8 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach cé mhéad airgid a chosain an tuarascáil a réitigh Údarás na Gaeltachta dar teideal Teilifís na Gaeltachta; cé mhéad de sin a íocadh le RTÉ as comhairle theicniúil agus cé mhéad a íocadh leis an gcomhlacht Stokes Kennedy Crowley as comhairle airgeadais a chur ar fáil.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur íocadh £20,300 le Stokes Kennedy Crowley ach níor íocadh aon airgead le RTE as an gcomhairle theicniúil a chur siad ar fáil. Fuarthas deontas 30,000 ECU (£23,000 nó mar sin) ón gComhphobal Eorpach mar chabhair chun cuid den chostas a ghlanadh. D'fhéadfaí luach a chur ar an obair a rinne feidhmeannaigh an Údaráis leis, ar ndóigh.

An nglacann an tAire Stáit leis go bhfuil an costas iomlán a bhaineann leis an tuarascáil faoi theilifís Ghaeltachta chomh hard le £70,000? Agus má tá £70,000 caite ar an tuarascáil agus más rud é go bhfuil sé ag Aire na Gaeltachta, an Taoiseach, ó mhí Mheán Fómhair 1989, cad é an stádas atá ag baint leis an tuarascáil faoi láthair, mar shampla, i gcomhréir leis an meamram gearr a cuireadh isteach chuig Roinn na Gaeltachta le déanaí ag beirt neamhspleácha?

Luaigh mé an costas £20,300 a íocadh leis an gcomhlacht sin ach caithfear a chur san áireamh go bhfuaireamar cuidiú ón gComhphobal Eorpach — £23,000 nó mar sin. Chomh maith leis sin caithfear costas a chur ar an méid a rinne feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta. Mar sin, is dócha gur féidir a rá go raibh costas thart ar £60,000 air seo agus go bhfuaireamar deontas £20,000. Maidir le stádas na tuarascála, nior iarr an Taoiseach ar Údarás na Gaeltachta tuarascáil a chur ar fáil; d'iarr sé moltaí uatha. Cuireadh tuarascáil ar fáil agus caithfear a rá go bhfuil sé ina chuidiú mór againn.

Os rud é go bhfuil Feachtas Náisiúnta Theilifís na Gaeltachta ann agus go bhfuil tacaíocht le fáil ag an fheachtas ó 18 eagraíochtaí, agus Conradh na Gaeilge ina measc siúd, an nglacann an tAire Stáit leis go mbeadh sé an-díchéillí ar fad gan glacadh leis an tuarascáil seo a chosnaigh an méid seo airgid, agus cad é an fáth nach bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas glacadh leis na moltaí. An bhfuil na moltaí á gcur ar leataobh faoi láthair nó an bhfuil glactha leis na moltaí i gcomhréir leis an meamram a cuireadh isteach le déanaí?

Táimid breá sásta moltaí a fháil ó dhaoine nó ó eagraíocht ar bith. Geallaim don Teachta, agus thug mé an gealltanas seo cheana, go mbeidh na moltaí sin go léir á scrúdú againn. Níl mise freagrach as an méid a deir daoine go príobháideach nó go poiblí, ach cuirimid na moltaí go léir san áireamh agus, i ndeireadh báire, is é an Rialtas a bheidh ag déanamh an chinnidh seo, ní daoine príobháideacha.

An féidir leis an Aire Stáit a dheimhniú sa Dáil an rud a dheimhnigh an Taoiseach ag an Ard-Fheis cúpla seachtain ó shin, go mbeidh seirbhís teilifíse trí Ghaeilge ann an bhliain seo chugainn?

Sin ceist eile.

Ní dóigh liom gur gá dom freagra a thabhairt ar an gceist sin. Má thug an Taoiseach freagra air sin go poiblí is cinnte go gcomhlíonfaidh sé an gealltanas sin.

Barr
Roinn